Ângela Machado
Angela.Machado@cor.europa.eu
Seirbhísí sóisialta níos fearr chun neamhionannais réigiúnacha a laghdú
Phléigh agus ghlac comhaltaí SEDEC tuairim ó Declan McDonnell (IE/EA), bunaitheoir Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, maidir leAghaidh a thabhairt arneamhionannais chríochacha trí rochtain ar sheirbhísí sóisialta a fheabhsú. Leagtar béimsatuairim ar ról ríthábhachtach na n-údarás áitiúil maidir le rochtain chomhionann ar sheirbhísí sóisialta a áirithiú, in ainneoin dúshláin amhail bonneagar neamhleor, easpa gairmithe cáilithe agussrianta airgeadais, go háirithe i gceantair iargúlta.
D'áitighceannairí áitiúlastraitéis chomhtháite forbartha réigiúnachchun cuimsiúsóisialta,tithíocht inacmhainne, iompar poiblíníos fearr,agus scileanna digiteacha a chur chun cinnchun dul i ngleic leis na dúshláin seo. D’áitigh siad go bhfuil sé ríthábhachtach infheistíocht a mhéadú i réigiúin bhochta agus i réigiúin níos iargúlta agus bearta a chur san áireamh lena ráthaítear rannpháirtíocht pobal leochaileach maidir le rochtain ar sheirbhísí criticiúla. Chuir comhaltaí SEDEC i bhfios go láidir go bhfuil digitiú agus nuachóiriú seirbhísí, agus úsáid éifeachtúil chistí an Aontais, ríthábhachtachdo na hiarrachtaí chun an bhochtaineacht agus ant-eisiamh sóisialta alaghdú go héifeachtachar fud an Aontais.
Rapóirtéir Declan McDonnell (IE/EA): “Tá sé ríthábhachtach rochtain chomhionann ar sheirbhísí sóisialta a áirithiú, beag beann ar shuíomh geografach, chun neamhionannais chríochacha a laghdú. Moltar i mo thuairim infheistíochtaí spriocdhírithe, digitiú agus soláthar comhtháite seirbhísí chun aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí agus chun na seirbhísí riachtanacha cúraim sláinte, oideachais agus tithíochta atá tuillte acu a chur ar fáil do na saoránaigh uile, go háirithe iad siúd i gceantair iargúlta nó i gceantair nach ndéantar freastal ceart orthu.’
Tá sé beartaithe an tuairim sin a ghlacadh ag seisiún iomlánach mhí naSamhna.
Deireadh a chur leis an easpa dídine san Aontas faoi 2030
Phléighna ceannairíréigiúnacha agus áitiúla géarchéim naheaspa dídine san Aontas. Ba chuid lárnach den phlé é cuspóirEPOCH Practice,le Coiste na Réigiún (CnaR) mar chomhpháirtí straitéiseach, agus an ról a d’fhéadfadh a bheith aige maidir le tacú le huaillmhian an Aontais deireadh a chur leis an easpa dídine faoi 2030. Leagadh béim sa díospóireacht ar an ngá atá le cineálacha nuálacha cur chuige i mbeartais tithíochta aguscuimsitheshóisialta. Leag na réigiúin agus na cathracha béim freisin ar an ról ríthábhachtach atá ag malartú dea-chleachtas chun aghaidh a thabhairt ar chúiseanna struchtúracha na heaspa dídine.
Beartas Spóirtan Aontais: Plean Oibre 2024-2027
Phléigh comhaltaí SEDEC freisin Plean Oibrenua an Aontaisdon Spórt 2024-2027 agus tionscnamh SHARE 2.0,arb é is aidhm dó rannchuidiú le cur chun feidhme phlean oibre an Aontais agus a réimsí tosaíochta: ionracas agus luachanna sa spórt, gné shocheacnamaíoch an spóirt agus ról an spóirt i gcur chun cinn na gníomhaíochta coirp. Leag na rannpháirtithe béim ar an ngá atá le cleachtadh an spóirt a spreagadh, agus é á chur san áireamh nach gcleachtannach duine as gach ceathrar Eorpach spórt go rialta. Díríodh sa díospóireacht ar an ról bunúsach atá ag an spórt maidir leis an gcuimsiú sóisialta, an tsláinte agus an fholláine a chur chun cinn agus ar a thábhachtaí atá sé tacú le tionscnaimh réigiúnacha lena gcuirtear an spórt chun cinn, go háirithe i bpobail áitiúla.
Cúlra
Is éEPOCH Practice, a seoladh go hoifigiúili mí Eanáir 2024,an fhorbairt is déanaí ar na hiarrachtaí a eascraíonn as Dearbhú Liospóin, lenar cruthaíodh an tArdán Eorpach chun an Easpa Dídine a Chomhrac, agus a bhfuil CnaR ina shínitheoir air.
Angela.Machado@cor.europa.eu