Bunaíodh i mí Feabhra 2016 é.
Misean
Is é misean an ghrúpa idir-réigiúnaigh seo an méid seo a leanas a dhéanamh:
- An Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir leis an Straitéis Mhacrairéigiúnach do Réigiún Shléibhte Cairp a chur chun cinn;
- Comhpháirtíochtaí a chur chun cinn, a thógáil agus a fhorbairt idir na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun cur le comhtháthú phobail Shléibhte Cairp agus chun aidhmeanna agus gealltanais choitianta a shainaithint;
- Rialtais stáit Shléibthe Cairp a thabhairt le chéile chun gníomhú ar a dtionscnamh féin chun Straitéis Mhacrairéigiúnach do Réigiún Shléibhte Cairp a chruthú trí iarratas foirmiúil a chur faoi bhráid na Comhairle Eorpaí;
- Díospóireachtaí, gníomhaíochtaí agus tionscadail a eagrú le hionadaithe ó na húdaráis áitiúla den dá thír nach Ballstáit den Aontas iad agus atá faoi stua Shléibhte Cairp (an tSeirbia agus an Úcráin), d'fhonn iad a chuimsiú i “straitéis mhacrairéigiúnach do cheantar Shléibhte Cairp" sa todhchaí, agus an comhar eatarthu nasctha go dlúth le cuspóirí forbraíochta agus slándála an Aontais;
- Tacaíocht a thabhairt don idirphlé le geallsealbhóirí Straitéis na Danóibe chun comhlántacht na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi chuimsiú Straitéis na Danóibe agus Straitéis Mhaicrairéigiúnach Réigiún Shléibhte Cairp a fhorbairt;
- Sásra comhordúcháin a áirithiú idir comhaltaí Choiste Eorpach na Réigiún i Réigiún Shléibhte Cairp chun cur chuige a dhearbhú laistigh de chomhlachtaí inniúla Choiste Eorpach na Réigiún, ar cur chuige comhpháirteach é i leith ábhair imní choiteanna a bhaineann le beartais de chuid an Aontais;
- Gníomhaíochtaí a dhéanamh arb é is aidhm dóibh aontachas an Aontais mar Pháirtí i gCoinbhinsiún Shléibhte Cairp a áirithiú;
- An bhrústocaireacht a threisiú i ndáil le réigiún Shléibhte Cairp ar leibhéal an Aontais chun an rannpháirtíocht pholaitiúil a spreagadh agus a áirithiú gur ábhar tosaíochta í an straitéis mhaicrairéigiúnach.