Treoir do na meáin: Cruinniú Mullaigh Eorpach na Réigiún agus na gCathracha, an 18-19 Márta 2024
Ar an leathanach seo
- Talmhaíocht
- Forbairt na tuaithe
- Saoránacht
- Bréagaisnéis
- Todhchaí na hEorpa
- Rialachas il-leibhéil agus dílárú
- Coimhdeacht agus comhréireacht
- Athchóiriú ar an mbeartas comhtháthaithe
- An Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI)
- Comhtháthú críochach
- Rialachas Eacnamaíoch
- An beartas comhshaoil
- An Comhaontú Glas don Eoraip
- An Méadú
- Cosaint shóisialta
- Fiontraíocht agus Tionsclaíocht
Fís na réigiún agus na gcathracha i dtaca le todhchaí na hEorpa
le cur i láthair ag an gCruinniú Mullaigh in Mons sa Bheilg
Tiocfaidh Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún, Vasco Alves Cordeiro, Céad-Aire Réigiún na Vallúine, Elio Di Rupo, ceannairí áitiúla ó gach cearn den Aontas Eorpach agus ón domhan mór i gceann le chéile le Príomh-Aire na Beilge, Alexander De Croo, agus le príomhionadaithe Eorpacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta eile chun plé a dhéanamh ar na tosaíochtaí atá acu don am atá le teacht.
Ag an gCruinniú Mullaigh, tiocfaidh na mílte gobharnóirí, méaraí, agus comhairleoirí áitiúla le chéile le hairí náisiúnta agus le hionadaithe ó na rialtais náisiúnta, ó Pharlaimint na hEorpa, ón gCoimisiún Eorpach agus ón tsochaí shibhialta chun aghaidh a thabhairt ar chuid de na dúshláin phráinneacha a bheidh le sárú ag pobail áitiúla san Aontas sna blianta amach romhainn.
In Mons (cathair atá lonnaithe i Réigiún na Vallúine sa Bheilg agus a roghnaíodh mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2015), deanfaidh réigiúin agus cathracha an Aontais a bhfís féin do thodhchaí na hEorpa a leagan amach i ndearbhú a bheidh mar bhonn don díospóireacht phoiblí roimh na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa an 6-9 Meitheamh agus a chabhróidh le múnlú chlár oibre straitéiseach agus thosaíochtaí reachtacha an Aontais do na blianta atá le teacht. Cuirfear an dearbhú sin faoi bhráid Phríomh-Aire na Beilge, Alexander De Croo, atá i gceannas ar Uachtaránacht na Beilge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh faoi láthair.
Ina theannta sin, déanfaidh Comhghuaillíocht Eorpach na gCathracha agus na Réigiún ar mhaithe le hAtógáil na hÚcráine moltaí a ghlacadh chun cur chuige díláraithe i leith atógáil na hÚcráine a chur chun cinn agus cuirfidh sí faoi bhráid rialtas na Gearmáine agus rialtas na hÚcráine iad, ós iad a óstálfaidh an Chomhdháil maidir le Téarnamh na hÚcráine i mí an Mheithimh 2024. Beidh caint ag an ócáid ag Oleksandr Kubrakov, Leas-Phríomh-Aire na hÚcráine a bhfuil freagracht na hatógála air, agus ag Georg Milbradt, toscaire speisialta rialtas na Gearmáine um atógáil na hÚcráine.
Agus an Cruinniú Mullaigh le reáchtáil gan ach 11 sheachtain roimh na toghcháin Eorpacha, tiomnófar seisiún de do na toghcháin féin agus cloisfear ann ó cheannairí na ngrúpaí polaitiúla i bParlaimint na hEorpa nó ó iarrthóir tosaigh na ngrúpaí sin.
Deis a bheidh sa Chruinniú Mullaigh comóradh 30 bliain Choiste Eorpach na Réigiún a cheiliúradh. Bunaíodh an Coiste le Conradh Maastricht agus seoladh é i mí an Mhárta 1994. Deis a bheidh ann freisin éagsúlacht shaibhir agus éachtaí tábhachtacha réigiún na Vallúine a chur os comhair an phobail, agus an ról a bhí ag an mbeartas comhtháthaithe chuige sin ar fad a lua leis.
Déanfar sruthú gréasáin fíorama ar gach seisiún iomlánach agus ar gach seisiún painéil.
Rannpháirtithe ardleibhéil eile: na Coimisinéirí Eorpacha Margaritis Schinas, Elisa Ferreira, Věra Jourová, Nicolas Schmit agus Dubravka Šuica, airí náisiúnta ón mBeilg, ón Laitvia, ón bhFrainc, ón Spáinn agus ón Úcráin agus ionadaithe ó na rialtais fhonáisiúnta ó na Stáit Aontaithe, Ceanada, an Bhrasaíl, an Ghaimbia agus an Mháratáin, glacfaidh siad go léir páirt i réimse painéal ina ndíreofar ar ábhair amhail an inbhuanaitheacht, an t-aistriú cóir, an fhorbairt réigiúnach, an comhionannas inscne, agus an daonlathas áitiúil.
Painéil:
- na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa
- rannpháirtíocht na n-óg
- an comhionannas inscne
- an lánpháirtiú
- an athléimneacht
- an Úcráin
- an Comhaontú Glas
- an beartas comhtháthaithe
- an nuálaíocht dhigiteach
- seirbhísí poiblí
Gradam: reáchtálfar searmanas le haghaidh bhuaiteoir Ghradam an Mhéara Paweł Adamowicz, 2023, ar gradam é sin a cuireadh ar bun chun onóir a bhronnadh ar na saoránaigh agus ar na hionadaithe tofa a dhéanann gach a bhfuil ar a gcumas chun an daonlathas a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil.
Tuilleadh eolais
Clár: tá clár mionsonraithe agus an t-eolas ar fad ar fáil ar shuíomh gréasáin an chruinnithe mullaigh.
Ábhar closamhairc: is féidir tacaíocht agus eolas a fháil ach ríomhphost a chur chuig audiovisualCoR@cor.europa.eu. Beidh grianghraif ar fáil freisin ar leathanach Flickr CnaR.
Teagmháil:
Ríomhphost: PresseCdR@cor.europa.eu