Ar an leathanach seo

Aitheasc ar Staid na Réigiún agus na gCathracha

‘Léirítear sa tuarascáil bhliantúil seo na deacrachtaí atá roimh ár bpobail agus ár gcríocha agus an brú atá orthu – ach aithnítear inti freisin uaillmhian, ceannaireacht, cruthaitheacht agus cumas nuálaíochta. Léiríonn sí an chaoi a bhfuil an Beartas Comhtháthaithe ag cabhrú linn an Eoraip a choinneáil láidir ón taobh istigh. Is é an beartas sin an uirlis chobhsaíochta is nithiúla, is díláraithe agus is fadtéarmaí san Eoraip, a nascann le chéile muid trí luachanna agus trí infheistíochtaí comhroinnte i dtodhchaí a chéile. Is é straitéis athléimneachta na hEorpa é. Leis an togra buiséid nua, tá baol ann go ndéanfar náisiúnú air, go ndéanfar é a dhíchistiú, agus go ndéanfar é a dhícheangal ón mBruiséil, rud a chuirfidh iallach ar réigiúin agus ar fheirmeoirí dul i gcomórtas le haghaidh acmhainní ar nós sa leabhar ‘The Hunger Games’. Sin an fáth a bhfuilimid go léir ag obair ar mhaithe le todhchaí an chomhtháthaithe.’

Kata TÜTTŐ, Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

An 13 Deireadh Fómhair 2025, d’fhoilsigh Coiste Eorpach na Réigiún an séú heagrán dá Thuarascáil Bhliantúil maidir le Staid na Réigiún agus na gCathracha. Tugann an tuarascáil seo léargas cuimsitheach ar na dúshláin is práinní atá roimh chríocha na hEorpa, mar aon le réitigh áitiúla a threoraíonn cinntí beartais do thodhchaí an Aontais.

Le linn oscailt Sheachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha, thug Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún, Kata TÜTTŐ, aitheasc inar labhair sí faoi ‘Staid na Réigiún agus na gCathracha’, agus í ag tagairt do thorthaí na tuarascála bliantúla.

I gcomhréir le tosaíochtaí polaitiúla nua CnaR le haghaidh 2025-2030, déantar breithniú i dtuarascáil bhliantúil 2025 ar an dearcadh atá ag na réigiúin agus na cathracha ar an ngéarchéim aeráide agus fuinnimh, ar an aistriú déimeagrafach, ar na riachtanais infheistíochta, ar a n-iomaíochas amach anseo agus ar a n-ullmhacht do ghéarchéimeanna amach anseo. Leagann sé béim freisin ar an ról lárnach atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le claochluithe fadtéarmacha na hEorpa a chur i gcrích agus maidir le hAontas níos comhtháite, níos athléimní agus níos dlúithe a thógáil.

decorative

©An tAontas Eorpach / Vincent Duterme

© An tAontas Eorpach / Octavian Carare

I measc na ndúshlán atá ag teacht chun cinn, i mbliana, is cúis imní atá ag dul i méid í an tithíocht i measc na saoránach agus dá gcathracha agus dá réigiúin araon. Mar a léirítear sa tuarascáil bhliantúil, is dúshlán struchtúrach é an dúshlán tithíochta a chuireann isteach ar an gcomhtháthú críochach, an t-iomaíochas eacnamaíoch agus folláine na milliún saoránach Eorpach.

Ina theannta sin, i mbliana, tá foilsiú na tuarascála bliantúla i gcomhthráth leis an díospóireacht ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) do 2028-2034. Sa chomhthéacs sin, tá CnaR réidh chun tacú le buiséad lena gcumhachtaítear na réigiúin agus na cathracha, lena dtreisítear an dlúthpháirtíocht chríochach, agus lena gcinnteofar nach bhfágfar aon áit ná aon duine ar lár. Ag an am céanna, leagann an Coiste béim freisin ar an mbaol a bhaineann le hathnáisiúnú agus lárú bheartais an Aontais, go háirithe maidir le cistiú comhtháthaithe agus tá sé ag iarraidh go dtógfar Aontas ón mbun aníos – ina mbeidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ní hamháin ina bhfeidhmeoirí ach ina gcomhchruthaitheoirí ar thodhchaí na hEorpa.

Príomhphointí Thuarascáil Bhliantúil 2025 an Aontais

Féach ar na naoi bpríomhphointe ó Thuarascáil Bhliantúil 2025 an Aontais maidir le Staid na Réigiún agus na gCathracha. Tabhair faoi deara gur i mBéarla amháin atá an scéal digiteach ar fáil. 

© An tAontas Eorpach / Octavian Carare

Foilseacháin

Baraiméadar Réigiúnach agus Áitiúil 

Sa suirbhé Flais-Eorabharaiméadair, arna choimisiúnú ag Coiste Eorpach na Réigiún agus arna dhéanamh ag Ipsos, bailítear léargais ó bhreis agus 3 300 polaiteoir réigiúnach agus áitiúil de chuid an Aontais a dhéanann ionadaíocht ar an iomaí cineál toghcheantair ar leibhéil éagsúla rialtais. 

Cuireann an suirbhé ardán ar fáil do cheannairí áitiúla – roinnt mhaith acu nach bhfuil baint acu le CnaR fiú – chun a dtuairimí agus an t-eolas atá acu a chur in iúl maidir le cistiú ón Aontas, tosaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta, agus gníomhaíochtaí a dhéanann údaráis áitiúla mar fhreagairt ar ghéarchéimeanna agus ar an athrú aeráide. 

Gheobhaidh léitheoirí achoimre amharcléirithe ar thorthaí uile-Aontais i mBéarla, mar aon le bileoga eolais a bhaineann go sonrach le tír ar leith ina gcuirtear sonraí náisiúnta i gcomparáid le meán an Aontais, atá ar fáil i ngach teanga oifigiúil.

Na heagráin a bhí ann roimhe seo