Bunaíodh in 2009 é.
Misean
Is é misean an ghrúpa idir-réigiúnaigh seo:
- Taithí a mhalartú idir na críocha maidir le saincheisteanna éagsúla a bhaineann leis an earnáil gluaisteán agus le todhchaí na soghluaisteachta (e.g. an tiomáint uathoibrithe, breoslaí iompair inbhuanaithe, scileanna, an beartas tionsclaíochta, an bonneagar, réigiúin ina bhfuil tionscal gluaisteán nó tionscal soláthair a fhorbairt);
- Teagmháil a dhéanamh leis na hinstitiúidí Eorpacha agus le geallsealbhóirí eile agus barúlacha agus dea-chleachtais a mhalartú leo;
- Teagmhálacha a chothú i measc grúpaí, réigiúin agus cathracha a bhfuil baint acu leis an earnáil gluaisteán agus leis an tsoghluaisteacht.