Rannpháirt CnaR i gCúnant na Méaraí

Tionscnamh is ea Cúnant na Méaraí don Aeráid agus d’Fhuinneamh lena dtugtar le chéile na mílte ceannairí áitiúla ar mian leo an todhchaí is fearr is féidir a bhaint amach dá gcuid saoránach. Nuair a ghlacann siad páirt sa tionscnamh, gabhann siad orthu féin cuspóirí aeráide agus fuinnimh an Aontais a chur chun feidhme sna cathracha, bailte agus sráidbhailte a ndéanann siad ionadaíocht dóibh.

European Union, 2021 / ©venimo – stock.adobe.com

Ar an leathanach seo

An tionscnamh

Seoladh Cúnant na Méaraí san Aontas Eorpach in 2008. Faoin tráth seo, tá os cionn 11 000 rialtas áitiúil páirteach ann. Ní hamháin gur tugadh isteach leis an tionscnamh cur chuige ón mbun aníos a leithéid nach bhfacthas riamh cheana i leith fuinnimh agus gníomhaíochtaí ar son na haeráide, ach tá éirithe i bhfad níos fearr leis ná mar a bhíothas ag súil leis.

Trí bhíthin Oifig Chúnant na Méaraí sa Bhruiséil, déanann an Coimisiún Eorpach tacaíocht agus treoir theicniúil maidir le hionstraimí airgeadais a chur ar fáil do chathracha agus do réigiúin atá toilteanach pleananna fuinnimh inbhuanaithe a shocrú.

Ról CnaR sa tionscnamh – An Bord Polaitíochta

Is é an Bord Polaitíochta a stiúrann Cúnant na Méaraí, rud a bhfuil méaraí agus ceannairí áitiúla eile air. Tagann comhaltaí an bhoird le chéile go rialta agus iarrtar orthu plé a dhéanamh le ceannairí na n-institiúidí Eorpacha faoi mar is féidir gníomhaíochtaí áitiúla fuinnimh agus aeráide a chur chun tosaigh.

Déanann beirt chomhaltaí ionadaíocht oifigiúil thar ceann CnaR ar an mBord Polaitíochta: Uachtarán CnaR Kata Tüttő (HU/PSE) agus Rafał Trzaskowski (PL/PPE).

Ról ambasadóirí náisiúnta Chúnant na Méaraí in CnaR

In 2021, rinne Coiste Eorpach na Réigiún Seomra Ambasadóirí Náisiúnta Chúnant na Méaraí a chruthú, rud a bhfuil 27 gcomhalta ann (duine amháin in aghaidh an Bhallstáit) a ghníomhaíonn i gcáil ambasadóirí náisiúnta thar ceann Chúnant na Méaraí.

Is iad príomhchuspóirí na n-ambasadóirí náisiúnta tacú agus treisiú leis an tionscnamh i ngach Ballstát, páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a bhaineann go sonrach le tíortha ar leith agus naisc agus comhar le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa agus le rialtais náisiúnta a threisiú. Tá sé mar aidhm ag Seomra na nAmbasadóirí Náisiúnta freisin teagmháil a dhéanamh le cathracha agus bardais a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint as tacaíocht theicniúil agus treoir airgeadais, agus a d’fhéadfadh páirt ghníomhach a ghlacadh sa ghníomhú ar son na haeráide.

Páirt a ghlacadh i bpobal Chúnant an Aontais

Tá cead isteach i gCúnant na Méaraí don Aeráid agus d’Fhuinneamh ag gach údarás áitiúil atá bunaithe go daonlathach agus atá comhdhéanta d’ionadaithe tofa, gan beann ar mhéid an údaráis ná ar an gcéim atá bainte amach aige ó thaobh chur chun feidhme na mbeartas fuinnimh agus aeráide de.

Doiciméid