Ar an leathanach seo

The state of regions of Europe, as the state of Europe itself, is no other than the state of its people.
President Vasco Alv​​es Cordeiro

An 9 Deireadh Fómhair 2023, d’fhoilsigh Coiste na Réigiún Tuarascáil Bhliantúil an Aontais Eorpaigh maidir le Staid na Réigiún agus na gCathracha. Tugtar spléachadh sa Tuarascáil ar na dúshláin is práinní atá roimh na réigiúin agus na cathracha ar fud na hEorpa, chomh maith le réitigh ón bpobal chun cinntí faoi bheartas an Aontais a threorú.

Tugtar léargas inti ar an gcaoi a dtéann na réigiúin agus na cathracha i ngleic le géarchéimeanna, mar shampla géarchéimeanna aeráide nó cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Léirítear inti an chaoi a gcabhraíonn na réigiúin agus na cathracha le claochlú ár sochaithe ar bhonn fadtéarmach, tríd an aistriú glas agus digiteach, agus an comhtháthú á neartú acu san am céanna. 

An Eoraip a thuiscint: an dearcadh áitiúil agus réigiúnach

Tá an Tuarascáil bunaithe ar staidéir a rinne agus a choimisiúnaigh Coiste Eorpach na Réigiún é féin agus ar thaighde acadúil, ar ionchur ó institiúidí Eorpacha eile agus ar dhoiciméid foinse oscailte chomh maith. Ar an gcaoi sin, cuirtear fíricí agus sonraí in iúl do lucht ceaptha beartas agus do na geallsealbhóirí ábhartha. Rinneadh tagairt do phríomhthorthaí agus do phríomh-mholtaí na Tuarascála san aitheasc bliantúil maidir le Staid Réigiúin agus Chathracha an Aontais Eorpaigh a thug Vasco Alves Cordeiro uaidh, Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún, an 9 Deireadh Fómhair 2023.

I mbliana, tá an Tuarascáil dírithe ar na dúshláin is práinní atá roimh réigiúin agus cathracha an Aontais. Cuirtear réitigh agus smaointe ón bpobal in iúl maidir le héigeandálaí agus géarchéimeanna, mar shampla tubaistí aeráide, cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine nó ganntanais fuinnimh, agus maidir leis an gclaochlú fadtéarmach atá ar bun tríd an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, agus neartú á dhéanamh an t-am sin ar fad ar an gcomhtháthú.

Caitear súil chun cinn sa Tuarascáil le treoir a thabhairt maidir leis na toghcháin Eorpacha atá ar na bacáin agus maidir leis an gcéad téarma reachtach eile in institiúidí an Aontais.

Tá ‘an Baraiméadar Réigiúnach agus Áitiúil’ sa Tuarascáil chomh maith. Is suirbhé é sin a dhéantar i gcomhpháirtíocht le IPSOS ina mbailítear tuairimí ó ionadaithe tofa ó gach cearn den Eoraip. 

 

Baraiméadar Réigiúnach agus Áitiúil

Tá os cionn milliún polaiteoir ann sna 27 mBallstát san Aontas Eorpach a toghadh ar an leibhéal fonáisiúnta. Is iomaí cineál toghcheantair atá faoi na polaiteoirí áitiúla sin ar leibhéil éagsúla rialtais, ina measc sin na stáit chónaidhme, na réigiúin, na cúigí, na contaetha, na ceantair agus na bardais. Suirbhé Eorabharaiméadair Flash is ardán tábhachtach é do pholaiteoirí áitiúla san Aontas chun tuairimí a chéile a chloisteáil faoi dhúshláin agus faoi thosaíochtaí na hEorpa.

Tá léargas sna freagraí ar nithe éagsúla a dtabharfadh polaiteoirí áitiúla tús áite dóibh ar leibhéal an Aontais, sin agus ar a fheasaí atá siad ar thionscnaimh i ngach cearn den Aontas, faoi dheiseanna maoinithe ón Aontas, faoin dearcadh atá acu ar thodhchaí na hEorpa, agus faoi na freagairtí a thug siad ar an éigeandáil atá ann de dheasca chogadh na hÚcráine. 

