Bunaíodh an Grúpa idir-réigiúnach Aidriadach-Iónach in 2023.
Misean
Is é misean an ghrúpa idir-réigiúnaigh seo:
- tacú le Straitéis an Aontais Eorpaigh don Réigiún Aidriadach agus Iónach i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an bplean gníomhaíochta agus ar a chur chun feidhme;
- an comhar a neartú le macrairéigiúin eile an Aontais i dtaca le saincheisteanna leasa choitinn (turasóireacht, iompar, fiontair a idirnáisiúnú);
- úinéireacht na saoránach ar an macrairéigiún Aidriadach agus Iónach a chothú;
- malartú tionscnamh a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach sa mhacrairéigiún Iónach;
- sineirgí a chruthú i measc Bhallstát an mhacrairéigiúin (an Iodáil, an Ghréig, an Chróit agus an tSlóivéin), i measc thíortha IPA (an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró agus an tSeirbia – tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas) agus sa tríú tír, Poblacht San Mairíne;
- an comhar leis na hinstitiúidí Eorpacha a neartú, agus idir bheartas agus luachanna an Aontais sa réimse sin a chur chun feidhme go héifeachtach sa réigiún.