Eolas fúinn
Tá rúnaíocht COTER freagrach freisin as clár oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir le Grúpáil Eorpach um Chomhar Críche (GECC) agus as bainistiú Ardán GECC, rud a thugann le chéile ionadaithe polaitiúla agus teicniúla ó na GECCanna uile atá ann agus atá á dtógáil.
Déanann Coimisiún COTER maoirseacht ar an Ardán um Chomhar Trasteorann Eorpach, a thugann gníomhaithe le chéile atá páirteach sa chomhar trasteorann san Eoraip. Faoin ardán sin, is féidir le geallsealbhóirí trasteorann teacht le chéile agus cúinsí agus riachtanais uathúla na bpobal teorann a phlé, rud a chuireann ar a gcumas teagmháil a bheith acu le hinstitiúidí an Aontais trí mheán CnaR.
Sa bhreis air sin, tá Coimisiún COTER freagrach as Measúnuithe Tionchair Chríochaigh CnaR. Sna Measúnuithe Tionchair Chríochaigh cuirtear anailís ar fáil do rapóirtéirí CnaR ar an tionchar críochach a d’fhéadfadh a bheith ag tograí reachtacha an Aontais.
Maidir le gníomhaíochtaí comhpháirteacha idir CnaR agus an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) – i réimsí amhail cáilíocht na hinfheistíochta poiblí, an dílárú nó an fhorbairt réigiúnach, uirbeach agus críochach– is é Coimisiún COTER a bhainistíonn iad chomh maith. Is é príomhchuspóir an chomhair sin an t-idirphlé polaitiúil idir ECFE agus rialtais áitiúla agus réigiúnacha an Aontais a threisiú agus, i ndeireadh na dála, feabhas a chur ar bheartais phoiblí a chothaíonn an fholláine eacnamaíoch agus shóisialta.