An Grúpa Idir-Réigiúnach um Chomhar Trasteorann

Grúpaí idir-réigiúnacha

Ar an leathanach seo

Bunaíodh an Grúpa Idir-Réigiúnach um Chomhar Trasteorann i gCoiste Eorpach na Réigiún i mí Iúil 2015.

Misean

Is é misean an ghrúpa idir-réigiúnaigh seo an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • barúlacha agus taithí a mhalartú: feidhmíonn an grúpa mar ardán chun léargais, taithí agus dea-chleachtais a mhalartú i dtaobh an chomhair trasteorann a chur chun cinn i measc chomhaltaí CnaR ó na réigiúin teorann;
  • tionchar a imirt: agus leas á bhaint as an eolas comhchoiteann, déanann an grúpa anailís ar thuairimí CnaR chun ábharthacht trasteorann a shainaithint agus chun a áirithiú go gcuirfear réitigh shaincheaptha san áireamh iontu. Comhoibríonn an grúpa go dlúth le rapóirtéirí agus cuireann sé leasuithe féideartha le chéile, lena dtacófaí le comhtháthú an chomhair trasteorann laistigh den bheartas comhtháthaithe;
  • an t-idirphlé a chothú: leis an ardán cumarsáide seo, éascaítear idirphlé leis an gCoimisiún Eorpach (AS REGIO), le Parlaimint na hEorpa, le comhlachais Eorpacha, agus le geallsealbhóirí eile amhail Comhlachas Réigiúin Teorann na hEorpa (CRTE), Mission Opérationnelle Transfrontalière (MOT) agus Seirbhís Lár na hEorpa do Thionscnaimh Trasteorann (CESCI).