Misean
An Grúpa Stiúrtha um Rialáil Níos Fearr agus Coimhdeacht Ghníomhach (Grúpa BRASS), cruthaíodh é trí bhíthin cinneadh ó Bhiúró CnaR i mí an Mheithimh 2022. D’fhonn cur leis an méid a bhí bainte amach ag an nGrúpa Stiúrtha um Choimhdeacht, is é an sainordú a tugadh do Ghrúpa BRASS rialachas CnaR a chuíchóiriú ó thaobh an rialachais is fearr de, mar aon le gníomhaíochtaí na n-ionstraimí um rialáil níos fearr a stiúradh agus a chomhordú ar bhealach straitéiseach.
Beartas agus gníomhaíochtaí CnaR maidir leis an rialáil is fearr, tagann siad leis an ról a tugadh dó sa Chonradh an choimhdeacht a chosaint agus féachaint leis an gcoimhdeacht ghníomhach a chur chun cinn. Fágann na dualgais sin go mbíonn CnaR ag gníomhú chun páirt níos mó a bhaint amach do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i bpróisis chinnteoireachta agus ceaptha beartas an Aontais, rud a d’fhágfadh gurbh éifeachtaí, áitbhunaithe agus fhianaisebhunaithe na beartais agus go mbeidís ag teacht le riachtanais na saoránach agus lena bhfuil siad ag súil leis ón Aontas.
Bosca uirlisí um rialáil níos fearr
Agus cur chuige na coimhdeachta gníomhaí á chur i bhfeidhm aige, tá uirlisí éagsúla ceaptha ag CnaR i gcaitheamh na mblianta chun cuidiú le gach céim den reachtóireacht agus den cheapadh beartas. An aidhm atá leis na huirlisi sin feabhas a chur ar cháilíocht na reachtaíochta trí bhíthin measúnuithe tionchair níos fearr, ceapadh beartas fianaisebhunaithe, trédhearcacht bhreise agus rannpháirtíocht bhreise na bpáirtithe leasmhara, mar aon le cur chuige ciorclach i leith reachtaíocht an Aontais.
- Faireachán ar an gCoimhdeacht
- Líonra na Mol Réigiúnach (RegHub)
- CnaR agus an tArdán ‘Réidh don Todhchaí’ (F4F – 2019-2024)
- An Measúnú Tionchair Chríochaigh
- Promhadh Leas na Tuaithe
- Fadbhreathnaitheacht Straitéiseach
Is féidir léargas ginearálta a fháil ar uirlisí CnaR um rialáil níos fearr agus mar a chuidíonn siad le clár oibre an Aontais maidir leis an rialáil is fearr sa staidéar dar teideal ‘Charting the course to better EU law-making: optimisation of EU Treaties through inter-institutional cooperation with the European Committee of the Regions’ (Meán Fómhair 2024). Féach an nasc ag bun an leathanaigh i rannán na ndoiciméad.
Comhaltaí Ghrúpa BRASS do théarma oifige 2025-2030 CnaR
- Karin Müller (DE/PPE), Cathaoirleach agus comhalta maidir leis an gcoimhdeacht
- Luca Menesini (IT/PSE), maidir leis an gcoimhdeacht
- Pär Löfstrand (SE/Renew Europe), maidir leis an gcoimhdeacht
- Dagmar Škodová Parmová (CS/ECR)/Matteo Luigi Bianchi (IT/ECR), maidir leis an gcoimhdeacht
- René Jansen (NL/EA)/Kieran McCarthy (IE/EA), maidir leis an gcoimhdeacht
- Niina Ratilainen (FI/Greens)/Dan Boyle (IE/Na Glasaigh), maidir leis an gcoimhdeacht
- Anne Karjalainen (FI/PSE), maidir le ‘Réidh don Todhchaí’
- Vasco Alves Cordeiro (PT/PSE), Cathaoirleach Choimisiún COTER, maidir leis an measúnú tionchair chríochaigh
- Piotr Całbecki (PL/PPE), Cathaoirleach Choimisiún NAT, maidir le promhadh leas na tuaithe
- Jelena Drenjanin (SE/PPE), maidir leis an bhfadbhreathnaitheacht straitéiseach