Tá rabhadh á thabhairt ag Coimisiún ENVE Choiste Eorpach na Réigiún go bhfuil an baol ann go ndéanfar glas-snasú, go lagófar seachadadh spriocanna aeráide agus comhshaoil an Aontais, agus go méadófar…
Is é seo an t-eagrán is déanaí d’Fholáireamh Cistiúcháin an Chomhaontaithe Ghlais, nuachtlitir mhíosúil a choinníonn ar an eolas thú faoi dheiseanna agus tionscnaimh chistiúcháin a thacaíonn leis an bhforbairt inbhuanaithe agus leis an aistriú chuig an aeráidneodracht. Le heagrán na míosa seo, leagtar béim ar thrí phríomhthionscnamh lena gcuirtear ar chumas na n-údarás áitiúil agus réigiúnach tacaíocht a fháil chun dlús a chur leis an aistriú glas, agus béim á leagan ar an méid seo a leanas: infheistíochtaí an bheartais chomhtháthaithe atá ailínithe le cuspóirí aeráide agus fuinnimh a neartú, rannpháirtíocht na saoránach i gceapadh beartas a fheabhsú agus tionscadail an gheilleagair chiorclaigh a chur chun feidhme.
1. C4T GROUNDWORK - glao ar chúnamh teicniúil
An bhfuil tacaíocht theicniúil de dhíth ort chun an Comhaontú Glas a chur chun feidhme i do chathair nó i do réigiún?
D’oscail an Coimisiún Eorpach an glao C4T GROUNDWORK is déanaí ar chúnamh teicniúil, atá dírithe ar infheistíochtaí sa bheartas comhtháthaithe a neartú faoi Chuspóir Beartais 2. Tá sé dírithe ar fhuinneamh inbhuanaithe, ar an gcomhshaol, ar éifeachtúlacht acmhainní agus ar an aeráid. Díríonn an glao ar údaráis bhainistíochta, ar chomhlachtaí idirmheánacha agus ar údaráis phoiblí eile, ar féidir leo tacaíocht a fháil do phíblínte tionscadail, do straitéisí agus do threochláir, do rialachas, do rannpháirtíocht páirtithe leasmhara agus d’fhothú acmhainneachta chun seachadadh éifeachtach a bhaint amach.
Spriocdháta: 17 Samhain 2025 (23:59 Am Lár na hEorpa)
Faigh amach faoin seisiún faisnéise ar líne agus déan iarratas.
2. Painéil Fuinnimh na Saoránach – glao ar bhardais oscailte
An bhfuil bealaí á lorg agat chun dul i ngleic le dúshláin fuinnimh agus aeráide i do phobal áitiúil, agus páirt ghníomhach á tabhairt do shaoránaigh ag an am céanna?
Tugann an Mol Comhairleach um Fhuinneamh na Saoránach cuireadh do bhardais agus d’údaráis áitiúla Painéal Fuinnimh na Saoránach a óstáil (i gcomhpháirt) – imeachtaí aon lae atá dírithe ar réitigh a chomhfhorbairt ar shaincheisteanna éagsúla atá os comhair do phobail. Gheobhaidh na bardais roghnaithecúnamh teicniúil agus lóistíochta chomh maith le tacaíocht ar an láthair ó shaineolaithe le linn an imeachta. Moltar go mór comhoibriú idir réigiúin chomharsanacha.
Spriocdháta: 30 Eanáir 2026 (18:00 Am Lár na hEorpa)
Faigh amach conas iarratas a dhéanamh agus a bheith i d’óstach ar Phainéal Fuinnimh Saoránach!
3. An geilleagar ciorclach a chur chun cinn i gcathracha – cláir chomhairleacha saor in aisce C3: glao ar iarratais
An bhfuil suim agat dlús a chur leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach i do chathair?
Cuireann Lárionad na Cathrach Ciorclach (C3) clár Comhairleach um Chathair Chiorclach (CCA) agus clár Comhairleach um Thionscadail Chiorclacha (CPA)ar fáil chun tacú le cathracha ag céimeanna éagsúla dá n-aistriú ciorclach, ó mhúnlú straitéise, tríbhainistiú píblíne tionscadal go cur chun feidhme. Cuirtear na seirbhísí sin ar fáil saor in aisce do bhardais agus do thionscnóirí poiblí a oibríonn thar a gceann, le tacaíocht sheachtrach ón nGeilleagar Ciorcail, ó Arup, ó ICLEI agus ó Ecorys.
Spriocdháta: 7 Samhain 2025
Faigh amach cén clár is fearr a oireann do do chuid riachtanas.
Ceisteanna ar bith?
Déan teagmháil le foireann an Chomhaontaithe Ghlais ag greendeal@cor.europa.eu. Beidh siad sásta cabhrú.
Má chaill tú an t-eagrán deireanach den Fholáireamh Cistiúcháin, féach an Foláireamh Cistiúcháin maidir leis an gComhaontú Glas – Samhradh 2025.
Ná caill eagráin amach anseo d’Fholáireamh Cistiúcháin an Chomhaontaithe Ghlais trí liostáil le nuachtlitir an Chomhaontaithe Ghlais ar an Leibhéal Áitiúil .