An Chomhghuaillíocht um Chomhtháthú

Gluaiseacht chomhpháirteach atá sa Chomhghuaillíocht ina bhfuil breis agus 12 000 ionadaí ó na cathracha agus na réigiúin, agus óna gcomhlachais siúd, fara comhpháirtithe sóisialta agus ionadaithe ón tsochaí shibhialta, agus iad uile ar cóimheon le chéile. Ag gníomhú dúinn i dteannta a chéile, cuirimid ar son an chomhtháthaithe ós bunluach de chuid an Aontais é agus táimid ag iarraidh go mbeadh Beartas Comhtháthaithe láidir i réim tar éis 2027.

© European Union

Ar an leathanach seo

Cad atá i gceist leis an gComhghuaillíocht?

I mí Dheireadh Fómhair 2017, bhunaigh Coiste Eorpach na Réigiún mar aon le príomhchomhlachais Eorpacha na gcathracha agus na réigiún an Chomhghuaillíocht um Chomhtháthú (#CohesionAlliance). Ó lainseáladh í, tá corradh le 12 000 comhalta meallta chuici ag an gComhghuaillíocht, ina measc sin saoránaigh, réigiúin, cathracha agus contaetha, comhlachais de rialtais réigiúnacha agus áitiúla, feisirí de Pharlaimint na hEorpa, sin agus comhlachais earnála de chuid an Aontais.
 
In 2022, chuir an Chomhghuaillíocht tús le céim slógtha nua chun an Beartas Comhtháthaithe a neartú. In oirchill na caibidlíochta ríthábhachtaí faoin gcéad bhuiséad eile de chuid an Aontais, tá an Chomhghuaillíocht lánullamh anois chun beart a dhéanamh. Is éard atá uainn go mbeadh an Beartas Comhtháthaithe fós ar an mbeartas infheistíochta fadtéarmach agus díláraithe is mó tábhacht dá bhfuil san Aontas Eorpach san am i láthair agus san am atá le teacht, ach athnuachan a dhéanamh air. 

Na hilmheáin

Doiciméid

Lean sinn

#CohesionAlliance