Foláireamh Cistiúcháin maidir leis an gComhaontú Glas – Samhain 2025
Ar an leathanach seo
- Athrú Aeráide agus Fuinneamh
- Beartas don athrú aeráide
Is é seo an t-eagrán is déanaí d’Fholáireamh Cistiúcháin an Chomhaontaithe Ghlais, nuachtlitir mhíosúil a choinníonn ar an eolas thú faoi dheiseanna agus tionscnaimh chistiúcháin a thacaíonn leis an bhforbairt inbhuanaithe agus leis an aistriú chuig an aeráidneodracht. Le heagrán na míosa seo, leagtar béim ar phríomhthionscnaimh do shaoránaigh na hEorpa ar mhaith leo ról gníomhach a ghlacadh i ngníomhú an Aontais ar son na haeráide a chur chun cinn. Tá trí dheis ann; cúrsa ar líne faoin intleacht shaorga, glao ar shaineolaithe a thacaíonn le tionscadail fuinnimh saoránach agus maoiniú EUR 318 milliún faoin gclár Fís Eorpach le haghaidh tionscnaimh fuinnimh ghlais.
1. Acadamh an Aontais Eorpaigh um Ghníomhú ar son na hAeráide: An cúrsa IS le haghaidh Réitigh Aeráide
An bhfuil suim agat foghlaim conas is féidir le húsáid na hintleachta saorga tacú le dul chun cinn an aistrithe ghlais?
Tá dhá sheimineár gréasáin théamacha á n-eagrú ag Acadamh an Aontais um Ghníomhú ar son na hAeráide mar chuid dá gcúrsa ar líne maidir leis an intleacht shaorga le haghaidh Réitigh Aeráide. Dé Máirt, an 16 Nollaig, is féidir leat eolas a chur ar fheidhmchláir phraiticiúla IS a d’fhéadfadh a bheith ann, mar shampla le haghaidh córais fuinnimh agus faireachán adhaimsire. Mar obair leantach, éascóidh an seimineár gréasáin Dé Máirt an 27 Eanáir plé ar na dúshláin eiticiúla a bhaineann le IS a úsáid chun dlús a chur le gníomhú ar son na haeráide.
Dátaí: Dé Máirt, an 16 Nollaig 2025 (12:30-14:00 Am Lár na hEorpa) agus Dé Máirt, an 27 Eanáir 2026 (12:15-13:00 Am Lár na hEorpa)
Faigh amach faoi na cúrsaí oiliúna atá ar na bacáin agus cláraigh!
2. An Mol Comhairleach um Fhuinneamh na Saoránach: Glao ar shaineolaithe
Ar mhaith leat tacú le tionscadail fuinnimh saoránach a phleanáil agus a chur chun feidhme?
Tá saineolaithe á lorg ag an Mol Comhairleach um Fhuinneamh Saoránach a bheadh in ann cúnamh teicniúil a chur ar fáil do thairbhithe a gcláir. Táthar ag súil go mbeidh eolas ag na saineolaithe i gceann amháin ar a laghad de na réimsí seo a leanas: tacaíocht fothaithe acmhainneachta, tacaíocht infheistíochta agus airgeadais, tacaíocht theicniúil, tacaíocht dhlíthiúil, agus tacaíocht rannpháirtíochta páirtithe leasmhara. Chun tacaíocht shaincheaptha a áirithiú do thairbhithe, sannfar saineolaithe i ndáil le riachtanais shonracha na dtionscadal, agus cuirfear tús leis an gcomhar in earrach 2026.
Spriocdháta: Dé hAoine, an 16 Eanáir 2026
3. Fís Eorpach: Glao ar thionscadail faoi Chlár Oibre 2025 do Bhraisle 5
An bhfuil maoiniú á lorg agat do do thionscadal a bhaineann le fuinneamh inbhuanaithe?
Tá maoiniú á chur ar fáil ag an gCoimisiún Eorpach faoi Chlár Oibre 2025 Fís Eorpach do Bhraisle 5, do thionscadail i réimse na haeráide, an fhuinnimh agus na soghluaisteachta. Go sonrach, tá EUR 318 milliún ar fáil le haghaidh tionscnaimh atá nasctha leis na téamaí ‘Soláthar fuinnimh atá inbhuanaithe, slán agus iomaíoch’ agus ‘Úsáid fuinnimh atá éifeachtúil, inbhuanaithe agus cuimsitheach’. Is é is aidhm do na hinfheistíochtaí faoi Bhraisle 5 dlús a chur leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, agus na spriocanna aeráidneodrachta agus iomaíochais na hEorpa á gcur san áireamh.
Spriocdháta: Dé Máirt, an 17 Feabhra 2026 (17:00 Am Lár na hEorpa)
Féach na sonraí maidir leis an nglao agus an nasc chun iarratas a dhéanamh!
Ceisteanna ar bith?
Déan teagmháil le foireann an Chomhaontaithe Ghlais ag greendeal@cor.europa.eu. Beidh siad sásta cabhrú.
Má chaill tú an t-eagrán deireanach den Fholáireamh Cistiúcháin, is féidir leat teacht suas le Foláireamh Cistiúcháin an Chomhaontaithe Ghlais – Deireadh Fómhair 2025.
Ná caill eagráin amach anseo d’Fholáireamh Cistiúcháin an Chomhaontaithe Ghlais trí liostáil lenuachtlitiran Chomhaontaithe Ghlais ar an Leibhéal Áitiúil .