Eolas faoin bhfadbhreathnaitheacht
Cad atá i gceist leis an bhfadbhreathnaitheacht straitéiseach?
Is cleachtas í an fhadbhreathnaitheacht straitéiseach lena ndéantar féidearthachtaí éagsúla na todhchaí a scrúdú chun cinntí níos fearr a dhéanamh sa lá atá inniu ann. Tugtar le chéile ann léargais ó réimse na bainistíochta, na heacnamaíochta, ó na heolaíochtaí sóisialta agus ó réimse na teicneolaíochta, agus leas á bhaint as an intleacht chomhchoiteann ar bhealach struchtúrtha córasach ag an am céanna.
Trí dhíriú ar ghnéithe eile seachas ar thimthriallta caighdeánacha beartais, cuidíonn an fhadbhreathnaitheacht leis na ceannairí deiseanna agus dúshláin atá ag teacht chun cinn a aithint go luath, rud a ligeann dóibh cinntí a ghlacadh go muiníneach san am i láthair.
A bhfuil i gceist leis an bhfadbhreathnaitheacht
Is féidir fadbhreathnaitheacht straitéiseach a chur i bhfeidhm trí réimse modhanna agus gach ceann acu ag freastal ar chríocha agus ar chomhthéacsanna éagsúla. Seo thíos cuid de na príomh-mhodhanna:
- scanadh ionchais, modh lena sainaithnítear na treochtaí agus na hábhair imní atá ag teacht chun cinn
- anailís meigithreochtaí, modh lena ndéantar iarracht pátrúin athraithe níos forleithne a thuiscint
- pleanáil cásanna, modh lena bhfiosraítear forbairtí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo ar bhealach struchtúrtha
Is féidir le modhanna eile, ar nós ceardlanna il-ghéarchéime, cur leis an tuiscint atá againn ar fhéidearthachtaí na todhchaí trí shaincheisteanna a scrúdú ar bhealaí éagsúla agus trí scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh rioscaí idirnasctha teacht chun cinn.
Níl aon bhealach amháin ann chun an fhadbhreathnaitheacht a chur i bhfeidhm, agus tá uirlisí de shíor ag forbairt chun riachtanais réigiúnacha agus áitiúla a shásamh. Chun tuilleadh treorcha a fháil, féach an tAirmheán Comhpháirteach Taighde – an Lárionad Inniúlachta um Fhadbhreathnaitheacht.
Cur chuige rialachais il-leibhéil i leith na smaointeoireachta fadtéarmaí
A thábhachtaí atá an fhadbhreathnaitheacht do chathracha agus réigiúin
Ar fud na hEorpa, tá cathracha agus réigiúin ag dul i ngleic le haistrithe móra. Idir brúnna aeráide agus digitiú tapa, is minic gurb iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha is mó a bhraitheann na hathruithe sin agus gur fúthusan atá sé an fhreagairt is tapúla a thabhairt. Leis an bhfadbhreathnaitheacht, cuirtear na huirlisí is gá ar fáil dóibh chun deiseanna a dhéanamh den éiginnteacht, rud a chuireann lena gcumas todhchaí athléimneach a phleanáil agus a mhúnlú.
Tiomantas CnaR do rialachas réamh-mheasta
Chun fanacht chun tosaigh ar an athrú tapa, tá an fhadbhreathnaitheacht straitéiseach anois ina cuid lárnach dá mhisean ag Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR). Ó 2023 i leith, nuair a ghlac CnaR an chéad tuairim uaidh maidir leis an bhfadbhreathnaitheacht straitéiseach, tá forbairt mhór tagtha ar ár gcuid oibre atá dírithe ar an todhchaí agus cuirtear cultúr na smaointeoireachta réamhghníomhaí chun cinn ar fud na hinstitiúide.
Tá an obair sin á treorú ag Comhdháil na nUachtarán agus faoi stiúir pholaitiúil an Chomhordaitheora Fadbhreathnaitheachta Jelena Drenjanin (SE/PPE), comhalta den Ghrúpa Stiúrtha um Rialáil Níos Fearr agus Coimhdeacht Ghníomhach.
Imeachtaí in CnaR bainteach leis an bhfadbhreathnaitheacht
Ceardlanna ag Seachtain Eorpach na Réigiún
Gach bliain le linn #EURegionsWeek, tugann Coiste na Réigiún thart ar 60 ionadaí áitiúil agus réigiúnach le chéile le haghaidh ceardlanna idirghníomhacha maidir leis an bhfadbhreathnaitheacht a reáchtáiltear sa Bhruiséil. Cuireann na seisiúin sin spás oscailte ar fáil chun smaointe, cinéalacha cur chuige agus cleachtais atá ag teacht chun cinn a roinnt.
Ó 2023 i leith, léiríodh i sraith ceardlann an chaoi a bhfuil an fhadbhreathnaitheacht á cur i bhfeidhm ag réigiúin agus cathracha ar fud na hEorpa, ó shaotharlanna beartais réigiúnaigh go samplaí ar leibhéal na cathrach. Is féidir leat samplaí de seo a fheiceáil trí bhreathnú ar fhíseáin ón gceardlann #EURegionsWeek2024 agus ón gcomhdháil #EURegionsWeek 2025.
Más suim leat a bheith páirteach i Seachtain Eorpach na Réigiún amach anseo, coinnigh súil ar leathanach gréasáin Sheachtain Eorpach na Réigiún le haghaidh clárúcháin.
