Cothaíonn na meithleacha agus na comhchoistí comhairliúcháin comhar idir údaráis áitiúla agus réigiúnacha an Aontais agus údaráis na dtíortha is iarrthóirí, le cuidiú leo ballraíocht AE a ghnóthú.
Réigiúin agus cathracha ag tabhairt an mhéadaithe níos gaire do dhaoine.
Tá tacaíocht leanúnach tugtha ag Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) do mhéadú an Aontais, agus aithníonn sé gur infheistíocht straitéiseach sa tsíocháin, sa chobhsaíocht agus sa rathúnas ar fud na hEorpa atá sa mhéadú. Molann sé freisin go mbeadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach go gníomhach sa phróiseas um méadú. Ar an ábhar sin, leagann sé béim ar ról ríthábhachtach na mbardas, na gcathracha agus na réigiún chuige sin, ós iad a chuireann thart ar 70 % de reachtaíocht an Aontais chun feidhme.
Agus teagmháil dhíreach á dhéanamh acu leis na saoránaigh, is féidir le ceannairí áitiúla agus réigiúnacha cuidiú leis an méadú a dhéanamh níos inláimhsithe, tuiscint an phobail ar athchóirithe a bhaineann leis an Aontas a chothú agus a áirithiú go léireofaí ábhair imní áitiúla sa phróiseas aontachais.
I dtimpeallacht faisnéise atá ag éirí níos casta, tá ról tábhachtach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le faisnéis iontaofa atá bunaithe ar fhíricí a chur ar fáil agus idirphlé díreach a choinneáil ar bun lena bpobail. Cuidíonn a rannpháirtíocht le hathléimneacht dhaonlathach a neartú, muinín an phobail a mhéadú agus úinéireacht áitiúil a fhorbairt ar na hathchóirithe is gá ar an mbealach i dtreo na ballraíochta san Aontas.
Gach bliain, cuireann CnaR guth chathracha agus réigiúin na hEorpa in iúl sa díospóireacht a dhéantar maidir le méadú an Aontais trí thuairimí a éisiúint maidir le Pacáiste an Choimisiúin Eorpaigh um Méadú: ceann amháin a chlúdaíonn na Balcáin Thiar agus an Tuirc agus ceann eile a dhíríonn ar an Úcráin, ar an Moldóiv agus ar an tSeoirsia.
Le CnaR, cuirtear spás uathúil ar fáil freisin don idirphlé polaitiúil agus don chomhar idir ceannairí áitiúla agus réigiúnacha ó Bhallstáit an Aontais agus ó thíortha an mhéadaithe. Trí na Comhchoistí Comhairliúcháin agus na Meithleacha in CnaR, éascaítear malartú taithí, dea-chleachtas agus eolais phraiticiúil ar shaincheisteanna a bhaineann le lánpháirtiú an Aontais. Cuidíonn na hardáin sin leis an rialachas áitiúil a neartú, le hathchóirithe díláraithe a chur chun cinn lena dtugtar an chinnteoireacht níos gaire do na saoránaigh, lena dtacaítear le hiarrachtaí athchóirithe agus lena gcothaítear comhpháirtíochtaí fadtéarmacha.
Le Laethanta an Mhéadaithe, imeacht suaitheanta de chuid CnaR maidir le méadú an Aontais Eorpaigh, tugtar le chéile sa Bhruiséil comhaltaí na gcomhchoistí comhairliúcháin agus na meithleacha uile, chomh maith le hionadaithe ó institiúidí an Aontais, ó údaráis náisiúnta, agus ó údaráis áitiúla agus réigiúnacha ó thíortha an mhéadaithe. Gach bliain, cuirtear deis luachmhar ar fáil leis an imeacht chun machnamh a dhéanamh ar an dul chun cinn, foghlaim ó thaithí a chéile, comhpháirtíochtaí níos láidre a thógáil, agus machnamh a dhéanamh ar conas aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna an phróisis aontachais.