An Mheitheal um an Úcráin

Is éard a dhéantar tríd an Meitheal go neartaítear an caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin trí chomhaltaí CnaR, na hinstitiúidí Eorpacha agus ionadaithe ó chathracha, ó réigiúin agus ó údaráis áitiúla na hÚcráine a thabhairt le chéile. Cuireann an Mheitheal an t-idirphlé agus an comhar chun cinn, rud a chuireann le hobair Choimisiún CIVEX agus le hobair chomhairleach an Choiste. Bunaíodh an Mheitheal um an Úcráin an 6 Aibreán 2020, ar beart é a d’eascair as obair an Tascfhórsa don Úcráin a cruthaíodh an 12 Feabhra 2015.

European Union / Fred Guerdin

Ar an leathanach seo

Ról

Déanann an Mheitheal faireachán ar an méid atá ag titim amach san Úcráin. Tá béim ar leith ar lánpháirtiú na tíre sin san Aontas Eorpach, ar athchóirithe a bhaineann leis an dílárú, ar an bhfothú acmhainneachta sna húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, ar chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le ballraíocht na tíre san Aontas Eorpach agus ar reachtaíocht na tíre a chur i gcomhréir le acquis an Aontais. Lena chois sin, is féidir leis an Meitheal comhairle a chur ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha na hÚcráine agus iad ag dul i ngleic le hiarmhairtí ionradh na Rúise, leis an téarnamh agus leis an bpróiseas athchóirithe.

Comhdhéanamh

Antje Grotheer (DE/PSE, Uachtarán Pharlaimint Stáit Bremen) ina cathaoirleach ar an Meitheal. 13 chomhalta de CnaR (agus aon bhreathnóir amháin) atá uirthi agus is féidir 13 chomhalta eile / chomhalta malartacha a chur ina n-ionad. Féach comhaltaí na Meithle.

Cruinnithe

Tagann an Mheitheal le chéile faoi dhó sa bhliain, uair amháin sa Bhruiséil mar chuid de Lá an Mhéadaithe agus uair amháin eile san Úcráin.

Na hilmheáin

Doiciméid