Tá rabhadh á thabhairt ag Coimisiún ENVE Choiste Eorpach na Réigiún go bhfuil an baol ann go ndéanfar glas-snasú, go lagófar seachadadh spriocanna aeráide agus comhshaoil an Aontais, agus go méadófar…
Is é seo an t-eagrán is déanaí den Fholáireamh maidir le Maoiniú faoin gComhaontú Glas, nuachtlitir mhíosúil a choinníonn ar an eolas thú faoi dheiseanna maoinithe agus faoi thionscnaimh a thacaíonn leis an bhforbairt inbhuanaithe agus leis an aistriú chuig an aeráidneodracht. Taispeánann an t-eagrán seo duit conas iarratas a dhéanamh ar thacaíocht chun pleananna réigiúnacha bainistíochta riosca aeráide a fheabhsú, rochtain a fháil ar mhaoiniú do thionscadail nuálacha fuinnimh agus teicneolaíochta nó modhanna nua a fhorbairt chun cineálacha éagsúla truaillithe a rianú i do chathair. Léigh ar aghaidh chun a fháil amach conas leas a bhaint as na tionscnaimh seo!
1. Glao Climaax ar Thogra - Measúnú Riosca Aeráide Réigiúnach a Ghineadh
An údarás réigiúnach nó áitiúil thú nó an pobal thú i réigiúin agus i gceantair atá an-leochaileach ó thaobh thionchair an athraithe aeráide de? An bhfuil tacaíocht airgeadais agus phraiticiúil á lorg agat chun anailísí riosca aeráide réigiúnacha a dhéanamh chun feabhas a chur ar phleananna bainistithe riosca aeráide agus réigiúnacha?
Gheobhaidh tairbhithe an tionscadail ‘Climaax’ tacaíocht airgeadais, anailíseach agus phraiticiúil chun pleananna réigiúnacha bainistithe riosca aeráide agus éigeandála a fheabhsú. Tá suas le EUR 300 000 de chistiú cnapshuime ar fáil in aghaidh an tionscadail. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag tograí ó chomhlachtaí poiblí nó ó eintitis dhlítheanacha neamhbhrabúsacha Measúnú Riosca Aeráide réigiúnach a ghiniúint lena gcumhdófar cur chuige trí chéim. Beidh suas le 22 mhí ag na tairbhithe roghnaithe chun a dtionscadal a chur i gcrích.
Tuilleadh eolais faoin nglao anseo.
Spriocdháta chun iarratas a dhéanamh: 15 Deireadh Fómhair 2024 (17.00 Am Lár na hEorpa).
2. Tionscadail Nuálacha i gCathracha – Glao IOE ar Thograí
An bhfuil smaointe nua inscálaithe agat do do chathair maidir le conas dlús a chur leis an aistriú fuinnimh nó conas teicneolaíocht a úsáid chun seirbhísí a fheabhsú do chónaitheoirí?
An Tionscnamh Uirbeach Eorpach (EUI) – Glao ar Ghníomhaíochtaí Nuálacha, cuireann sé cómhaoiniú suas le EUR 5 mhilliún ar a mhéad ar fáil ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) do thionscadail a bhfuil uaschéim cur chun feidhme 3.5 bliana acu. Tá an tionscadal seo ag díriú ar thionscadail airgtheacha a dhíríonn ar an dá thopaic a bhaineann le ‘Aistriú Fuinnimh’,amhail líonraí fuinnimh áitiúla cliste agus comhtháite, agus ‘Teicneolaíocht i gCathracha’, mar shampla chun borradh a chur faoi chumais na n-údarás áitiúil seirbhísí ardcháilíochta a chur ar fáil do shaoránaigh.
Tá tuilleadh eolais faoin nglao le fáil anseo.
Spriocdháta chun iarratas a dhéanamh: 14 Deireadh Fómhair 2024 (14.00 Am Lár na hEorpa).
3. Cathrachaatá Saor ó Thruailliú – Glao an chláir Fís Eorpach
Ar mhaith leat cuidiú le cathracha na hEorpa a dhéanamh níos glaine agus níos sláintiúla? Ansin cuir isteach d’iarratas ar thionscadal Fís Eorpach maidir le Cathracha atá Saor ó Thruailliú.
Is é an sprioc modhanna nua a fhorbairt chun truailliú aeir, uisce, ithreach agus torainn a rianú, lena gcumasófar bearta níos eolaí agus níos spriocdhírithe chun é a laghdú agus ar deireadh chun cáilíocht na beatha a fheabhsú dár saoránaigh. Ní mór dhá chathair ar a laghad a bheith rannpháirteach i dtionscadail incháilithe, agus go hidéalach, is cathair í ceann amháin acu ar a laghad a roghnaíodh do Mhisean an Aontais maidir le Cathracha Cliste Aeráidneodracha agus/nó cathair a shínigh Comhaontú an Aontais maidir le Cathracha Glasa. Tá buiséad foriomlán EUR 20 milliún ag an nglao.
Faigh tuilleadh eolais faoin nglao anseo.
Spriocdháta chun iarratas a dhéanamh: 11 Feabhra 2025 (17.00 Am Lár na hEorpa).
An bhfuil aon cheist agat?
Déan teagmháil lenár bhfoireann um an gComhaontú Glas ag greendeal@cor.europa.eu. Beidh siad sásta cabhrú.
Má chaill tú an t-eagrán deireanach den Fholáireamh Maoinithe, is féidir leat teacht suas anseo.
Ná caill eagráin amach anseo d’Fholáireamh Maoinithe an Chomhaontaithe Ghlais trí liostáil leis an nuachtlitir ‘An Comhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil’.