Theresa Sostmann
theresa.sostmann@cor.europa.eu
Agus an tírdhreach digiteach á mhúnlú níos mó agus níos mó ag an Intleacht Shaorga (IS), tá na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ar thús cadhnaíochta maidir le leas a bhaint as a hacmhainneacht chlaochlaitheach chun freastal ar riachtanais na saoránach. Agus aitheantas á thabhairt aige don ról lárnach atá ag an intleacht shaorga maidir leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach araon a chur chun cinn, ghlac Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) tuairim le linn an tseisiúin iomlánaigh an 21 Deireadh Fómhair, inar iarradh go mbeadh cláir láidre feasachta poiblí, oideachais agus oiliúna ann chun ‘bearna intleachta saorga’ idir réigiúin a bhfuil acmhainní maithe acu agus réigiúin nach bhfuil freastal ceart á dhéanamh orthu a sheachaint.
Tá sé d’acmhainn ag córaisintleachta saorga éifeachtúlacht na hearnála poiblí a fheabhsú agus tacú le réigiúin agus cathracha freagairt do na coigeartuithe is gá a dhéanamh ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach i gcomhthéacs an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh. Luaitear sa tuairim go bhféadfadh ról lárnach a bheith ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha (LRAnna), arb iad is gaire dá saoránaigh, maidir le leas a bhaint as acmhainneacht IS agus maidir le himscaradh freagrach IS a chur chun cinn i réimsí amhail pleanáil uirbeach, éifeachtúlacht fuinnimh, cúram sláinte agus iompar.
Satuairim uathu, d’iarr comhaltaí CnaR go mbeadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ar thús cadhnaíochta maidir le himscaradh freagrach na hintleachta saorga, ag díriú ar réimsí inar féidir leis an teicneolaíocht feabhas díreach a chur ar shaol na saoránach. Trí chomhar trasteorann a chothú agus éiceachórais intleachta saorga a chruthú lena gcomhtháthaítear an saol acadúil, earnálacha príobháideacha agus FBManna, is féidir leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha dlús a chur leis an nuálaíocht agus réitigh shaincheaptha a fhorbairt do riachtanais áitiúla.
Chuir na ceannairíáitiúla agus réigiúnacha i bhfios go láidir go bhfuil idir dheiseanna agus dúshláin ann do riaracháin phoiblí agus do shaoránaigh mar thoradh ar fhorbairt thapa na hintleachta saorga. Le Gníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga lena mbunaítear tacaíocht aontaithe d’úsáid fhreagrach na hintleachta saorga, cuirtear i bhfios sa tuairim ó CnaR go bhfuil gá le feasacht phoiblí, oideachas agus oiliúint scileanna chun an intleacht shaorga a ghlacadh chun cur chuige iomlán cothrom a áirithiú. Leag comhaltaí CnaR béim freisin ar an ngá atá le “bearna intleachta saorga” a sheachaint idir riaracháin ar féidir leo na teicneolaíochtaí sin a ghiaráil go héifeachtach agus iad siúd nach féidir leo, deighilt a d’fhéadfadh tosca geografacha agus socheacnamaíocha a threisiú.
Sa tuairim sin, chuir comhaltaí CnaR i bhfios go láidir gur cheart an leas is mó is féidir a bhaint as tairbhí na hintleachta saorga do na saoránaigh a bheith lárnach i gcónaí agus, ag an am céanna, cothromaíocht a bhaint amach idir maolú riosca agus tacaíocht a thabhairt do chaighdeáin cosanta sonraí agus frith-idirdhealaithe maidir le húsáid na hintleachta saorga, go háirithe i bhforfheidhmiú an dlí, chun cearta na saoránach a chosaint. D’áitigh siad freisin go mbeadh saoránaigh rannpháirteach i gceapadh beartas IS trí ardáin rannpháirtíochta, cruinnithe hallaí baile, agus boird chomhairleacha. D’iarr comhaltaí CnaR go gcuirfí oiliúint IS níos fearr ar fáil d’fhostaithe san earnáil phoiblí agus mhol siad clár ‘Erasmus+ IS’ chun dea-chleachtais a mhalartú go hidirnáisiúnta. Leag siad béim ar an litearthacht dhigiteach agus ar oideachas IS ón mbunscoil go dtí an t-oideachas aosach chun a chinntiú go mbainfidh gach duine tairbhe as IS, go háirithe grúpaí leochaileacha.
Luaigh:
Alberto CIRIO (IT/PPE), Uachtarán réigiún Piemonte: “Cégo bhfuil gach duine againn ag maireachtáil cheana féin i dtimpeallacht IS-chruthach, tá sé thar a bheith tábhachtach a mheabhrú nach bhfuil aon rud draíochta taobh thiar de, ach cruthaitheacht an duine, fiosracht agus, thar aon rud eile, smacht agus spriocanna. Má thugann creataí Eorpacha agus náisiúnta sraith dhaingean rialacha do chórais intleachta saorga, is faoi na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla atá sé dul ar an láthair trína n-úsáid chun seirbhísí níos fearr a chur ar fáil ar bhealach níos éasca agus níos tapúla, trí mhuinín na saoránach as na huirlisí sin a fheabhsú agus trí bhrú a chur ar nuálaithe féachaint ar réitigh nua ar dhúshláin atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo do chathracha agus do cheantair thuaithe araon.’
Tuilleadh eolais:
I mí Lúnasa 2024, tháinig an Gníomh um an Intleacht Shaorga i bhfeidhm mar an chéad chreat dlíthiúil cuimsitheach Eorpach riamh maidir leis an intleacht shaorga chun tacú le forbairt na hintleachta saorga iontaofa ar leibhéal an Aontais. Is é is aidhm do na rialacha nua a áirithiú go n-urramóidh córais intleachta saorga cearta bunúsacha, sábháilteacht agus prionsabail eiticiúla agus trí aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le samhlacha intleachta saorga atá an-chumhachtach agus a bhfuil tionchar acu toisc go bhfuil córais intleachta saorga á n-úsáid níos mó agus níos mó anois.
theresa.sostmann@cor.europa.eu
Italy
Comhalta
President of the Piedmont Region