Finland
Markku MARKKULA
Comhalta
Member of the Espoo City Council
Le linn théarma reachtach 2025-2030 Choiste Eorpach na Réigiún, oibreoidh an mheitheal um an gComhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil i dtreo clár oibre nua don aistriú glas a bheidh níos solúbtha agus níos réidh chun freagairt do riachtanais na hEorpa i gcomhthéacs atá ag teacht chun cinn agus ag an am céanna tacú le spriocanna aeráidneodrachta an Aontais. Thionóil an mheitheal a céad chruinniú de théarma nua CnaR an 3 Meitheamh faoi cheannaireacht an chathaoirligh nuathofa Markku Markkula (FI/PPE), Uachtarán Réigiún Heilsincí.
Cuirtear i dtábhacht sa treochlár a ghlac comhaltaí na meithle nach mór do chlár oibre athnuaite an Aontais maidir leis an aistriú glas iomaíochas inbhuanaithe agus uathriail straitéiseach a chothú, neamhionannais shóisialta a dhíothú agus leas breise a bhaint as acmhainneacht na nuálaíochta glaise laistigh de theorainneacha an phláinéid. I gcomhréir leis na moltaí i dtuarascáil an Chomhaontaithe Ghlais 2.0 a foilsíodh anuraidh, ní mór na réigiúin agus na cathracha lena gcomhthéacsanna agus lena riachtanais shonracha a chur i gcroílár an scéil chun dul i ngleic leis an athrú aeráide, le cailliúint na bithéagsúlachta, agus chun spriocanna maidir le truailliú nialasach a bhaint amach ag an am céanna.
Seo mar a labhair cathaoirleach na meithle um an gComhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil, Markku Markkula: “Tá an ghníomhaíocht áitiúil agus réigiúnach i gcroílár chlaochlú glas na hEorpa. Chun ár dtionchar a ardú, ní mór ról níos lárnaí fós a bheith ag na cathracha agus na réigiúin maidir le spriocanna aeráide an Aontais a chur chun cinn. Beidh ár gcur chuige ag teacht le tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais, lena gcuirfear chun cinn samhail dhinimiciúil, atá bunaithe ar an bhfoghlaim, den rialachas il-leibhéil lena gcuirtear béim ar chomhar trasearnála, ar chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí, agus ar cheapadh beartas áitbhunaithe atá bunaithe ar fhianaise. Le linn an tsainordaithe sin, beimid ag díriú ar ról na gcathracha agus na réigiún a uasghrádú — claochlú sistéamach a thaispeáint, comhpháirtíochtaí le hollscoileanna, tionscail agus ionaid taighde a neartú, agus comhar leis an gCoimisiún Eorpach a dhoimhniú chun dlús a chur le spriocanna aeráide na hEorpa a bhaint amach.”
Ós rud é go bhfuil na hiarrachtaí chun foinsí fuinnimh níos saoire agus níos inbhuanaithe a áirithiú ag éirí ina bpríomhghnéithe chun iomaíochas eacnamaíoch na hEorpa a chaomhnú, mhalartaigh na comhaltaí tuairimí maidir leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan le rapóirtéir CnaR William Elofsson (SE/PPE) agus le hionadaithe ó AS GROW agus AS ENER sa Choimisiún Eorpach. Leag na cainteoirí béim ar ról na réigiún agus na gcathracha chun claochlú an chórais a spreagadh agus chun a chinntiú go gcruthófar geilleagair rathúla ar fud an Aontais.
Phléigh an mheitheal freisin Clár Oibre an Aontais do Chathracha atá ar na bacáin agus ról na bpríomhthionscnamh agus na bpríomhlíonraí do chathracha agus do réigiúin, amhail Misin an Aontais, Cúnant na Méaraí agus na Príomhchathracha Glasa. Sa mhalartú tuairimí le Marcos Ros Sempere (ES/S&D) cathaoirleach Fhóram Uirbeach Pharlaimint na hEorpa agus le hionadaithe ó AS CLIMA, AS ENV, AS ENER agus AS REGIO an Choimisiúin Eorpaigh, leag na comhaltaí béim ar an ngá atá le sineirgí agus comhordú a fheabhsú ar fud na dtionscnamh éagsúil chun a áirithiú go nglacfar níos fearr leo ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach.
Faisnéis chúlra:
Is é is aidhm don mheitheal um an gComhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil a áirithiú go mbeidh guth na réigiún agus na gcathracha leabaithe sa phríomhphlé maidir le forbairt na mbeartas glas san Aontas amach anseo agus maidir leis na bearnaí, na riachtanais agus na dúshláin nua a bhaineann lena gcur chun feidhme ar an láthair. Chun léargas trasearnálach a thabhairt, tá an mheitheal comhdhéanta de 13 ionadaí tofa áitiúla agus réigiúnacha ar fud choimisiúin théamacha CnaR. Beidh an chéad chruinniú eile den ghrúpa ar siúl an 15 Deireadh Fómhair le linn Sheachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha.
Teagmháil:
Lauri Ouvinen
Teil. +32 473536887
lauri.ouvinen@cor.europa.eu
Finland
Comhalta
Member of the Espoo City Council
Sweden
Comhalta malartach
Second Deputy Mayor of Gävle Municipality