Agus Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) ina chomhlacht comhairleach do na hinstitiúidí Eorpacha, déanann sé tuairimí agus rúin a eisiúint chun ionadaíocht fhoirmiúil a dhéanamh ar ghlór na n-údarás áitiúil agus réigiúnach sa cheapadh beartas a tharlaíonn ar leibhéal an Aontais.
Ní mór don Choimisiún Eorpach, do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh dul i gcomhairle le CnaR maidir le reachtaíocht a bhfuil tionchar aici ar réimsí go leor, ina measc sin sláinte, beartas eacnamaíoch, fostaíocht, beartas sóisialta, comhtháthú críochach, eacnamaíoch agus sóisialta, iompar, fuinneamh agus an aeráid. Ina theannta sin, eisíonn CnaR tuairimí féintionscnaimh agus tuairimí eile a n-iarrann Uachtaránacht rothlach Chomhairle an Aontais air.
Déantar tuairimí a chur faoi réir próiseas reachtach sula ndéantar iad a eisiúint: déanann Uachtarán CnaR ábhar a shannadh do choimisiún agus roghnaíonn an coimisiún rapóirtéir chun an tuairim a dhréachtú faoin ábhar sin. Ina dhiaidh sin, déantar an dréacht-tuairim a phlé i gcruinnithe an choimisiúin agus i seisiún iomlánach CnaR sula gcuirtear ar aghaidh í chuig institiúidí an Aontais.
Bíonn suas le sé sheisiún iomlánacha ag CnaR in aghaidh na bliana agus eisíonn sé idir 50-70 tuairim agus rún. Téann sé i dteagmháil leis na saoránaigh, le polaiteoirí óga agus le comhpháirtithe seachtracha agus tá uirlisí forbartha aige, amhail RegHub agus measúnuithe tionchair chríochaigh, chun gur féidir leis bonn fianaise a chur lena chuid comhairle. Tá comhaontuithe comhair ag CnaR leis an gCoimisiún Eorpach agus le Parlaimint na hEorpa a threisíonn an ról atá aige i ngach céim de chinnteoireacht an Aontais.