Na príomhthorthaí

  • Dúirt 50 % de pholaiteoirí áitiúla go gcuireann a n-údarás réigiúnach nó áitiúil féin ionaid fáilte ar fáil do dhídeanaithe, agus soláthraíonn 33 % díobh rochtain ar chúram leasa shóisialaigh agus leighis do dhídeanaithe.
  • Mheas níos mó ná ceathrar as gach deichniúr freagróirí (45 %) gur féidir le réigiúin agus cathracha cur le hatógáil na hÚcráine trí pháirt a thabhairt do réigiúin agus do chathracha AE i bplean Eorpach níos leithne d’atógáil na hÚcráine. Measann thart ar thriúr as gach deichniúr freagróirí gurb í an fhreagairt is éifeachtaí tacaíocht airgeadais agus ábhartha (31 %), cláir nasctha a chur ar fáil chun acmhainneacht theicniúil agus institiúideach a neartú agus dea-chleachtais a mhalartú (30 %) agus dea-rialachas a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach (27 %).
  • Maidir leis an bhfeasacht ar chistiú AE (faoin mBeartas Comhtháthaithe), dúirt thart ar an gceathrú cuid de na freagróirí (23 %) go bhfuil siad ar an eolas faoi mhaoiniú Bheartas Comhtháthaithe AE a fuair siad le dhá bhliain anuas, agus go raibh baint acu leis an gcistiú sin. Ar an taobh eile den scéal, dúirt 36 % de na freagróirí go raibh siad ar an eolas ach nach raibh baint acu leo agus d’fhreagair 33 % díobh nach bhfuil siad ar an eolas agus nach raibh baint acu leis; ba rud idir 2 % sa Chróit agus 71 % sa Danmhairg a shíl an méid sin.
  • Seisear as gach deichniúr dár fiafraíodh díobh cén dearcadh a bhí acu ar bhreisluach an bheartais chomhtháthaithe le hais na sruthanna cistithe eile (náisiúnta nó réigiúnacha), is éard a dúirt siad gur úsáideadh cistí comhtháthaithe chun tacú le cineálacha sonracha tionscadal (53 %). Dúirt an ceathrú cuid de na freagróirí (25 %) go dtugann cistí den sórt sin breisluach maidir le comhar trasteorann le cathracha agus réigiúin eile.
  • Dúirt tromlach na bhfreagróirí (62 %) go bhfuil gníomhaíochtaí déanta ag a gcathair nó a réigiún féin i ndáil leis an gComhaontú Glas don Eoraip chun ídiú fuinnimh a laghdú. Dúirt ceathrar as gach deichniúr freagróirí (40 %) go bhfuil bearta déanta ag a gcathair nó a réigiún féin chun caomhnú an dúlra agus glasú cathracha a chur chun cinn (e.g. crainn a chur), agus luaigh beagán faoina bhun sin (37 %) ‘gníomhaíochtaí chun dramhaíl agus an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú’.
  • Dar le formhór mór na bhfreagróirí (91 %) gur cheart go mbeadh níos mó tionchair ag na réigiúin agus ag na cathracha ar cheapadh beartais AE agus sa díospóireacht ar thodhchaí an Aontais Eorpaigh
  • Nuair a fiafraíodh de na freagróirí cé na ceantair inar cheart ról níba mhó a bheith ag na réigiúin agus na cathracha i gceapadh na mbeartas AE, roghnaigh thart ar leath de na freagróirí ‘geilleagar níos láidre, ceartas sóisialta agus poist’ (52 %), ‘oideachas, cultúr, an óige agus spórt’ (51 %) agus ‘géarchéim na haeráide agus an comhshaol’ (51 %) 

Thug IPSOS suirbhé i gcrích dar teideal ‘Polaiteoirí áitiúla an Aontais Eorpaigh agus todhchaí na hEorpa’. Idir 25 Iúil agus 11 Meán Fómhair 2023, cuireadh agallamh ar 2907 bpolaiteoir áitiúil agus réigiúnach de chuid an Aontais.

Na hilmheáin

Staidéir agus foilseacháin

Doiciméid