Tá na réigiúin agus na cathracha ríthábhachtach maidir le cur chuige ‘omnibus’ an Choimisiúin Eorpaigh lena moltar treoracha a athbhreithníodh le déanaí a athoscailt, agus tathantaíonn siad ar an…
*** Tá an t-aistriúchán ar fáil anois i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais ***
Is é seo an t-eagrán is déanaí d’Fholáireamh Cistiúcháin an Chomhaontaithe Ghlais, nuachtlitir mhíosúil a choinníonn ar an eolas thú faoi dheiseanna cistiúcháin agus tionscnaimh lena dtacaítear leis an bhforbairt inbhuanaithe agus leis an aistriú chuig an aeráidneodracht. Cuireann an t-eagrán seo tacaíocht ghairmiúil agus treoirlínte ar fáil chun teacht ar an gcur chuige maoiniúcháin ceart maidir le do thionscadail um oiriúnú don athrú aeráide, agus cuireann sé deiseanna ar fáil i ndáil le piarfhoghlaim ó chathracha eile atá uaillmhianach ó thaobh na haeráide de. Léigh ar aghaidh le fáil amach conas is féidir leat tairbhe a bhaint as na tionscnaimh sin!
1. Laethanta um Oiriúnú 2024 BEI – tugadh cuireadh do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha deiseanna maidir le cistiú don oiriúnú a phlé agus comhairle a fháil ó shaineolaithe maidir le smaointe tionscadail agus pleananna infheistíochta
Chuaigh an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) i dteagmháil le Coiste na Réigiún agus thug sé cuireadh do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha páirt a ghlacadh i Laethanta um Oiriúnú 2024 BEI. An 24 agus an 25 Aibreán, tabharfaidh BEI lucht féachana éagsúil le chéile ina mbeidh suas le 100 cleachtóir chun an taithí atá faighte acu a phlé agus a chomhroinnt maidir le tionscadail um oiriúnú a phleanáil, a mhaoiniú agus a chur chun feidhme. Ócáid hibrideach a bheidh ann (i Lucsamburg agus ar líne).
An 24 Aibreán, reáchtálfar seisiún ar leith do na cathracha agus do na húdaráis áitiúla ina ndíreofar ar bhacainní infheistíochta agus ar smaointe a d’fhéadfadh cuidiú chun na bacainní sin a shárú. D'fhéadfadh suim ar leith a bheith ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sa seisiún sin. Ag deireadh an dá lá, beidh deis agat do smaointe tionscadail agus do phleananna infheistíochta a phlé le saineolaí de chuid BEI i gceardlanna tionscadail. I gcás na gceardlann tionscadail, ní mór sliotán ama a chur in áirithe roimh ré trí ríomhphost a sheoladh chuig eibadaptationdays2024@eib.org agus faisnéis ábhartha faoi do thionscadal a chur in iúl.
Faigh amach tuilleadh faoi Laethanta um Oiriúnú BEI agus cláraighanseo!
2. Treoir nua maidir le Cistiú agus Maoiniú MIP4Adapt – Tacú le hOiriúnú na Réigiún don Athrú Aeráide
An bhfuil tú ag streachailt chun cistiú nó maoiniú a fháil do do phleananna um oiriúnú? Más ea, caith súil ar an Treoir is déanaí maidir le Cistiú agus Maoiniú ó Mhisean an Aontais Eorpaigh maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide.
Tugtar forléargas sa treoir ar fhoinsí agus ionstraimí éagsúla cistiúcháin agus maoiniúcháin, lena n-áirítear deontais, comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha, sluachistiú agus cistí daonchairdiúla, arb é is aidhm dóibh tacú le tionscnaimh réigiúnacha um oiriúnú don athrú aeráide a mhaoiniú.
3. Misean Chathracha an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar Chomhchathracha
An bhfuil do chathair tiomanta dul i ngleic leis an athrú aeráide agus an bhfuil spéis aici foghlaim ó chathracha eile? Tacaíonn Clár Foghlama na gComhchathracha, clár a mhaireann 20 mí, le comhchathracha chun foghlaim ó chathracha píolótacha agus réitigh agus cuir chuige nuálacha maidir leis an aeráid a ghlacadh.
Chun teacht ar thuilleadh sonraí agus ar na critéir incháilitheachta, cliceáil anseo. Cuirfear tuilleadh doiciméad agus treorach maidir le hiarratas a dhéanamh ar fáil an 8 Aibreán ar an suíomh seo.
Osclófar an clárú Dé Luain, an 8 Aibreán 2024
Ceist ar bith agat?
Déan teagmháil le foireann an Chomhaontaithe Ghlais ag greendeal@cor.europa.eu. Beidh siad sásta cabhrú leat.
Má chaill tú an t-eagrán den Fholáireamh Cistiúcháin an mhí seo caite, is féidir an nuacht is déanaí a fháil anseo.
Ná caill eagráin amach anseo d’Fholáireamh Cistiúcháin an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip trí chlárú le nuachtlitir an Chomhaontaithe Ghlais ar an Leibhéal Áitiúil.
Rúnaíocht fheachtas an Chomhaontaithe Ghlais ar an Leibhéal Áitiúil