An Libia – Tionscnamh na Niocóise

Ó bhí 2015 ann, tá dlúthchaidreamh polaitiúil, atá ag éirí an-phraiticiúil de réir a chéile, á chothú ag Coiste Eorpach na Réigiún le cathracha sa Libia. Tá dhá aidhm ag an gcaidreamh, is iad sin cuidiú le feabhas a chur ar acmhainneachtaí rialtais áitiúla na Libia chun seirbhísí poiblí a sholáthar ar bhealach níos fearr agus cabhrú le cathracha na Libia rochtain a fháil ar an gcomhphobal idirnáisiúnta. Is éard atá sa chomhar seo ná freagairt don suaitheadh polaitiúil agus don easpa slándála atá i réim sa Libia ó bhí 2011 ann, rud a bhfuil dochar déanta aige do na seirbhísí bardasacha sa Libia, a d'fhág go bhfuil cathracha sa Libia scoite amach ón saol mór idirnáisiúnta.

Ar an leathanach seo

Buneolas

Ar iarratas ó bhardais sa Libia, tá comhpháirtíochtaí á n-eagrú ag Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) thar ceann údaráis áitiúla na tíre ó mhí Eanáir 2016 i leith. Tá iarratais ó chathracha sa Libia á gcur le chéile ag CnaR le tairiscintí saineolais ó chathracha agus réigiúin de chuid na hEorpa. Is é an aidhm atá leis sin ná feabhas a chur ar shaol an ghnáthdhuine sa Libia trí chuidiú leis na bardais seirbhísí níos fearr a chur ar fáil i réimsí éagsúla, ón bhforbairt eacnamaíoch áitiúil go dtí an tsábháilteacht comhshaoil. Lena chois sin, cuireann an tionscamh seo le cobhsaíocht na Libia féin, ar bhonn ón mbun aníos, trí thaidhleoireacht na gcathracha. 

In 2021, cuireadh tús le céim nua de Thionscnamh na Niocóise, mar aon le bearta nua chun cur le cumas na bpolaiteoirí áitiúla agus na státseirbhíseach, agus chun forbairt shóisialta, eacnamaíoch agus institiúideach a chothú ar an leibhéal áitiúil. Bhíothas in ann leanúint den chomhar idir comhpháirtithe an Aontais agus na Libia agus rinneadh iarrachtaí chun tacú le tuilleadh feabhais ar dhálaí maireachtála na bpobal áitiúil trí thionscadail éagsúla a fuair cistiúchán ón gCoimisiún Eorpach, lena n-áirítear an tionscadal Towards a new Multilevel Shared Approach for Libya Local governance (TAMSALL, a chríochnaigh go luath in 2024) agus an tionscadal Research and Education Building Urban Institutions for Local Development (REBUILD, ar tháinig deireadh leis i mí na Bealtaine 2025). Mar obair leantach ar REBUILD, seoladh tionscadal eile i mí Mhéan Fómhair 2025 arb é an sprioc atá leis feabhas a chur ar chórais bainistithe uisce in 12 bhardas sa Libia i gcomhpháirtíocht le Cúige Trento, Ollscoil Trento agus Lárionad Trento um Chomhar Idirnáisiúnta: MUWALI – Municipal Upgrading of Water Systems for Local Impact. Léiríonn na tionscadail sin an t-athrú atá tagtha ar an tacaíocht a fhaigheann Tionscnamh na Niocóise, rud a tugadh de réir a chéile ar dtús ach a bhfuil cruth níos struchtúrtha air anois.

Aithnítear Tionscnamh na Niocóise go hiomlán anois mar shampla den dea-chleachtas idirnáisiúnta maidir le comhar díláraithe i suíomhanna leochaileacha, mar a léiríodh i staidéar a rinne CnaR i mí an Mhárta 2026 ar an ábhar, staidéar a chuirfidh leis an tuairim ó CnaR Tábhacht an chomhair dhíláraithe agus thaidhleoireacht na gcathracha i gcur chuige an Aontais i leith comhthéacsanna leochaileacha (rapóirtéir Magali Altounian, FR/Renew).

Is próiseas ón mbun aníos é Tionscnamh na Niocóise, próiseas a fhreagraíonn do na riachtanais atá ag ceann de na tíortha comharsanacha is gaire don Aontas agus is leochailí dá bhfuil ann. An obair seo a dhéanann CnaR, léiriú atá inti ar an seasamh atá aige i leith thaidhleoireacht na gcathracha agus na taidhleoireachta idir piaraí, is é sin gur cuidiú mór atá iontu agus aghaidh le tabhairt ar dhúshláin fhadtéarmacha idirnáisiúnta ar bhealach inmharthana. Chomh maith leis sin, tá sí ag luí le straitéis dhomhanda an Aontais agus tuairim dhaingean CnaR gur cheart don Aontas Eorpach smaoineamh ar an leibhéal domhanda agus gníomhú ar an leibhéal áitiúil.

Cé leis a bhfuil Coiste na Réigiún ag obair?

I measc chathracha na Libia atá rannpháirteach sna tionscadail atá faoi chuimsiú Thionscnamh na Niocóise tá:

  • Tripoli Centre 
  • Tajoura
  • Benghazi 
  • Ghariyan
  • Tobruk
  • Tokra
  • Sabha
  • Sirte
  • Zintan
  • Zliten
  • Al Marj
  • Ajdabiya
  • Al Kufra
  • Al Beyda
  • Azzawiya 
  • Batan Al Jabal
  • Ghat
  • Derna
  • Jadu 
  • Nalout
  • Wadi Etba
  • Bint Beya

Na bardais atá páirteach ann, roghnaíodh iad de réir critéir éagsúla, mar shampla a thoilteanaí a bhí na méaraí easaontas a réiteach agus obair a dhéanamh i gcomhar le chéile, an sprioc gach réigiún den tír a bheith páirteach ann, cumas na mbardas teagmháil a dhéanamh le ceantair eile mórthimpeall orthu, agus comhpháirtíochtaí a bhunú le comhpháirtithe idirnáisiúnta.

