An tionscnamh
Tá ról lárnach ag an gComhshocrú Aeráide Eorpach i gcur chun feidhme iomlán an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Is éard is aidhm don Chomhshocrú Aeráide ardán oscailte agus cuimsitheach a chruthú chun na saoránaigh agus na pobail a spreagadh a ndícheall a dhéanamh ar son na haeráide agus an chomhshaoil. Dírítear ar ardú feasachta agus ar thacú le gníomhaíochtaí chun réitigh aeráide, idir bheag agus mhór, a nascadh le chéile agus a fhorbairt agus a chur chun feidhme i dteannta a chéile.
Tabhair cuairt ar an suíomh gréasáin chun tuilleadh eolais a fháil!
Ról CnaR
Tá CnaR ag obair go gníomhach i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach chun a chinntiú go n-éireoidh leis an gComhshocrú Aeráide. Faoi chuimsiú an tionscnaimh athléimneachta, tacaíonn CnaR leis an nglao ar léiriú spéise ó chomhaltaí a bheadh toilteanach gníomhú mar Ambasadóirí thar ceann an Chomhshocraithe Aeráide chun beartais ghlasa a chur chun cinn go gníomhach ina gceantair féin trí ghníomhaíochtaí cumarsáide agus dea-chleachtais. Tugann na hAmbasadóirí aiseolas rialta ar an gcaoi a bhfuil beartais an Aontais ag feidhmiú go praiticiúil agus cuidíonn siad leis an gcomhordú idir an leibhéal áitiúil, an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal Eorpach a neartú.
Ról Ambasadóirí an Chomhshocraithe Aeráide de chuid CnaR
A thúisce a roghnófar comhaltaí CnaR, beidh siad páirteach i líonra Ambasadóirí an Chomhshocraithe Aeráide atá á bhainistiú ag an gCoimisiún Eorpach, tabharfar aitheantas dóibh mar Ambasadóir, cuirfear eolas faoina ngníomhaíochtaí ar son na haeráide ar fáil ar shuíomh gréasáin an Chomhshocraithe, agus beidh rochtain acu ar phacáiste uirlisí cumarsáide (tá pacáiste cumarsáide ar fáil). Beidh siad ina gceannródaithe i dtaobh na gníomhaíochta ar son na haeráide ag labhairt dóibh ag imeachtaí idirnáisiúnta agus ag spreagadh bailte cathracha agus réigiúin le bheith ina gceannródaithe i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip trí imeachtaí satailíte an Chomhshocraithe Aeráide a eagrú ar an leibhéal áitiúil.
Tá an-tábhacht le ról Ambasadóirí an Chomhshocraithe Aeráide maidir leis na saoránaigh a spreagadh páirt a ghlacadh i múnlú thodhchaí na hEorpa. Na díospóireachtaí faoi Eoraip ghlas ghlan chothrom arna n-eagrú faoi chuimsiú an Chomhshocraithe Aeráide Eorpaigh, cuirfidh siad leis an bplé ar thodhchaí aeráidneodrach athléimneach na hEorpa. Is féidir le comhaltaí CnaR tuilleadh eolais a fháil faoi conas is féidir leo clárú mar Ambasadóirí an Chomhshocraithe Aeráide ar leathanach gréasáin oifigiúil an Aontais.