Is éard atá i gceist leis an gComhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil tionscnamh suaitheanta de chuid CnaR, agus is éard is aidhm dó na cathracha agus na réigiúin a chur i gcroílár aistriú an Aontais i dtreo na haeráidneodrachta.
Is cuid den tosaíocht ‘Athléimneacht’ é an Comhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil, rud ar a sheal atá ina fheachtas rannpháirtíochta agus cumarsáide polaitiúla atá ar bun ó 2020. Tá meitheal pholaitiúil ann a bhfuil 14 cheannaire áitiúla agus réigiúnacha páirteach inti agus í faoi chathaoirleacht Markku Markkula (FI/PPE), Comhalta de Chomhairle Cathrach Espoo. Tá tacar uirlisí cumarsáide agus rannpháirtíochta ann freisin, rudaí a thacaíonn le cathracha agus réigiúin san aistriú glas.
Thar aon ní eile, tá sé i gceist leis an gComhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil comhaltaí CnaR, rannpháirtithe Chlár na bPolaiteoirí Tofa Óga (YEP) agus baill Líonra Chomhairleoirí Áitiúla an Aontais Eorpaigh a shlógadh agus a rannpháirtiú, chun faisnéis phearsanta a chur ar fáil dóibh ionas gur féidir leo dlús a chur leis an aistriú glas ar an leibhéal áitiúil. Dírítear leis freisin ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha ar fud an Aontais, chomh maith le páirtithe leasmhara poiblí agus príobháideacha, comhlachais chríochacha Eorpacha agus náisiúnta, comhlachais phobail agus eagraíochtaí neamhrialtasacha atá toilteanach rannchuidiú le dlús a chur leis an aistriú i dtreo na haeráidneodrachta.
Na spriocanna atá againn
Uaillmhianta aeráide agus fuinnimh an Aontais, go háirithe na hiarrachtaí foinsí fuinnimh inacmhainne inbhuanaithe a dhaingniú, tá siad anois ina gcuid lárnach den obair chun iomaíochas eacnamaíoch an Aontais a chaomhnú, rud a fhágann gur príomhthosaíocht don Eoraip iad.
Is é an Comhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil an príomhthionscnamh atá ag CnaR d’fhonn brí úr a chur san obair ar son clár oibre nua don aistriú glas, ceann a bheidh níos solúbtha agus a fhreagróidh do riachtanais na hEorpa sa saol seo a bhfuil athrú ag teacht air. Is é sin clár oibre athnuaite chun an t-iomaíochas inbhuanaithe agus an uathriail straitéiseach a chothú, chun deireadh a chur leis an éagothromaíocht shóisialta agus chun an nuálaíocht ghlas a chur chun lántairbhe laistigh de theorainneacha an phláinéid – agus na réigiúnacha agus na cathracha, mar aon lena gcomhthéacs agus a riachtanais ar leith, a bheith ina chroílár i gcónaí.
Is iad seo a leanas spriocanna straitéiseacha na Meithle um an gComhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil:
- an comhar a neartú idir réimsí éagsúla beartais agus cur chuige iomlánaíoch a chur i bhfeidhm sna hathruithe ar obair CnaR
- léargas fadtéarmach a sholáthar agus fadbhreathnaitheacht straitéiseach a chur le hobair CnaR
- ardán a chur ar fáil chun obair CnaR ar an gclár oibre glas domhanda a stiúradh
- na tionscnaimh ghlasa éagsúla atá ag an Aontas do na cathracha agus na réigiúin a thabhairt le chéile
- na hiarrachtaí cumarsáide agus rannpháirtíochta i réimse an aistrithe ghlais a stiúradh agus aghaidh a thabhairt ar an mífhaisnéis freisin
Déan Gníomh: tá tábhacht le gach uile chéim
Is glao oscailte é an Comhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha ar fud an Aontais chun beart a dhéanamh agus cuidiú le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú san Aontas, toisc go mbaineann ciall leis na gníomhaíochtaí sin ó thaobh an chomhshaoil, an gheilleagair agus na sochaí de.
