An Eoraip a thuiscint: an dearcadh áitiúil agus réigiúnach
Tá an Tuarascáil bunaithe ar staidéir a rinne agus a choimisiúnaigh Coiste Eorpach na Réigiún é féin agus ar thaighde acadúil, ar ionchur ó institiúidí Eorpacha eile agus ar dhoiciméid foinse oscailte chomh maith. Ar an gcaoi sin, cuirtear fíricí agus sonraí in iúl do lucht ceaptha beartas agus do na geallsealbhóirí ábhartha. Rinneadh tagairt do phríomhthorthaí agus do phríomh-mholtaí na Tuarascála san aitheasc bliantúil maidir le Staid Réigiúin agus Chathracha an Aontais Eorpaigh a thug Vasco Alves Cordeiro uaidh, Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún, an 7 Deireadh Fómhair 2024.
Foilsíodh Tuarascáil na bliana seo i gcomhthéacs chomóradh 30 bliain Choiste Eorpach na Réigiún agus dírítear inti ar réitigh agus smaointe maidir le todhchaí na hEorpa. Is treoirphlean í an Tuarascáil ar bhealach le haghaidh Aontas Eorpach atá níos dlúithe, níos láidre, níos comhtháite agus níos uaillmhianaí. Cé go dtugtar léargas soiléir inti ar an tábhacht a bhaineann leis na réigiúin agus na cathracha agus ar na dúshláin is práinní atá rompu, tugtar moltaí ann freisin maidir leis an méid atá á iarraidh ag na réigiúin agus na cathracha agus maidir leis an méid is féidir leo a dhéanamh.
Caitear súil chun cinn sa Tuarascáil le treoir a thabhairt maidir le hinstitiúidí nua an Aontais ag tús an téarma reachtaigh.