Hélène Dressen
helene.dressen@cor.europa.eu
Tá an tréimhse iarratais le haghaidhGhradaim an Aontais maidir le Táirgeadh Orgánach2025 oscailte go hoifigiúil agus beidh sí ar siúl go dtí an 27 Aibreán 2025. Aithníonn na gradaim, arna n-eagrú i gcomhpháirt ag Coiste Eorpach na Réigiún (CoR), an Coimisiún Eorpach, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, COPA-COGECA, agus IFOAM Organics Europe, tionscnaimh den scoth a chuireann le fás agus rath an táirgthe agus an tomhaltais orgánaigh. Déanann na gradaim ceiliúradh ar shármhaitheas, nuálaíocht, inbhuanaitheacht agus tionchar ar fud an tslabhra luacha orgánaigh.
Sé chatagóir agus seacht ngradam atá i nGradaim Orgánacha an Aontais, lena n-áirítear dhá dhuais speisialta a bhronnann Coiste na Réigiún: réigiún orgánach is fearr nó bithcheantar agus an chathair orgánach is fearr. Is féidir iarratais ar na catagóirí sin a chur isteach go dtí an 27 Aibreán 2025, agus nochtfar na buaiteoirí ar Lá Orgánach an Aontais, an 23 Meán Fómhair 2025.
Leis na gradaim sin, leanann CnaR den fheirmeoireacht orgánach inbhuanaithe a chur chun cinn trí mholtaí reachtacha a mholadh satuairimuaidh maidir le plean gníomhaíochta an Aontais don fheirmeoireacht orgánach. Ina theannta sin, i gcomhpháirtíocht leis an gCoimisiún Eorpach, tá CnaR tiomanta dea-chleachtais agus tionscadail cheannródaíocha arna bhforbairt ag pobail áitiúla ar fud an Aontais a chur ar taispeáint agus tacú leo.
Luaigh:
Kirstine Helene BILLE (DA/Na Glasaigh), ionadaí Choiste na Réigiún i ngiúiré na nGradam Orgánach: “Is ionann tiomantas don orgánach agus infheistíocht a dhéanamh i dtodhchaí ár gcríoch. Trí iarratas a dhéanamh ar Ghradaim Orgánacha na hEorpa, dearbhaíonn do chathair nó do réigiún a cheannaireacht maidir le talmhaíocht inbhuanaithe, bia sláintiúil agus geilleagar áitiúil athléimneach.’
Cúlra:
Tá na foirmeacha iarratais ar líne ar fáil anseo.
Tá ról lárnach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le táirgeadh orgánach a fhorbairt ina réigiúin. Tá roinnt luamhán ann is féidir leo a úsáid go réamhtheachtach, amhail beartas talún lena gcuirtear bunú feirmeacha nua chun cinn agus lena spreagtar feirmeoirí chun aistriú chuig an bhfeirmeoireacht orgánach, agus go hiartheachtach, trí mhargaí áitiúla a chruthú agus trína áirithiú go mbeidh asraon dá dtáirgí ag na daoine a théann i mbun na feirmeoireachta orgánaí. Spreagfaidh na Gradaim Orgánacha don réigiún orgánach agus don chathair orgánach is fearr iad chun níos mó fós a dhéanamh d’fhorbairt na hearnála seo.
In 2024, ba iad réigiún Savo Theas san Fhionlainn, cathair Bremen sa Ghearmáin, agus ceantar Bhithcheantar Sörmland, an tSualainn buaiteoirí Ghradaim Orgánacha an Aontais a bhronn CnaR orthu. Preaseisiúint
helene.dressen@cor.europa.eu
Denmark
Comhalta
Municipal Council Member, Syddjurs Municipality