Lauri Ouvinen
lauri.ouvinen@cor.europa.eu
Molannna réigiúin agus na cathracha go bhfuil gá le hathrú meoin i mbeartas aeráide an Aontais chun an nuálaíocht a chur chun cinn, chun infheistíocht phríobháideach agus phoiblí a shlógadh agus chun saoránaigh a spreagadh chun dul i dtreo na haeráidneodrachta. Ghlac ceannairí áitiúla agus réigiúnacha inniu in Espoo na Fionlainne sraith nua moltaí beartais a dhréachtaigh Markku Markkula (FI/PPE), Uachtarán Réigiún Heilsincí, agus d’fhormhuinigh siad seasamh comhpháirteach rialtais fhonáisiúnta an domhain do chomhdháil aeráide COP29.
Is oth leis andréacht-tuairimó Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) go bhfuil cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip fós neamhleor agus ró-ilroinnte, gan an t-eolas eolaíoch agus praiticiúil domhanda is fearr a ghiaráil go héifeachtach. Iarrann sé ar an gCoimisiún Eorpach nua a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le claochlú córasach ina bhfuil ról ceannasach ag cathracha agus réigiúin maidir le dlús a chur leis an nuálaíocht, saoránaigh a spreagadh le haghaidh athraithe agus nósanna inbhuanaithe táirgthe agus tomhaltais a chur chun cinn.
I gcomhréir leis antuarascáil ón gCoiste maidir leis angComhaontú Glas 2.0, leagtar béim sa dréacht-tuairim a chuir Markkula i láthair ar an ngá atá le sásraí nua a bhunú chun infheistíocht phríobháideach shuntasach a shlógadh agus chun éifeachtacht chistí comhtháthaithe agus Fís Eorpach an Aontais a fheabhsú chun tacú le tionscnaimh aeráide. Cuireann na réigiúin agus na cathracha i bhfios go láidir freisin go bhfuil gá le maoiniú TFN agus comhar poiblí-príobháideach a mhéadú chun dlús a chur le húsáid na dteicneolaíochtaí atá ann cheana agus chun teicneolaíochtaí nua a fhorbairt chun aeráidneodracht a bhaint amach. Tá an tuairim le glacadh go críochnaitheach ag an seisiún iomlánach i mí na Samhna.
D’fhormhuinigh comhaltaí an Choimisiúin um an gComhshaol, Athrú Aeráide agus Fuinneamh (ENVE) in CnaR freisin comhsheasamh rialtais fhonáisiúnta an domhain do chomhdháil COP29 maidir leis an aeráid, a bheidh ar siúl in Baku na hAsarbaiseáine i mí na Samhna. Bhí Coiste na Réigiún ar thús cadhnaíochta maidir le dréachtú na n-iarrataí beartais a comhaontaíodh idir príomhlíonraí idirnáisiúnta agus a foilsíodh go hoifigiúil i Nua-Eabhrac an tseachtain seo.
Tá toghlach na Rialtas Áitiúil agus na nÚdarás Bardasach (LGMA), a dhéanann ionadaíocht ar chathracha agus ar réigiúin ag an gcaibidlíocht idirnáisiúnta maidir leis an aeráid, ag súil go gcuirfidh COP29 gníomhaíocht il-leibhéil chun cinn agus go gcomhaontóidh sé Sprioc Nua Chomhchainníochtaithe uaillmhianach maidir le maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide lena gcumasófar aistriú cóir, cothrom agus dea-mhaoinithe ar gach leibhéal rialtais, lena n-áirítear rochtain dhíreach do rialtais áitiúla agus do rialtais fhonáisiúnta eile. Tá rialtais fhonáisiúnta ag iarraidh freisin na cláir oibre maidir leis an aeráid, an dúlra, an truailliú agus an fhorbairt inbhuanaithe a ailíniú agus a áirithiú go gcuirfear cathracha agus réigiúin san áireamh san athbhreithniú ar na Rannchuidithe arna gCinneadh go Náisiúnta, atá le bheith ann faoi COP30 in 2025.
Ba dhíol sásaimh do cheannairíáitiúla agus réigiúnacha go bhfuil an Fhionlainn tar éis dul isteach sa Chomhghuaillíocht um Chomhpháirtíochtaí Il-Leibhéil Ard-Uaillmhéine (CHAMP), mar a léirigh Aire Aeráide agus Comhshaoil na Fionlainne Kai Mykkänen in Espoo inniu. Faoi láthair tá an tionscnamh sínithe ag 12 Bhallstát de chuid an Aontais agus 73 thír, tionscnamh a seoladh ag COP28 anuraidh agus lena n-áirítear gealltanas chun feabhas a chur ar an gcomhar le rialtais fhonáisiúnta maidir le straitéisí aeráide a phleanáil, a mhaoiniú, a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu.
