Na réigiúin ag obair le chéile chun dlús a chur le leathnú thionscal leathsheoltóirí na hEorpa
Ar an leathanach seo
- An Beartas Digiteach agus Nascacht
- Taighde agus Nuálaíocht
Sheol Coiste Eorpach na Réigiún, in éineacht le stát na Sacsaine, Comhghuaillíocht Eorpach na Réigiún Leathsheoltóirí inniu. Is líonra polaitiúil í an chomhghuaillíocht sin de na réigiúin a bhfuil iarracht á déanamh acu chun borradh a chur faoi chumas na hEorpa leathsheoltóirí agus micrileictreonaic a tháirgeadh, rud a laghdóidh a spleáchas ar sholáthairtí ó thríú tíortha. Tá sé d’aidhm ag an gComhghuaillíocht na bacainní ar fhorbairt straitéiseach an tionscail a shainaithint agus na bacainní sin a bhaint, trí fheabhas a chur ar an gcreat dlíthiúil, infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a chur chun cinn, tacú le comhroinnt eolais agus slabhraí luacha láidre a fhorbairt.
I ngeall ar an nganntanas leathsheoltóirí ar fud an domhain, tá sé tagtha chun solais go bhfuil na réigiúin agus na cathracha spleách ar sholáthar ó líon teoranta cuideachtaí agus go bhfuil siad leochaileach i leith srianta ar onnmhairiú ó thríú tíortha agus suaitheadh eile sa chomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair. Is éard atá sa sciar iomlán de mhargadh domhanda na leathsheoltóirí atá ag an Aontas luach 10 % den mhargadh sin, sciar atá i bhfad faoi bhun a ualaigh eacnamaíoch.
Chun tacú le leathnú agus éagsúlú earnáil na sliseanna san Aontas Eorpach, tá 27 réigiún ó 12 Bhallstát tagtha le chéile chun Comhghuaillíocht Eorpach na Réigiún Leathsheoltóirí a bhunú chun a dtaithí phraiticiúil sa réimse straitéiseach sin a roinnt agus chun an Eoraip a neartú mar phríomhghníomhaí san iomaíocht dhomhanda leis na Stáit Aontaithe agus leis an tSín.
Chuir Michael Kretschmer, Céad-Aire na Sacsaine, tús leis an imeacht agus bhí an méid seo a leanas le rá aige: ‘Is cloch mhíle thábhachtach don Aontas Eorpach ina iomláine agus dá thodhchaí é bunú Chomhghuaillíocht Eorpach na Réigiún Leathsheoltóirí, ar thionscnamh na Sacsaine. I gcás gach deighleog den slabhra luacha leathsheoltóirí domhanda, ní mór do níos mó ná 20 tír, ar an meán, a bhfuil baint acu leis an slabhra soláthair díreach, oibriú go dlúth le chéile. A bhuí le Comhghuaillíocht Eorpach na Réigiún Leathsheoltóirí, tá bealaí nua á gcur ar fáil againn chun go mbeidh na réigiúin in ann comhoibriú le chéile, agus dul i mbun taighde agus nuálaíochta ar mhaithe le ceannasacht eacnamaíoch agus dhigiteach na hEorpa a áirithiú. Cuireann rannpháirtíocht líon ard réigiún san ócáid seolta in iúl go bhfuil spéis ann an comhar a mhéadú ar leibhéal an Aontais i réimse na micrileictreonaice. Cuideoidh an Chomhghuaillíocht go mór leis an Eoraip a dhéanamh iomaíoch sa thionscal ríthábhachtach seo sna blianta amach romhainn.’
Dúirt Thomas Schmidt (DE/PPE), rapóirtéir CnaR maidir leis an nGníomh Eorpach um Shliseanna: ‘I bhfianaise ghlacadh an Ghnímh Eorpaigh um Shliseanna, ní mór anois díriú ar an gcur chun feidhme, saoráidí táirgthe nua a bhunú, an taighde a neartú agus oiliúint a chur ar oibrithe oilte. Maidir leis an méid sin, is comhpháirtí de chuid an Choimisiúin Eorpaigh í an Chomhghuaillíocht. Mar rapóirtéir de chuid Choiste Eorpach na Réigiún, choinnigh mé súil ghéar ar fhorbairt an Ghnímh Eorpaigh um Shliseanna. Is rud dearfach é gur thapaigh an tSacsain – ceann de na réigiúin ina bhfuil an sciar is airde de shaoráidí táirgthe leathsheoltóirí san Eoraip – an deis chun an Chomhghuaillíocht a bhunú. Tacaím go hiomlán leis na 10 bpointe a luaitear chun an Chomhghuaillíocht a sheoladh. Tríd an ócáid seolta a reáchtáil i gCoiste na Réigiún, léirítear cé chomh tábhachtach atá na réigiúin don Eoraip agus do thionscal na leathsheoltóirí.
Sa pháipéar ina luaitear 10 bpointe ar an ábhar, éilíonn na réigiúin go dtabharfaí sainmhíniú fadtéarmach maidir le cistí Chreat Airgeadais Ilbhliantúil an Aontais chun táirgeadh leathsheoltóirí na hEorpa a mhéadú, mar aon leis an tacaíocht agus na dálaí iomaíocha is fearr is féidir a chur ar fáil do na réigiúin, faoi chuimsiú an Ghnímh Eorpaigh um Shliseanna.
