Lauri Ouvinen
lauri.ouvinen@cor.europa.eu
Tháinig níos mó ná 50 saineolaí ardleibhéil ó gach cearn d’earnáil uisce an Aontais le chéile sa Bhruiséil an 21 Meán Fómhair don chéad chruinniú d’Ardán na nGeallsealbhóirí Athléimneachta Uisce. Sheol an Coimisiún Eorpach é in éineacht le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste Eorpach na Réigiún. Tionólfaidh Acadamh Uisce na hEorpa a chéad chruinniú tráthnóna.
Tagann an seoladh díreach cúpla lá tar éis don Uachtarán Ursula von der Leyen uisce a chur go daingean ar chlár oibre polaitiúil an Aontais ina haitheasc ar Staid an Aontais, agus Tionscnamh Uisce Eorpach nua á fhógairt aici.
Tar éis samhradh de theas foircneach agus triomaigh nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, ní raibh an gá atá ag an Eoraip le hathléimneacht uisce níos soiléire riamh. Ó fheirmeoirí a bhfuil acmhainní uisce ag dul i léig go táirgeoirí fuinnimh a laghdaíonn aschur mar gheall ar ghanntanais, tá athruithe sa timthriall uisce ag cur isteach ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar.
Dá bhrí sin, tá dlús á chur ag an gCoimisiún leis na hiarrachtaí chun a áirithiú nach bhfágfar aon phobal ar lár agus go gcuirfear an Straitéis Athléimneachta Uisce chun feidhme go héifeachtach agus go cothrom ar fud an Aontais.
Beidh gá le hathrú ó bhonn ar gach leibhéal chun cuspóirí athléimneachta uisce na hEorpa a bhaint amach faoi 2050. Beidh ról lárnach ag na Ballstáit, ag na cathracha agus ag na réigiúin, in éineacht le gnólachtaí, an saol acadúil, daoine óga, an tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí airgeadais. Is é an bealach is láidre chun cinn atá ag an Eoraip reachtaíocht uisce an Aontais agus an Straitéis Athléimneachta Uisce a chur chun feidhme go hiomlán i gcónaí.
Chun tacú leis an iarracht sin, tabharfaidh an tArdán nua raon leathan páirtithe leasmhara Eorpacha le chéile, lena n-áirítear ionadaithe gnó, an earnáil uisce, an tsochaí shibhialta, údaráis réigiúnacha agus áitiúla, agus rialtais na mBallstát. Díreoidh sé ar réimsí tosaíochta roghnaithe a bhaineann le hathléimneacht uisce a neartú, lena n-áirítear digitiú agus éifeachtúlacht uisce, chomh maith le deiseanna chun dlús a chur le hathúsáid uisce.
Cuideoidh an tArdán le bacainní cur chun feidhme a shainaithint, réitigh phraiticiúla a mholadh agus a áirithiú go léireoidh gníomhaíochtaí na Straitéise raon leathan leasanna poiblí agus earnála.
Sheol Jessika Roswall, an Coimisinéir um an gComhshaol, um Athléimneacht Uisce agus um Gheilleagar Ciorclach Iomaíoch, Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE), Séamus Boland, agus Leas-Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR), Carlos Moedas, go comhpháirteach é. Feidhmeoidh na trí institiúid mar chomhchathaoirligh le linn shainordú an Ardáin.
Seo mar a labhair an Coimisinéir Jessica Roswall: “Le samhradh seo an teasa fhoircnigh agus an triomaigh, leagadh béim níos mó ná riamh ar a bhunriachtanaí atá ár gclár oibre uisce chun ár n-athléimneacht a mhéadú, agus deimhnítear an méid sin leis an uaillmhian pholaitiúil athnuaite a leagtar amach i Staid an Aontais. Chun Straitéis Athléimneachta Uisce an Aontais a chur chun cinn, tá dhá phríomhthionscnamh á seoladh againn inniu. Trí thús a chur leis an Acadamh Eorpach Uisce agus le hArdán na nGeallsealbhóirí Athléimneachta Uisce, táimid ag bailiú gach duine timpeall an bhoird chun gníomhaíochtaí a dhéanamh dár n-uaillmhianta agus chun a chinntiú go mbeidh torthaí ar an gcur chun feidhme.’
Seo mar a labhair Leas-Uachtarán CnaR, Carlos Moedas (PT/PPE), Méara Liospóin: “Tá an Eoraip tar éis an treo a leagan síos maidir le hathléimneacht uisce. Anois, ní mór don Aontas Eorpach infheistíocht, nuálaíocht agus gníomhaíocht ar an láthair a dhéanamh den straitéis sin, rud a chuirfidh ar chumas na gcathracha agus na réigiún na saoránaigh a chosaint agus críocha níos athléimní a thógáil.”
Seo mar a labhair Séamus Boland, Uachtarán CESE: “Tríd an gComhaontú Gorm don Eoraip, tá CESE go seasta ag tacú leis an uisce mar thosaíocht straitéiseach don Eoraip. Is cloch mhíle thábhachtach é seoladh ardán na bpáirtithe leasmhara inniu chun an uaillmhian sin a chur i ngníomh. Mar fheirmeoir agus mar Uachtarán ar CESE, is cúis bhróid dom a bheith ag obair i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach agus le CnaR maidir le saincheist a bhaineann le gach gné de shaol na ndaoine. I dteannta a chéile, táimid ag tógáil na gcomhpháirtíochtaí is gá chun todhchaí uisce na hEorpa a chinntiú.”
Tuilleadh eolais
Tá sruthú beo ar fáil ón dá imeacht.
Beidh an chéad chruinniú den Acadamh Eorpach Uisce ann i ndiaidh an tseolta. Is gníomhaíocht shuaitheanta é an tAcadamh faoin Straitéis Athléimneachta Uisce, agus is é is aidhm dó tógáil ar earnáil uisce cheannródaíoch na hEorpa agus ar shaineolas leathan na hEorpa, cur le freagairt na hEorpa ar an ngéarchéim uisce, agus borradh a chur faoin ullmhacht agus faoi scileanna gairmiúla.
An 22 Meán Fómhair, mar chuid den chlár oibre níos leithne maidir le truailliú nialasach, tionólfar an chéad chruinniú d’Ardán athbhreithnithe Gheallsealbhóirí an Truaillithe Nialasaigh, agus beidh ballraíocht athnuaite ann. Leanfaidh an tArdán de thacaíocht a thabhairt don Choimisiún Eorpach cuspóirí an Phlean Gníomhaíochta um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú a bhaint amach.
lauri.ouvinen@cor.europa.eu
Portugal
Comhalta
Mayor of Lisbon