Cur chun feidhme na fadbhreathnaitheachta rannpháirtíochta
Tugann CnaR faoi chleachtaí fadbhreathnaitheachta atá tiomnaithe do pholaiteoirí áitiúla agus réigiúnacha, ar nós:
- An Mheitheal um an gComhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil: Bacainní ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais
- Coimisiún CIVEX: Todhchaí an daonlathais agus an rialachais il-leibhéil
Is gnách go mbaineann na cleachtaí sin úsáid as Scenario Exploration System (SES). Is é is aidhm dóibh cabhrú le polaiteoirí féachaint ar an gcaoi a bhféadfadh todhchaí féideartha éagsúla tionchar a imirt ar phríomhréimsí beartais áirithe agus conas cinnteoireacht níos réamhbhreathnaithí agus níos athléimní a spreagadh.
Eagraíonn CnaR oiliúint freisin bunaithe ar anailís chúisíoch shrathach, ar cheardlanna il-ghéarchéime agus ar uirlisí eile nach iad. Is féidir iad sin a chur ar fáil i gcomhpháirtíocht leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde nó le Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa.
Más suim le do chathair nó do réigiún ról a thabhairt do chinnteoirí i ngníomhaíochtaí dá leithéid, is féidir le CnaR comhairle a chur ort.
An fhadbhreathnaitheacht in obair anailíseach
Tá gné fadbhreathnaitheachta sa chuid is mó de staidéir nua CnaR, chun a chinntiú go mbeidh an smaointeoireacht fhadtéarmach mar bhonn eolais don phlé beartais ón tús. Rinneadh iniúchadh i bhfoilseacháin a foilsíodh le déanaí ar ábhair ar nós cur chun feidhme an tSásra um Aistriú Cóir nó Glacadh na hintleachta saorga agus na hintleachta saorga giniúnaí ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha. Chun tacú leis an obair sin, úsáidtear réimse uirlisí fadbhreathnaitheachta, in éineacht le ceardlanna fadbhreathnaitheachta tiomnaithe.
Moltar do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha féachaint ar na staidéir sin le haghaidh léargais phraiticiúla agus beartais réamhbhreathnaitheacha á bhforbairt acu.
An comhar idirinstitiúideach i réimse na fadbhreathnaitheachta
Tá ról lárnach ag an gcomhar idirinstitiúideach maidir le hacmhainneacht fadbhreathnaitheachta CnaR a neartú. Trí oibriú go dlúth le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, cinntíonn CnaR go ndéantar an dearcadh áitiúil agus réigiúnach a chomhtháthú go córasach sa smaointeoireacht straitéiseach fhadtéarmach ar an leibhéal Eorpach.
Príomhardán lena gcumasaítear an comhar sin is ea an Córas Eorpach um Anailís Straitéiseach agus Beartais (ESPAS), creat comhroinnte an Aontais le haghaidh fadbhreathnaitheacht straitéiseach. In 2025, d’óstáil CnaR Lá Cleachtóirí Fadbhreathnaitheachta ESPAS, inar tugadh le chéile saineolaithe fadbhreathnaitheachta, taighdeoirí agus lucht ceaptha beartas ó gach cearn den Aontas. Chomh maith le himeachtaí, rannchuidíonn CnaR le tuarascálacha suaitheanta, ar nós Global Trends Report 2040 agus páipéir théamacha ESPAS ina scrúdaítear dúshláin fhadtéarmacha shonracha,cuir i gcás an comhtháthú digiteach agus cothroime idirghlúine.
Táimid lánullamh chun cabhrú leat do léargas ar thodhchaí do chathrach nó do réigiúin a roinnt sa phlé uile-Eorpach seo.
Ról a thabhairt do réigiúin agus do chathracha an Aontais san fhadbhreathnaitheacht
Samplaí ar fud na hEorpa
Tá méadú ag teacht ar líon na gcathracha agus na réigiún a bhfuil an fhadbhreathnaitheacht á cur i bhfeidhm acu chun athléimneacht agus pleanáil fhadtéarmach a neartú. I measc na samplaí tá:
- Tír na mBascach agus an Chatalóin (ES)
- Breda, an Fhreaslainn, Rotterdam (NL)
- Lár agus Deisceart na hEastóine (EE)
- An Mhacadóin Láir (EL)
- Flóndras, Pobal Gearmáinise na Beilge (an Bheilg Thoir) (BE)
- Friuli Venezia Giulia, an tSairdín (IT)
- Hauts-de-France (FR)
- Helsinki-Uusimaa (FI)
- Kraków, Podkarpackie, Vársá (PL)
- München (DE)
- An Mhoráiv Theas (CZ)
Cuireann CnaR dea-chleachtais chun cinn trí chainteanna, seimineáir ghréasáin agus malartuithe eile maidir leis an bhfadbhreathnaitheacht a eagrú le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ar fud na hEorpa. Iarrtar ar chathracha agus ar réigiúin a dhéanann obair fhadbhreathnaitheach agus ar mhaith leo a dtaithí a roinnt, ceisteanna a chur, nó a bheith ar an eolas faoi thionscnaimh atá ar na bacáin teagmháil a dhéanamh linn.
Chun dlús a chur le glacadh na fadbhreathnaitheachta, oibríonn CnaR freisin le comhpháirtithe tríd an gComhpháirtíocht um Fhadbhreathnaitheacht Straitéiseach, tionscadal de chuid Interreg Europe a fhaigheann tacaíocht ó CnaR, ó ECFE agus ón Airmheán Comhpháirteach Taighde.