Is fadhb dhomhanda é an t-athrú aeráide a bhfuil réitigh áitiúla de dhíth uirthi. Tá cathracha agus réigiúin ar thús cadhnaíochta i gcúrsaí a bhaineann leis an athrú aeráide. Tá siad ar thús cadhnaíochta maidir leis na réitigh i ndáil leis an athrú aeráide freisin. Domhnach is dálach, déanann na pobail áitiúla iarracht gan staonadh chun tionchair an téimh dhomhanda a mhaolú agus athléimneacht a chothú. Is éard atá i gceist leis an gComhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil freisin solas a chaitheamh ar na hiarrachtaí uile atá á ndéanamh ag na cathracha agus na réigiúin chun dlús a chur leis an aistriú i dtreo na haeráidneodrachta.
Ba mhaith linn daoine eile a spreagadh chun aithris a dhéanamh orthu. Is é is aidhm dúinn daoine eile a spreagadh chun dlús a chur leis an obair. Baineann tábhacht le gach uile chéim.
- Roinn linn dea-chleachtas i dtaca leis an gComhaontú Glas
- Líon isteach Gearrchuntas Comhaontaithe Ghlais
Tionscnaimh shuaitheanta
Faoi scáth thionscnamh an Chomhaontaithe Ghlais ar an Leibhéal Áitiúil, déanann Coimisiún ENVE rannpháirtíocht pholaitiúil bhreise a chur chun cinn le scéimeanna ambasadóirí trí bhíthin dhá thionscnamh shuaitheanta de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, is iad sin Cúnant na Méaraí don Aeráid agus d’Fhuinneamh agus an Comhshocrú Aeráide Eorpach.
Ambasadóirí Chúnant na Méaraí
Is é Cúnant na Méaraí don Aeráid agus d’Fhuinneamh an tionscnamh is mó ar domhan i réimse na ceannaireachta aeráide áitiúla. San Aontas Eorpach, feidhmíonn 27 gcomhalta de Choiste na Réigiún mar ambasadóirí náisiúnta atá dírithe ar an tionscnamh a chur chun cinn i ngach Ballstát. Anuas air sin, déanann comhaltaí de Choimisiún ENVE ionadaíocht thar ceann an Choiste ar bhoird pholaitiúla an Chúnaint ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal domhanda.
Ambasadóirí an Chomhshocraithe Aeráide
Tá ról lárnach ag Coimisiún ENVE sa Chomhshocrú Aeráide Eorpach, is é sin gníomhaíocht áitiúil agus rannpháirtíocht na saoránach a spreagadh ar mhaithe leis an athrú aeráide a chomhrac agus an tAontas Eorpach a dhéanamh níos inbhuanaithe. Iarrtar ar chomhaltaí CnaR páirt a ghlacadh sa tionscnamh sin mar Ambasadóirí don Chomhshocrú Aeráide thar ceann CnaR. Tríd an líonra sin, tacaíonn CnaR leis na hAmbasadóirí imeachtaí áitiúla a reáchtáil chun feasacht a mhúscailt, eolas a roinnt agus dlús a chur leis an ngníomhú ar son na haeráide. Iarrtar ar gach comhalta de CnaR a bheith ina ambasadóir don Chomhshocrú Aeráide.
An Truailliú Nialasach ar an Leibhéal Áitiúil
Tá Coimisiún ENVE i gceannas ar Ardán Gheallsealbhóirí an Truaillithe Nialasaigh a bhainistiú i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach. Is in 2021 a seoladh an tArdán agus is iad an Coimisiún Eorpach agus Coiste Eorpach na Réigiún a dhéanann comhchathaoirleacht air. Cuireadh ar bun é chun a raibh curtha rompu acu maidir le truailliú nialasach a bhaint amach trí mheán an idirphlé le gníomhaithe ó phobail éagsúla agus le saineolaithe ar réimsí éagsúla, ina measc sin na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha.