Ar an leathanach seo

Unless we measure the state of our regions and cities, we cannot understand the state of our Union. Only by taking the pulse of our communities, we can decide how effective the EU has been on the ground, and what the EU needs to do to help its people.
Apostolos Tzitzikostas

Cén chaoi a bhfuil an téarnamh ón bpaindéim i do réigiún féin? An bhfuil an réigiún ag tairbhiú den réabhlóid dhigiteach? Cén chaoi a bhfuil do chathair ag cabhrú leis an aistriú glas a chur chun cinn? Cad é tuairim na bpolaiteoirí réigiúnacha agus áitiúla maidir lena gcaidreamh leis an rialtas náisiúnta agus leis an Aontas Eorpach, agus cad iad na dúshláin ar mhaith leo go ndíreodh an tAontas orthu? Lean measúnú na bliana seo ar staid réigiúin agus chathracha na hEorpa le Apostolos Tzitzikostas, Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún agus Gobharnóir na Macadóine Láir.

An Eoraip a thuiscint ón leibhéal áitiúil

Tá óráid Uachtarán Choiste na Réigiún bunaithe ar Bharaiméadar Bliantúil Réigiúnach agus Áitiúilan Aontais, ar tuarascáil í ó Choiste Eorpach na Réigiún atá bunaithe ar staidéir dá chuid féin, ar thaighde acadúil agus ar rannchuidithe ó fhoinsí poiblí eile freisin.

Tugann an Baraiméadar léargas ar na dúshláin is práinní atá roimh réigiúin agus cathracha ar fud an Aontais Eorpaigh agus cabhraíonn sé le roghanna bheartais an Aontais a threorú. Tugann sé treoir freisin do Choiste na Réigiún agus a thosaíochtaí polaitiúla do 2020-25 á saothrú aige: an Eoraip a thabhairt níos gaire do na saoránaigh, pobail athléimneacha a thógáil agus an comhtháthú a chur chun cinn – trí bheartais áitbhunaithe – mar luach bunúsach de chuid an Aontais.

In 2020, chuir an Baraiméadar anailís chuimsitheach ar fáil ar thionchar COVID-19 ar fud na hEorpa agus rinneadh measúnú leis ar an ról tosaigh a bhí ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sna hiarrachtaí chun dul i ngleic leis an ngéarchéim sláinte agus eacnamaíoch.

Tá bliain go leith imithe ó thosaigh an phaindéim agus tá na réigiúin agus na cathracha ag díriú anois ar théarnamh eacnamaíoch agus sóisialta atá cóir agus tapa a áirithiú. Cuirtear forléargas nuashonraithe ar fáil le #EURegionalBarometer (2021) ar raon leathan saincheisteanna lena ndéanfar rath na n-iarrachtaí téarnaimh inár réigiúin agus inár gcathracha a mheas: réimsí amhail cúrsaí sláinte, an imirce, an Comhaontú Glas agus an claochlú digiteach, an comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta agus neartú dhaonlathas na hEorpa.

Suirbhé: Polaiteoirí áitiúla agus todhchaí na hEorpa

I mbliana, áirítear i mBaraiméadar Réigiúnach agus Áitiúil an Aontais an chéad phobalbhreith riamh de pholaiteoirí áitiúla agus réigiúnacha ó gach ceann de 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh. Cuirfidh an suirbhé maidir le polaiteoirí áitiúla agus todhchaí na hEorpa, arna dhéanamh ag IPSOS, faisnéis ar fáil atá riachtanach chun athmhachnamh a dhéanamh ar bhealach níos cuimsithí agus níos daonlathaí ar rialachas Eorpach.

Doiciméid