De dheasca an teannais gheopholaitiúil sa Mheánoirthear agus chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, nochtadh spleáchas struchtúrach na hEorpa ar fhuinneamh breosla iontaise allmhairithe agus…
Mar chuid de Sheachtain Ghlas an Aontais, thug searmanas bronnta bliantúil LIFE an 3 Meitheamh luach saothair do thionscadail arna gcistiú ag an Aontas a léiríonn barr feabhais i gcaomhnú an dúlra, sa chiorclaíocht agus san athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide. Is é clár LIFE ionstraim chistiúcháin an Aontais don chomhshaol agus do ghníomhú ar son na haeráide.
Rinne cathaoirleach Choimisiún ENVE in CnaR, Kostas Bakoyannis (EL/PPE), comhalta de Chomhairle Cathrach na hAithne, ionadaíocht thar ceann chathracha agus réigiúin an Aontais i ngiúiré ghradaim LIFE agus ag an searmanas a d’oscail Jessika Roswall, an Coimisinéir Eorpach um an gComhshaol, um Athléimneacht Uisce agus um Gheilleagar Ciorclach Iomaíoch.
Chuir sé i láthair duais LIFE maidir leis an nGeilleagar Ciorclach agus Cáilíocht Chiorclach a tugadh ar láimh do thionscadal LIFEPOPWAT, a rinne teicneolaíocht nua dhúlrabhunaithe a thriail ar bhonn píolótach chun ceimiceáin ghuaiseacha de dhéantús an duine a bhaint d’uisce éillithe sa tSeicia agus sa Pholainn.
Rinne an tUasal Bakoyannis comhghairdeas le buaiteoirí na gcatagóirí uile, ag rá: “Bhí áthas orm ionadaíocht a dhéanamh ar Choiste Eorpach na Réigiún mar chomhalta den ghiúiré do ghradaim bhliantúla LIFE. Cuireann an clár LIFE cistí ar fáil chun tacú le hobair riachtanach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach. Tugann na gradaim seo aitheantas do na tionscadail LIFE is fearr san Aontas, agus béim á leagan ar dhea-chleachtais is féidir a mhacasamhlú go minic i réimsí eile nó a fheidhmíonn mar fhoinsí inspioráide. Dhírigh buaiteoirí na bliana seo ar aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna atá riachtanach do dhea-bhail ár bpobal áitiúil".
Léigh tuilleadh: Buaiteoirí agus craobhchomórtais Ghradaim LIFE 2025