Nuacht

Foláireamh maidir le Cistiú faoin gComhaontú Glas – Bealtaine 2024

Ar an leathanach seo

  • Éifeachtúlacht fuinnimh
  • An geilleagar ciorclach
  • Beartas don athrú aeráide
  • Beartas fuinnimh an Aontais Eorpaigh
  • An Comhaontú Glas don Eoraip

Is é seo an t-eagrán is déanaí den Fholáireamh maidir le Cistiú faoin gComhaontú Glas, nuachtlitir mhíosúil a choinníonn ar an eolas thú faoi dheiseanna cistiúcháin agus tionscnaimh cistiúcháin lena dtacaítear leis an bhforbairt inbhuanaithe agus leis an aistriú i dtreo na haeráidneodrachta. Leis an eagrán seo, is féidir cur leis an suirbhé ar an ngeilleagar ciorclach i gcathracha agus réigiúin an Aontais, agus cuirtear faisnéis ar fáil maidir le bealaí chun maoiniú a fháil do thionscadail áitiúla agus réigiúnacha atá dírithe ar an oiriúnú don athrú aeráide, ar an iompar athléimneach agus ar an tsoghluaisteacht chliste. Gheobhaidh tú eolas thíos faoi conas is féidir leat tairbhe a bhaint as na tionscnaimh sin!

1. Suirbhé ECFE ar an nGeilleagar Ciorclach i gCathracha agus i Réigiúin an Aontais – Comhlánaigh an suirbhé

An bhfuil do chathair nó do réigiún díograiseach tacaíocht a thabhairt don aistriú chuig geilleagar ciorclach san Aontas Eorpach? 

Le ECFE agus an Tionscnamh um Chathracha agus Réigiúin Chiorclacha (CCRI) de chuid an Choimisiúin Eorpaigh fiosraítear an úrscothachtsa gheilleagair chiorclaigh i gcathracha agus i réigiúin san Aontas, úsáid chríochach bheartais agus phleananna an Aontais a mhéid a bhaineann leis an ngeilleagar ciorclach, agus na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le dlús a chur leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach.

Roinn do thaithí linn agus comhlánaigh suirbhé ECFE faoin 21 Meitheamh 2024.

Cuirfear torthaí an tsuirbhé san áireamh i dtuarascáil shuaitheanta ECFE maidir leis ‘An Geilleagar Ciorclach i gcathracha agus i réigiúin an Aontais’, agus cuideoidh do fhreagraí le bealaí a shainaithint chun dlús a chur leis an aistriú chuig an ngeilleagar ciorclach i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach.

2. Fís Eorpach – Glao nua ar thograí atá dírithe ar an oiriúnú don athrú aeráide

Faoin Misean maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach glaonna nua ar Tairseach Cistiúcháin agus Tairiscintí an Aontais arb é is aidhm dóibh tacú le do chuid smaointe maidir le hoiriúnú don athrú aeráide. Is é is aidhm do na tionscadail tacú leis an Misean dlús a chur leis an gclaochlú chuig Eoraip atá athléimneach ó thaobh na haeráide de trí athléimneacht cathracha, réigiún agus pobal áitiúil in aghaidh an athraithe aeráide a chothú. Gheobhaidh gach tionscadal deontas dar luach idir EUR 2 mhilliún agus EUR 27 milliún.

Is féidir iarratas a chur isteach go dtí an 18 Meán Fómhair 2024.

3. Fís Eorpach – Glao nua ar thograí atá dírithe ar ghníomhú ar son na haeráide, ar an bhfuinneamh agus ar an tsoghluaiseacht

Sheol an Coimisiún Eorpach dhá ghlao nua ar thionscadail faoi Chlár Oibre Fís Eorpach do 2023-2024 maidir le hábhair a bhaineann le gníomhú ar son na haeráide, leis an bhfuinneamh agus leis an tsoghluaisteacht. Tá EUR 163.5 milliún san iomlán ar fáil chun tionscadail taighde iompair agus soghluaisteachta atá glas, cliste agus athléimneach a mhaoiniú.

Cuir isteach iarratas anois faoi na glaonna ina gcumhdaítear Réitigh thrasearnálacha don aistriú aeráide agus seirbhísí iompair sábháilte athléimneacha agus seirbhísí soghluaisteachta cliste do phaisinéirí agus d’earraí.

Is féidir iarratas a chur isteach go dtí an 5 Meán Fómhair 2024.

4. Bauhaus Eorpach Nua – Glao ar thionscadail

Leis an Bauhaus Eorpach Nua, tionscnamh ón gCoimisiún Eorpach chun athrú inbhraite ar an láthair a dhéanamh den Chomhaontú Glas don Eoraip, seoladh glao nua ar thograí tionscadal chun tacú le taighde agus nuálaíocht le haghaidh tionscadail a bhaineann le comharsanachtaí a athrú ó bhonn agus iad a dhéanamh álainn, inbhuanaithe agus cuimsitheach. Agus EUR 17.8 milliún san iomlán ar fáil, gheobhaidh gach ceann de na trí thionscadal maoiniú idir EUR 1.8 milliún agus EUR 8 milliún.

Faigh tuilleadh eolais faoin nglao agus íoslódáil na foirmeacha iarratais anseo.

Is é an 19 Meán Fómhair 2024 an spriocdháta le haghaidh iarratas.

Ceist ar bith agat? 

Déan teagmháil le foireann an Chomhaontaithe Ghlais aggreendeal@cor.europa.eu. Beidh siadsan sásta cabhrú leat.

Má chaill tú eagrán na míosa seo caite den Fholáireamh maidir le Cistiú, is féidir an nuacht is déanaí a fháil anseo.

Ní chaillfidh tú na heagráin den Fholáireamh maidir le Cistiú faoin gComhaontú Glas a bheidh ann sna míonna atá le teacht má chláraíonn tú le nuachtlitir an Chomhaontaithe Ghlais ar an Leibhéal Áitiúil.

Rúnaíocht fheachtas an Chomhaontaithe Ghlais ar an Leibhéal Áitiúil