Ráiteas ó Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún maidir le Coláiste nua na gCoimisinéirí
Ar an leathanach seo
- Commission
- Gnóthaí Bunreachtúla agus Institiúideacha
- Beartas Comhtháthaithe
“Thar ceann Choiste Eorpach na Réigiún, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le comhaltaí Choláiste nua na gCoimisinéirí, as a gceapachán inniu ag Parlaimint na hEorpa, agus a dhearbhú arís go bhfuilimid toilteanach go láidir oibriú le chéile ar mhaithe le hAontas Eorpach níos láidre agus níos cothroime.
“Beidh rannpháirtíocht iomlán na n-údarás áitiúil agus réigiúnach ríthábhachtach chun na príomhdhúshláin atá os comhair an Aontais a bhaint amach, amhail an ghéarchéim aeráide, rochtain ar thithíocht, ullmhú don mhéadú, agus go leor eile. Is díol sásaimh dúinn gur féidir leis an gColáiste seo brath ar roinnt comhaltaí a raibh an deis acu a gcathracha agus a réigiúin a stiúradh chomh maith le bheith ina gcomhaltaí de Choiste Eorpach na Réigiún. Is faoi na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ar fud na hEorpa atá sé na dúshláin sin a shárú, ós rud é go gcuireann siad níos mó ná 70 % de reachtaíocht an Aontais chun feidhme agus gurb iad atá freagrach as leath an chaiteachais phoiblí san Aontas. Chun leanúint den mhéid sin a dhéanamh, beidh beartas comhtháthaithe níos láidre agus athnuaite ag teastáil ó na réigiúin agus na cathracha, beartas a thógfar leis na réigiúin uile, de mheon na comhpháirtíochta, na bainistíochta comhroinnte, an rialachais il-leibhéil agus cur chuige áitbhunaithe. Dá bhrí sin, táimid ag brath ar thiomantas an Leas-Uachtaráin Feidhmiúcháin nua um chomhtháthú agus um athchóirithe oibriú i gcomhar le Coiste Eorpach na Réigiún chun togra uaillmhianach a chur ar aghaidh maidir leis an mbeartas comhtháthaithe.
“Oibreoimid mar chomhpháirtí dílis cuiditheach leis an gCoimisiún Eorpach, chun a áirithiú go dtabharfar ‘an tábhacht pholaitiúil atá tuillte acu’ do na réigiúin agus na cathracha, mar a luaigh an tUachtarán von der Leyen, go háirithe i bhfianaise an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile.”