Sleachta athfhriotail:
Kata Tüttő (HU/PSE), Céad Leas-Chathaoirleach Choimisiún ENVE agus Leas-Mhéara Bhúdaipeist: ‘Is ábhar imní eile iad na tuilte a tharla le déanaí i Lár agus in Oirthear na hEorpa, ach i dtuaisceart na hIodáile freisin, agus na tinte sa Phortaingéil, ag meabhrú nach mór don Aontas beartais uaillmhianacha maidir leis an gComhaontú Glas a shaothrú. Is féidir leis an bhfás eacnamaíoch agus leis an inbhuanaitheacht chomhshaoil a bheith fite fuaite ina chéile agus ní mór dóibh a bheith fite fuaite ina chéile. Táimid ag súil go gcuirfidh an Coimisiún Eorpach nua a uaillmhian i bhfeidhm oibriú go dlúth le cathracha agus réigiúin. Táimid ag tnúth le clár ón gCoimisiún a thacóidh lenár n-iarrachtaí agus a thabharfaidh na huirlisí is gá dúinn chun tionscadail a chur chun feidhme ar an láthair.”
Markku Markkula (FI/PPE), Uachtarán Réigiún Heilsincí agus rapóirtéir na tuairime maidir le Todhchaí Bheartas Aeráide AE: spriocanna maolaithe agus dúshláin oiriúnaithe a ailíniú: ‘Tá gníomhaíochtaí reatha an Aontais ar son na haeráide go maith ach tá siad i bhfad ró-ilroinnte. Ní hamháin go mbaineann sé lena bhfuil riachtanach don dúlra agus don phláinéad, ach baineann sé freisin le todhchaí thionscal, iomaíochas, taighde agus rathúnas an Aontais. Is é atá ag teastáil anois ná athrú sistéamach uile-Eorpach atá bunaithe ar cheannaireacht nuálach il-leibhéil a spreagann gach duine a bpáirt a ghlacadh óna bpointí tosaigh féin. Tá géarghá le teicneolaíochtaí agus réitigh nua aeráidneodrachta a fhorbairt trí chomhar poiblí príobháideach sa taighde, san fhorbairt agus sa nuálaíocht.’
Kai Mykkänen,Aire Comhshaoil agus Aeráide na Fionlainne: ‘An tseachtain seo caite chuaigh an Fhionlainn isteach i dtionscnamh CHAMP chun borradh a chur faoin ngníomhú ar son na haeráide i gcathracha agus i réigiúin. Tá an obair a dhéantar i mbardais ar fud an domhain ríthábhachtach chun na spriocanna aeráide a bhaint amach. San Fhionlainn táimid in ann astaíochtaí a laghdú agus ag an am céanna aire a thabhairt d'fhás an gheilleagair. Leanann ár rialtas de bheith ag tacú le gealltanais agus gníomhaíochtaí aeráide níos láidre chun astaíochtaí a laghdú san Aontas agus ar fud an domhain.’
Tuilleadh eolais:
Beidh comhdháil aeráide COP29 ar siúl in Baku na hAsarbaiseáine ón 11 go dtí an 22 Samhain. Déanfaidh CnaR ionadaíocht ar ghuth na gcathracha agus na réigiún i dtoscaireacht an Aontais. Léigh tuilleadh faoi rannpháirtíocht Choiste na Réigiún: Cathracha agus réigiúinan Aontais ag COP29 UNFCCC
Ghlac Janez Potočnik, comhchathaoirleach Phainéal Idirnáisiúnta Acmhainní UNEP, agus Leena Ylä-Mononen, Stiúrthóir na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil, páirt sa díospóireacht ag cruinniú Choimisiún ENVE. Ina idirghabháil chianda, chuir an tUasal Potočnik i bhfios go láidir go bhfuil gá le claochlú córasach le cur chuige iomlánaíoch chun bogadh i dtreo fás atá cóir go sóisialta agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, lena dtabharfar aghaidh ar thaobh an mhargaidh agus ar thaobh an éilimh araon.
Leanfaidh imeachtaí ChoimisiúnENVE ar aghaidh in Espoo Dé hAoine le comhdháil ina gcuirfear cleachtais nuálacha i láthair ón bhFionlainn agus níos faide i gcéin maidir le gníomhú ar son na haeráide agus an t-aistriú glas a chur chun cinn. Labhróidh Anna-Kaisa Ikonen, Aire Rialtais Áitiúil agus Réigiúnaigh na Fionlainne, ag an oscailt.
Teagmháil:
Lauri Ouvinen
Teil: +32 473 536 887
lauri.ouvinen@cor.europa.eu
lauri.ouvinen@cor.europa.eu
Finland
Comhalta
Member of the Espoo City Council
Hungary
Comhalta
Member of the General Assembly of Budapest Capital