Iarrann na réigiúin atá rannpháirteach ar an gCoimisiún Eorpach an critéar maidir le huathúlacht a léirmhíniú go ginearálta chun an tsolúbthacht agus an luas is mó is féidir a bhaint amach maidir le státchabhair i dtionscal na leathsheoltóirí a mheas agus a dheonú, agus réitigh a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun leathsheoltóirí a tháirgeadh ar bhealach níos inbhuanaithe faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.
Tá sé beartaithe acu an taighde agus an fhorbairt a leathnú agus líonrú institiúidí taighde a chur chun cinn sna réigiúin éagsúla agus eatarthu, agus teicneolaíochtaí agus nuálaíochtaí nua atá ‘Déanta san Eoraip’ a chur chun cinn. Sprioc eile de chuid na Comhghuaillíochta is ea soláthar leordhóthanach uisce agus fuinnimh a áirithiú ag na láithreáin táirgthe, go háirithe amhábhair straitéiseacha agus chriticiúla. Iarrann an Chomhghuaillíocht ar an Aontas creat iontaofa a áirithiú freisin. Ina theannta sin, cuireann an Chomhghuaillíocht in iúl go gcuirfí tionscal na leathsheoltóirí i mbaol dá dtabharfaí isteach toirmeasc ar leibhéal an Aontais ar cheimiceáin shonracha.
Luaigh Michael Murphy (IE/PPE), Comhalta de Chomhairle Contae Thiobraid Árann, gur féidir ‘linn tallann láidir a fhorbairt a bhuí le tionscal na leathsheoltóirí, mar aon le héiceachóras fairsing ina bhfuil naisc láidre taighde ar fud an tslabhra luacha, a mhéid a bhaineann le dearadh, ailtireacht, déantúsaíocht, córais agus feidhmchláir. Tá sé ar chumas na dtáirgeoirí leathsheoltóirí geilleagair áitiúla a athrú ó bhonn, agus déanann siad amhlaidh, ar bhonn díreach agus indíreach. Tá sé ríthábhachtach go n-aithneoidh na rialtais náisiúnta acmhainneacht eacnamaíoch thionscal na leathsheoltóirí ar fud réigiúin na hEorpa agus go gcuirfidh siad an tacaíocht is gá ar fáil chun slabhra luacha láidir agus comhtháite a fhorbairt.’
Dúirt Jan Jambon, Céad-Aire Fhlóndras gur‘sampla den scoth é bunú na Comhghuaillíochta seo den chomhar uile-Eorpach i measc réigiúin ar fud na hEorpa atá ar aon intinn le chéile. Trí chur chuige ón mbun aníos a ghlacadh, bhíothas in ann acmhainneacht iomlán bheartas taighde na hEorpa a léiriú. Is príomhthosaíochtaí de chuid rialtas Fhlóndras iad an taighde agus an fhorbairt. I bhFlóndras, tá baint ag gach infheistíocht choigríche as cúig le taighde agus forbairt. Infheistíonn rialtas Fhlóndras 3.6 % den olltáirgeacht intíre sa nuálaíocht – an céatadán is airde san Eoraip. Mar sin féin, tá sé tábhachtach freisin an nuálaíocht a chomhlánú le samhail nua comhair a mbeidh institiúidí eolais, gníomhaithe tionsclaíocha agus lucht ceaptha beartas réigiúnach rannpháirteach inti.’
Cúlra:
Tá 27 réigiún ó 12 Bhallstát rannpháirteach sa Chomhghuaillíocht: Baden-Württemberg, an Bhaváir, Hamburg, Hesse, an tSacsain Íochtarach, an tSacsain, an tSacsain-Anhalt, Saarland, Schleswig-Holstein agus an Túraing sa Ghearmáin; an Andalúis, Tír na mBascach, València agus an Chatalóin sa Spáinn; Flevoland agus Brabant Thuaidh san Ísiltír; Kärnten agus Steiermark san Ostair; réigiún Centro na Portaingéile; Flóndras sa Bheilg; Auvergne-Rhône-Alpes sa Fhrainc; Píodmant san Iodáil; Tampere agus Heilsincí san Fhionlainn; Moravia Theas sa tSeicia; an Bhreatain Bheag sa Ríocht Aontaithe agus Poblacht na hÉireann.
An 8 Feabhra 2022, mhol an Coimisiún Eorpach pacáiste cuimsitheach beart chun éiceachóras leathsheoltóirí an Aontais a neartú (anGníomh Eorpach um Shliseanna). Is é sprioc an Choimisiúin an sciar den mhargadh atá ag an Eoraip i monaraíocht dhomhanda sliseanna a mhéadú ón gcéatadán reatha (10 %) go 20 % faoi 2030.
D’fhonn tacú le leathnú agus éagsúlú earnáil na sliseanna san Aontas Eorpach, d’iarr comhaltaí Choiste na Réigiún sa tuairim maidir leis an nGníomh Eorpach um Shliseanna ar an Aontas Eorpach infheistíocht níos mó a dhéanamh agus cistiú nua a chur ar fáil chun an Gníomh sin a chur chun feidhme, trí thógáil ar dtús ar bhraislí agus éiceachórais atá ann cheana. Luaitear sa tuairim sin go bhfuil ról nach beag ag na cathracha agus na réigiúin maidir le tionscal leathsheoltóirí na hEorpa a neartú trí na geallsealbhóirí uile a thabhairt le chéile chun saoráidí monaraíochta agus taighde áitiúla a fhorbairt, agus áitítear gur gá tacaíocht spriocdhírithe a thabhairt don taighde agus d’fhorbairt teicneolaíochtaí nua má tá soláthar slán leathsheoltóirí le bheith ag tionscal na hEorpa.
Teagmháil:
Theresa Sostmann
Teil.: +32 475999415