Spain
Margarita PROHENS RIGO
Comhalta
President of the Balearic Islands Government
Le linn a Sheisiúin Iomlánaigh an 10 Nollaig,ghlac Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) tuairim inar áitíodh ar an Aontas Eorpach athmhachnamh bunúsach a dhéanamh ar an gcaoi a mbainistítear an turasóireacht ar fud na hEorpa. Faoi stiúir Margarita Prohens Rigo (ES/PPE), Uachtarán Rialtasna nOileán Bailéarach,iarrtar sa tuairim go mbeadh straitéis AEannlena gcosnófar cáilíocht saoil na gcónaitheoirí, lena gcaomhnófarsócmhainnínádúrtha agus cultúrtha agus lena n-áiritheofar go leanfaidh an turasóireacht debheithina fíorspreagadh don rathúnas comhroinnte.
Le níos mó ná 551 mhilliún cuairteoir in 2024,tá an Eoraipfós ar an gceann scríbe is mó ar domhan, ach tá go leor réigiún faoi bhrú ó phlódú, ganntanas tithíochta, tionchair ar an gcomhshaol, agus seirbhísí róshínte. Tá rabhadh á thabhairt ag CnaR nach mbeidh tairbhí eacnamaíocha na turasóireachta inbhuanaithe mura ndéantar an t-éileamh a bhainistiú go cliste, mura n-urramaítear teorainneacha críochacha, agus mura gcuirtear pobail i gcroílár na cinnteoireachta.
Isdíol sásaimh do CnaR an deis rannchuidiú le straitéis turasóireachta inbhuanaithe an Aontais agus iarrann sé go mbeadh ról níos láidre ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir lena gceann scríbe a mhúnlú, a bhainistiú agus a rialáil. Áitíonn na réigiúin agus na cathracha ar an Aontas a n-acmhainneachtaí institiúideacha, airgeadais agus teicniúla a threisiú agus tacú le cláir oiliúna do bhainisteoirí turasóireachta ag an am céanna. Leagtar béim sa tuairim ar an ngá atá le cineálacha cur chuige saincheaptha do réigiúin a bhfuil dálaí geografacha eisceachtúla acu, amhail oileáin, limistéir shléibhtiúla, limistéir thuaithe, agus na réigiúin is forimeallaí. Ba cheart go bhfaigheadh na limistéir sin gníomhaíochtaí agus cistiú spriocdhírithe chun turasóireacht inbhuanaithe athléimneach a fhorbairt lena gcuirtear dul chun cinn sóisialta chun cinn.
Leagtar béim ann freisin ar thionchar na gcíosanna gearrthéarmacha neamhrialáilte ar thithíocht, ar chomhtháthú sóisialta agus ar sheirbhísí poiblí, agus iarrtar rialáil éifeachtach, faireachán, forfheidhmiú rialacha an Aontais maidir le comhroinnt sonraí, agus teorainneacha ar cheadanna nua.
Cuireannna ceannairí áitiúla agus réigiúnachain iúl go láidir nachmór an beartas turasóireachta a ailíniú leis an aistriú glas. Áirítear leis sin infheistíochtaí i soghluaisteacht ilmhódach agus íseal-astaíochtaí, rochtain inbhuanaithe ar láithreáin nádúrtha agus chultúrtha, nascacht éifeachtúil d’oileáin agus do cheantair iargúlta, dianchaighdeáin éifeachtúlachta uisce ar fud an Aontais, agus bearta lena gcuirtear ciorclaíocht fuinnimh, uisce, bia agus ábhar chun cinn.
Ar deireadh, tá CnaR ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach agus ar an gComhairle plean gníomhaíochta a dhéanamh destraitéisturasóireachta inbhuanaithe an Aontaisina mbeidh acmhainní soiléire, amlínte agus sásraí meastóireachta. Molann sécoiste um thurasóireacht chríochach inbhuanaithe a bhunú le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, le saineolaithe agus le líonraí téamacha chun dea-chleachtais a chomhroinnt agus chun cur chun feidhme éifeachtach áitbhunaithe na straitéise a áirithiú.
Luaigh
Rapóirtéir: Margarita Prohens Rigo (ES/PPE), Uachtarán Rialtas na nOileán Bailéarach: “Leis an tuairim seo, tá sé d’aidhm againn céim chinntitheach a ghlacadh: bogadh ón turasóireacht a bhainistiú go dtí í a athrú ó bhonn, agus fíor-chomhghuaillí a dhéanamh di chun míchothromaíochtaí a cheartú, borradh a chur faoin iomaíochas inbhuanaithe, agus torthaí sóisialta agus críochacha a ghiniúint. Toisc nach í turasóireachtna todhchaí an ceann a mheallann na cuairteoirí is mó,ach an ceann a sheachadann an dea-bhail is mó dá saoránaigh. Is mian linn go mbeadh an tuairim seo ina luamhán don athrú, ina luamhán a bhfuil ár gcríocha ag fanacht leis, atá tuillte ag ár saoránaigh, agus atá de dhíth ar an Eoraip.’
Cúlra
Físeán agus grianghraif ón seisiún.
Tátuarascáilá hullmhú ag Parlaimint na hEorpa maidir le ‘An nascacht a fheabhsú, an oidhreacht chultúrtha a chaomhnú agus barr feabhais áitiúil a spreagadh i dturasóireacht na hEorpa – bainistiú cinn scríbe agus fás na turasóireachta réigiúnaí’ faoi stiúir an Fheisire Daniel Attard (MT/S&D), agus tuarascáil maidir leis an ‘Creat chun infhaighteacht agus slándáil soláthair táirgí íocshláinte criticiúla a neartú chomh maith le hinfhaighteacht agus inrochtaineacht táirgí íocshláinte leasa choitinn’ faoi stiúir an Fheisire Tomislav Sokol (HR/PPE).
Teagmháil
Hélène Dressen
Teil: +32 471502795
Helene.dressen@cor.europa.eu
Spain
Comhalta
President of the Balearic Islands Government