Ba bhreathnóirí iad Méara Thripilí, Ibrahim Eshible, agus Méara Zliten, Muftah Ahmadi, sa Chomhthionól Réigiúnach agus Áitiúil Eora-Mheánmhara (ARLEM) go dtí 2025 agus iad ann thar ceann mhéaraí na Libia. An chuid is mó de bhaill Eorpacha ARLEM, ar comhthionól é ina dtugtar le chéile polaiteoirí agus ionadaithe polaitiúla ón Aontas Eorpach agus ó réigiún na Meánmhara, is comhaltaí de CnaR iad. Táthar ag fanacht faoi láthair le go n-ainmneofar an bheirt bhreathnóirí nua, ó reáchtáladh na toghcháin áitiúla is déanaí sa Libia agus tháinig rialtais áitiúla nua i gcumhacht.

Fónann CnaR mar rúnaíocht do Thionscnamh na Niocóise.

Cén chaoi a dtacaíonn CnaR le cathracha sa Libia?

Mar thionól polaitiúil, tá sé d’aidhm ag CnaR cabhrú le cathracha na Libia dul isteach sa chomhphobal idirnáisiúnta agus tairbhe a bhaint as comhpháirtíochtaí comhthairbheacha le cathracha agus réigiúin an Aontais a chuidíonn le forbairt inmharthana áitiúil agus réigiúnach a chothú. 

Ó 2011 i leith, tá an Libia thíos leis an suaitheadh polaitiúil ar an leibhéal náisiúnta. Cé go ndearnadh roinnt dul chun cinn thar na blianta, lena n-áirítear rialtas comhthola náisiúnta a bhunú, tá cúrsaí polaitíochta ar tinneall i gcónaí ann. Tá tionchar ag an ngéarchéim pholaitiúil sin ar shláinte, scolaíocht, slite beatha agus seansanna saoil na ndaoine i ngach cearn den Libia. Sa chomhthéacs dúshlánach sin, tá éirithe le roinnt mhaith rialtas áitiúil seirbhísí bunúsacha a choimeád ar siúl agus tá sainordú toghchánach agus dlisteanacht láidir i súile an phobail acu dá bharr. Ó thús na géarchéime, tá éirithe leo leibhéal áirithe cobhsaíochta a chur ar fáil dá bpobail. 

Ina fhianaise sin, chinn CnaR go bhféadfadh an tAontas cuidiú leis an Libia ar bhealach a mbeadh an-ghealladh faoi ach tacaíocht a thabhairt do chathracha na tíre. Bhí sé léirithe cheana ag cathracha agus réigiúin an Aontais go bhfuil an taithí pholaitiúil, an acmhainneacht institiúideach agus na scileanna teicniúla acu chun teacht i gcabhair ar a macasamhla ar fud an domhain. Trí Thionscnamh na Niocóise, féachann CnaR le tuilleadh tacaíochta a thabhairt don Libia i réimsí a bhfuil a mórthábhacht aitheanta ag údaráis riaracháin áitiúla na Libia.

Cén cineál tacaíochta atá de dhíth ar chathracha sa Libia?

Tá tacaíocht curtha ar fáil nó geallta ag réigiúin agus cathracha de chuid an Aontais sna réimsí seo a leanas:

  • Bainistiú uisce agus fuíolluisce: Murcia (ES)
  • Bainistiú dramhaíola: Antuairp (BE)
  • Cúram sláinte príomhúil: Vila Real (PT)
  • Riarachán poiblí: an Niocóis (CY)
  • Oiliúint teanga sa Bhéarla: údaráis áitiúla Mhálta (MT)
  • Bainistiú airgeadais agus trédhearcacht: Flóndras (BE)
  • Oiliúint i gcur chun cinn na síochána d'aos óg na Libia: Málaga (ES), Sligeach (IE), Cumann Rialtais Áitiúil Thuaisceart Éireann (an Ríocht Aontaithe)
  • Iascach, go háirithe an cód Euro a bhaint amach chun éisc a onnmhairiú ón Libia isteach i margaí an Aontais: Réigiún Féinrialaitheach Friuli Venezia Giulia (IT)
  • Iascach, próiseáil éisc agus dobharshaothrú: an Ghailís (ES)
  • Foghlaim leanúnach do rialtais áitiúla agus do lucht bainistíochta cáilíochta uisce: Cúige Féinrialaitheach Trento (IT)

Le linn cuairteanna staidéir ar an Aontas, thug saineolaithe ón Libia cuairteanna ar an láthair ar shaoráidí oibríochtúla, ghlac siad páirt i gceardlanna, i ndíospóireachtaí agus i ngníomhaíochtaí oiliúna, agus chuir siad tús le gníomhaíochtaí comhair níos fadtéarmaí le réigiúin agus cathracha an Aontais.

Tá CnaR ag obair faoi láthair chun tuilleadh tionscadail mhóra a spreagadh idir údaráis áitiúla agus réigiúnacha na Libia agus a macasamhla san Aontas.

Na hilmheáin

Doiciméid