Theresa Sostmann
theresa.sostmann@cor.europa.eu
Cuireann an t-idirphlé i bhfios go láidir gur gá an t-aistriú cóir a chomhtháthú sa Bheartas Comhtháthaithe a bheidh ann amach anseo ar mhaithe le claochlú atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus cothrom ó thaobh na sochaí de
Tá gá le haistriú socheacnamaíoch i bpleananna an Aontais Eorpaigh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus aeráidneodracht a bhaint amach, rud atá le brath go géar sna réigiúin atá ag brath go mór ar bhreoslaí iontaise agus ar thionscail atá dian ar charbón. Ar an gcúis sin, d’óstáil Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) an tIdirphlé Il-Leibhéil maidir leis an Aistriú Cóir inar díríodh ar spriocanna sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil a chothromú agus iomaíochas na hEorpa á choinneáil ag an am céanna.
P Is próiseas leanúnach é aeráidneodracht a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. Mar sin féin, tá bacainní suntasacha roimh thionscail dianfhuinnimh, amhail monaraíocht mótarfheithiclí, agus b’éigean do go leor cuideachtaí oibrithe a chur as oifig. Dá bhrí sin, leag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chomh maith leis na ceardchumainn béim, in éineacht le hionadaithe an Choimisiúin, ar a thábhachtaí atá idirphlé agus comhordú idir comhlachtaí áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh chun a áirithiú go mbeidh an t-aistriú chuig geilleagar glas cothrom agus éifeachtach. Chuir siad i dtreis gur cheart go leanfadh sé de bheith ina phríomhthosaíocht ag an Aontas Eorpach aghaidh a thabhairt ar dhúshláin eacnamaíocha agus shóisialta an aistrithe sin, agus an inbhuanaitheacht á cur chun cinn ag an am céanna.
Le linn dhá phlé painéil,rinne comhaltaí CnaR, ionadaithe ón gCoimisiún, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí oibrithe iniúchadh ar conas acmhainní a leithdháileadh go straitéiseach ar na réigiúin is mó atá i ngátar, agus béim á leagan ar chomhar idir lucht ceaptha beartas, pobail áitiúla agus tionscail. Chuir siad i bhfios go láidir gur gá aghaidh a thabhairt ar riachtanais láithreacha, amhail poist a chaomhnú, agus spriocanna fadtéarmacha, amhail éagsúlú eacnamaíoch, trí chistiú straitéiseach a leithdháileadh. Thug siad aghaidh freisin ar an gcaoi a bhfuil prionsabail an aistrithe chóir leabaithe i reachtaíocht an Aontais atá ann cheana agus ar na feabhsuithe atá ag teastáil le haghaidh beartais a bheidh ann amach anseo. Scrúdaigh na painéalaithe an chaoi a bhféadfadh an reachtaíocht atá ar na bacáin tacaíocht níos fearr a thabhairt do réigiúin leochaileacha agus phléigh siad an tábhacht a bhaineann le comhar na bpáirtithe leasmhara.
Tugadh an t-idirphlé i gcrích leis na rannpháirtithe agus leagadh béim ar a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh aistriú cóir na hEorpa inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus cothrom ó thaobh na sochaí de. Beidh creataí beartais comhordaithe, leithdháileadh cistiúcháin straitéiseach, agus comhar trasearnála ríthábhachtach chun iarrachtaí dícharbónaithe a chothromú le hiomaíochas eacnamaíoch a choinneáil.
Sleachta athfhriotail:
Marco Marsilio (IT/ECR), Uachtarán réigiún Abruzzo: “Tá cur chuige céim ar chéim atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de ag teastáil chun a áirithiú go mbeidh an t-aistriú cóir agus nach gcuirfidh sé isteach ar ár n-iomaíochas. Ní mór don Choimisiún Eorpach nua athmhachnamh a dhéanamh ar na rialacháin agus na hamlínte is troime, amhail an rialachán maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin agus veaineanna nua, chun am a thabhairt dár dtionscail oiriúnú dóibh. Ina theannta sin, i bhfianaise na n-éileamh a chuirtear ar ár réigiúin agus ar ár dtionscail, ba cheart tuilleadh maoinithe a leithdháileadh chun tacú leis na tionscail agus na réigiúin is déine ó thaobh fuinnimh de ina n-iarrachtaí aistrithe.’
Sari Rautio (FI/PPE), comhalta de Chomhairle Cathrach Hämeenlinna: “Ní le hairgead amháin a bhaineann an t-aistriú díreach. Tá beartais áitbhunaithe agus duinebhunaithe de dhíth orainn, go háirithe san aistriú cóir. Toisc go bhfuil sé ar fad faoi dhaoine agus a saol. Teastaíonn scileanna éiceachórais uainn, agus daoine éagsúla le bheith ag obair le chéile. Ní mór dúinn scileanna daoine a fheabhsú, – muinín agus naisc nua dhearfacha a chruthú. Níor cheart dúinn duine óg aonair a fhágáil ar lár – ní mór dúinn ról a thabhairt do dhaoine óga san aistriú cóir, toisc gurb é a dtodhchaí siúd ar a bhfuilimid ag obair. Is éard atá i gceist leis an aistriú cóir tuairimí a oscailt i dtreo todhchaí níos gile.’
Raquel García González (ES/PSE), Ard-Stiúrthóir Gnóthaí Eorpacha bhardas Asturias: ‘Cégur measadh riamh gur deis do na réigiúin é uaillmhian aeráide an Aontais Eorpaigh, ba bhuille é do na geilleagair chríochacha sin atá ag brath go mór ar bhreoslaí iontaise. Tá gá le tacaíocht tríd an gCiste um Aistriú Cóir agus leanfaidh sí de bheith amhlaidh i mbuiséad an Aontais amach anseo, agus ba cheart í a dhéanamh ar bhealach sonrach difreáilte, agus tosaíocht á tabhairt do na réigiúin sin a bhfuil tús curtha acu leis an bpróiseas cheana féin agus a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar an éigeandáil a bhaineann leis an tsochaí ina hiomláine atógáil agus a chlaochlú. Ní mór do CUAC a bheith dírithe amach anseo ar bhunbhrí an chiste, ní aistriú cóir atá i gceist le gach aistriú glas.’
Tuilleadh eolais:
Is imeacht athfhillteach é an tIdirphlé Il-Leibhéil maidir leis an Aistriú Cóir atá á óstáil ag Coiste Eorpach na Réigiún agus á eagrú i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach. Is é is aidhm don Idirphlé malartú a chur chun cinn idir na leibhéil éagsúla rialachais i bpróiseas an aistrithe chóir ar fud na hEorpa. Athbhreathnú anseo.
Tá an t-aistriú cóir i réigiúin na hEorpa ríthábhachtach do Choiste Eorpach na Réigiún. Ina sheisiún iomlánach i mí Dheireadh Fómhair, ghlac CnaR antuairim maidir le ‘Aistriú Cóir do réigiúin uile an Aontais’ ón rapóirtéir Marco Marsilio (IT/ECR), ina leagtar béim ar an ngéarghá atá le cistiú spriocdhírithe ón Aontas agus le cur chuige atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de chun aistriú cóir a áirithiú nach gcuirfidh isteach ar iomaíochas réigiúin agus thionscail na hEorpa.
theresa.sostmann@cor.europa.eu
Italy
Comhalta
President of the Abruzzo Region
Finland
Comhalta
Member of the Hämeenlinna City Council
Spain
Comhalta malartach
Director General for European Affairs, Government of the Principality of Asturias