Misean
- Údaráis áitiúla agus réigiúnacha a chumasú le bheith gníomhach i dtaca le faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta
Príomhghníomhaíochtaí:
- Tacaíocht a thabhairt do Pharlaimintí agus Rialtais ó réigiúin a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu tríd an ardán sonrach REGPEX le linn thréimhse an Chórais Luathrabhaidh
- Feasacht a mhúscailt i dtaobh chur chun feidhme praiticiúil phrionsabal na coimhdeachta agus malartú dea-chleachtais a éascú
- Rapóirtéirí agus comhaltaí Choiste na Réigiún a choimeád ar an eolas faoi rannchuidithe a bhaineann leis an gcoimhdeacht agus leis an gcomhréireacht a thagann ó líonra ionadaitheach d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha
-
Tacaíonn an Sainghrúpa um Choimhdeacht, grúpa saineolaithe ó na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus a gcomhlachais, le faireachán CnaR ar an gcoimhdeacht
Cuireadh deireadh le Tairseach Choimhdeachta ar líne de chuid Choiste na Réigiún mar chuid d’aistriú CnaR chuig timpeallacht dhigiteach nua. Tá an t-ábhar a bhí ar fáil roimhe seo ar an Tairseach á chartlannú faoi láthair. Ag an am céanna, tá obair ar bun chun uirlis nua a chur chun feidhme a thacóidh leis na gnéithe ar líne den fhaireachán ar an gcoimhdeacht. Cuirfear an uirlis nua ar fáil a luaithe is féidir. Foilseofar tuilleadh faisnéise ar an suíomh gréasáin seo tar éis laethanta saoire an tsamhraidh.