Eolas
Is ríthábhachtach an rud é an dílárú institiúideach do dhea-fheidhmiú na sochaithe daonlathacha, ós rud é go gcuireann sé ceannaireacht áitiúil éifeachtach chun cinn agus gur féidir aghaidh a thabhairt go héifeachtúil ar shaincheisteanna áitiúla toisc go dtugtar cumhacht do na cinnteoirí ar an leibhéal is gaire don saoránach.
Tacaíonn CnaR leis an taighde lena dtugtar forléargas ar leibhéil an díláraithe institiúidigh i mBallstáit an Aontais agus sna tíortha comharsanachta. Ar an leathanach gréasáin seo gheobhaidh tú an t-eolas is déanaí maidir leis na struchtúir rialachais éagsúla i roinnt mhaith tíortha.
Cuirtear i láthair an chaoi a ndáiltear na hinniúlachtaí ar gach leibhéal rialachais sna réimsí beartais seo a leanas a bhaineann le comhairliúchán éigeantach le Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR): iompar; fostaíocht; saincheisteanna sóisialta; oideachas; gairmoiliúint; an óige agus an spórt; cultúr; sláinte phoiblí; Gréasáin thras-Eorpacha; comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach; an comhshaol agus an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide, agus fuinneamh. Áirítear ar na réimsí sin na réimsí a bhfuil spéis ar leith ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha iontu: talmhaíocht; iascaigh; inimirce agus tearmann; turasóireacht; agus cosaint shibhialta.
Staidéir
Struchtúir rialachais il-leibhéil sna tíortha is iarrthóirí
I gcomhréir le tosaíochtaí polaitiúla CnaR, cumhdaítear leis an nuashonrú is déanaí (Márta 2025) tíortha is iarrthóirí an Aontais (an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an tSeoirsia, an Chosaiv, an Mholdóiv, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia, an Tuirc agus an Úcráin). Leagtar amach i ngach caibidil na struchtúir rialachais éagsúla sa tír faoi seach, lena gcuimsítear 17 réimse beartais.
Déanfar an obair a bhaineann le tíortha eile (i.e. Ballstáit an Aontais agus na tíortha comharsanachta) a thabhairt cothrom le dáta ina dhiaidh sin, i gcomhréir le tosaíochtaí polaitiúla CnaR agus leis na hacmhainní atá ar fáil.
Struchtúir rialachais il-leibhéil sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin
Is é seo an leagan fada den chás-staidéar a áirítear sa staidéar ar na struchtúir rialachais il-leibhéil sna tíortha is iarrthóirí. Cuirtear i láthair ann forléargas iomlán ar leibhéil an díláraithe institiúidigh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, agus cúraimí sannta ar gach leibhéal rialachais do chomhlachtaí riaracháin na Boisnia agus na Heirseagaivéine, Chónaidhm na Boisnia agus na Heirseagaivéine, Republika Srpska, Ceantar Brčko, 10 gcantún de chuid Chónaidhm na Boisnia agus na Heirseagaivéine, agus na bardais.
Struchtúir rialachais il-leibhéil san Airméin agus san Asarbaiseáin
Tugtar forléargas sa staidéar seo ar leibhéil an díláraithe institiúidigh agus fhioscaigh, agus ar bhunúis dlí na struchtúr rialachais éagsúil san Airméin agus san Asarbaiseáin. An comhar idir CnaR, an Airméin agus an Asarbaiseáin, tá sé seanbhunaithe, go háirithe faoi chuimsiú Comhdháil na nÚdarás Réigiúnach agus Áitiúil le haghaidh Chomhpháirtíocht an Oirthir (CORLEAP). Leis an staidéar seo, tugtar i gcrích an taighde a bhí ar bun maidir le roinnt na gcumhachtaí i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir, ó tá an tSeoirsia, an Mholdóiv agus an Úcráin cumhdaithe sa staidéar ar struchtúir rialachais il-leibhéil sna tíortha is iarrthóirí.