Vasco ALVES CORDEIRO

Vasco ALVES CORDEIRO

Ar an leathanach seo

Bhí Vasco Alves Cordeiro (PT/PSE) ina Uachtarán ar Choiste Eorpach na Réigiún ó mhí an Mheithimh 2022 go dtí mí Feabhra 2025. 

Is comhalta é de Thionól Reachtach Réigiún Féinrialaitheach na nAsór agus bhí sé ina Uachtarán ar Rialtas Réigiúnach na nAsór ó 2012 go dtí 2022. Tá sé ina chomhalta de Choiste Eorpach na Réigiún ó 2013, agus, roimhe sin, ó 2004 go dtí 2008, bhí sé ina chomhalta malartach den Choiste. 

Ba é mana a thréimhse uachtaránachta ‘Eoraip i gcomhair cách agus i gcomhar le cách’. Ba ar thrí bhuntosaíocht a dhírigh sé a aird le linn na tréimhse sin: an Eoraip a dhéanamh níos láidre agus níos cothroime, comhrac a dhéanamh ar son beartas comhtháthaithe athnuaite, agus stádas polaitiúil Choiste Eorpach na Réigiún a chur chun cinn. 

Faoina cheannas, treisíodh Coiste Eorpach na Réigiún ina ról mar thionól polaitiúil na réigiún agus na gcathracha san Eoraip, agus cuireadh le cumas an Choiste reachtaíocht an Aontais a mhúnlú a thuilleadh le go bhfreastalóidh sí ar an uile dhuine agus an uile chríoch. I measc na n-éachtaí a baineadh amach le linn a théarma oifige tá an méid a leanas: an Cruinniú Mullaigh Eorpach ba mhó a reáchtáladh riamh de na Réigiúin agus na Cathracha, teagmháil láidir leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i bhfianaise na dtoghchán Eorpach, fís nua den bheartas comhtháthaithe (foilsíodh dhá thuairim ar an ábhar), agus comhar athnuaite le Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach. Bhí ról lárnach aige freisin maidir leis an gCoiste a chur ag obair ar son na hÚcráine, mar shampla Comhghuaillíocht Eorpach na gCathracha agus na Réigiún ar mhaithe le hatógáil na hÚcráine ar cuireadh tús leis, agus pacáiste tacaíochta 10 bpointe a cuireadh faoi bhráid Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy. Chuir sé tús le bealaí nua comhair ar fud na cruinne, leis na Stáit Aontaithe agus leis an mBrasaíl, cuir i gcás, agus ba é ba chúis le hathchóirithe inmheánacha go leor, ina measc straitéis nua maidir leis an gcomhionannas inscne, ceann eile leis an gCoiste a dhéanamh neodrach ó thaobh díobháil aeráide de, mar aon le rialacha nós imeachta nua.

An nuacht is déanaí

Na hilmheáin

Is féidir tuilleadh físeán a aimsiú ar an seinnliosta YouTube 

Doiciméid