Tuilleadh ban sa pholaitíocht

Ní féidir daonlathas láidir, dea-rialachas ná cinnteoireacht éifeachtach a áirithiú gan ról iomlán sa pholaitíocht a thabhairt do na mná, ina gcáil mar shaoránaigh agus mar shealbhóirí oifige poiblí araon. Tá Coiste Eorpach na Réigiún lántiomanta na luachanna sin a chur chun cinn agus dea-shampla a thabhairt.

© EU, 2026, stock.adobe.com ; Getty Images

Ar an leathanach seo

Eolas faoin tionscnamh

Tá Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) tiomanta tionscnaimh a chur chun cinn lena bhfeabhsaítear rannpháirtíocht pholaitiúil na mban, agus aithníonn sé go bhfuil na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ríthábhachtach chun comhionannas inscne agus ionadaíocht pholaitiúil chomhionann a chothú, ina measc sin tríd an obair a dhéantar ina dtionóil pholaitiúla agus tríd an smacht atá acu ar sheirbhísí poiblí áitiúla agus ar chaiteachas.

Leis an tionscnamh ‘Tuilleadh ban sa pholaitíocht’, tá CnaR ar cheann na gluaiseachta atá ag éileamh go mbeadh cothromaíocht inscne níos fearr sa pholaitíocht ar gach leibhéal rialtais agus go ndéanfaí dea-chleachtas a mhalartú maidir le conas é sin a bhaint amach. 

An comhionannas inscne in CnaR

31.6%

Comhaltaí ban in CnaR* 

28.1%

Comhaltaí malartacha ban in CnaR* 

29.9%

Comhaltaí ban agus comhaltaí malartacha ban in CnaR* 

*24 Feabhra 2026

Ós é CnaR tionól an Aontais Eorpaigh de na hionadaithe áitiúla agus réigiúnacha ó gach ceann de na 27 mBallstát, tá rún daingean aige an comhionannas inscne agus rannpháirtíocht na mban sa pholaitíocht a chur chun cinn i ngach gné d’fheidhmiú an Choiste. Déantar na gealltanais sin a aithint agus a chur i láthair go trédhearcach i bPlean Gníomhaíochta an Choiste maidir le Comhionannas Inscne, a glacadh in 2023. Cuireann an Plean Gníomhaíochta na luachanna sin chun cinn i ngníomhaíochtaí uile CnaR agus is í Carina Ohlsson (SE/PSE), rapóirtéir an Bhiúró a dhéanann maoirseacht air.

Cuireann CnaR na luachanna sin chun cinn ina chuid oibre trí chéile, an obair for-rochtana a dhéanann sé san áireamh. Dá réir sin, déantar líonraí na bPolaiteoirí Tofa Óga (YEP) agus Chomhairleoirí Áitiúla an Aontais Eorpaigh a bhainistiú i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta.

Ina theannta sin, tá Straitéis thiomnaithe um Chomhdheiseanna ag Ardrúnaíocht CnaR i gcomhair a cuid foirne.

An Comhionannas Inscne san Aontas Eorpach

Is bunluach agus bunchuspóir de chuid an Aontais Eorpaigh é an comhionannas inscne. Tá sé luaite go lánsoiléir i gConradh Amstardam agus sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, mar atá i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta freisin.

I Straitéis an Aontais um Chomhionannas Inscne 2020-2025, straitéis ar thug CnaR formhuiniú di freisin i dtuairim a d’eisigh sé ar an ábhar, cuirtear cur chuige an Aontais i láthair maille le gníomhaíochtaí spriocdhírithe dá chuid chun comhionannas inscne a fheabhsú ar fud a chríoch. Foilsíonn an Coimisiún Eorpach tuarascáil freisin ar staid reatha an chomhionannais inscne san Aontas. Chun tacú leis an obair sin, bailíonn an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE) sonraí agus cuirtear na sonraí seo i láthair san innéacs comhionannais inscne. 

I measc na nithe atá tionscanta ag Parlaimint na hEorpa chun comhionannas inscne a chur chun cinn, tá an Buanchoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne, chomh maith leis an tSeachtain Eorpach um Chomhionannas Inscne ar cuireadh tús léi in 2020. Tacaíonn CnaR leis an tSeachtain um Chomhionannas Inscne ó thaobh na n-údarás áitiúil agus réigiúnach de.

In ainneoin na dtréaniarrachtaí atá déanta ar leibhéal an Aontais, tá mná fós faoi ghannionadaíocht shuntasach ar an leibhéal áitiúil, ós rud é go bhfuil sciar na mban a toghadh cothrom, ar an meán, le 34 % de chomhaltaí na gcomhairlí áitiúla agus bardasacha agus le 32 % de chomhaltaí na dtionól réigiúnach, de réir EIGE. Cé go raibh feabhas le sonrú in Innéacs Comhionannais Inscne 2024, agus méadú ó 30 % go 31 % ar sciar na mban sna tionóil réigiúnacha agus áitiúla, tá sé d’aidhm ag CnaR an comhionannas inscne a neartú a thuilleadh ar an leibhéal sin.

Gailearaí íomhánna

Na hilmheáin

Tuilleadh físeán faoina bhfuil ar siúl chun an tsoghluaisteacht inár bpobail a dhéanamh cuimsitheach agus cothrom, agus a chur in oiriúint do riachtanais na mban

Doiciméid