Nuacht

Foláireamh maidir le Cistiú faoin gComhaontú Glas – Aibreán 2024

Ar an leathanach seo

  • Beartas fuinnimh an Aontais Eorpaigh
  • An Comhaontú Glas don Eoraip

Is é seo an t-eagrán is déanaí den Fholáireamh maidir le Cistiú faoin gComhaontú Glas, nuachtlitir mhíosúil a choinníonn ar an eolas thú faoi dheiseanna cistiúcháin agus tionscnaimh cistiúcháin lena dtacaítear leis an bhforbairt inbhuanaithe agus leis an aistriú i dtreo na haeráidneodrachta. Cuirtear eolas ar fáil san eagrán seo maidir le conas rannchuidiú le cruth a chur ar an tacaíocht a thabharfar faoin tionscadal NetZeroCities do chathracha atá uaillmhianach ó thaobh na haeráide de, conas ócáid maidir le beartas comhtháthaithe an Aontais a óstáil, sin agus conas tacaíocht airgeadais a fháil do thionscadail aistrithe fuinnimh nó do phleananna oiriúnaithe. Gheobhaidh tú eolas thíos faoi conas is féidir leat tairbhe a bhaint as na tionscnaimh sin!

1.Déan do chion féin chun cruth a chur ar an tacaíocht a chuireann Ardán an Mhisin ar fáil ar mhaithe le cuspóirí aeráide trí pháirt a ghlacadh sa suirbhé

Cuidíonn Ardán an Mhisin atá faoi bhainistiú chuibhreannas NetZeroCities le cathracha chun a gcuspóirí aeráide a bhaint amach trí chomhairle agus tacaíocht shaincheaptha a chur ar fáil dóibh. Áirítear leis sin turgnaimh nuálaíochta straitéiseacha a dhéanamh, éiceachórais áitiúla a ghiaráil agus naisc le leibhéil éagsúla rialachais a chothú. Chun tuiscint níos fearr a fháil ar riachtanais na gcathracha agus chun tacaíocht shaincheaptha a chur ar fáil dóibh, tá suirbhé measúnaithe riachtanas forbartha ag saineolaithe Ardán an Mhisin.

Cuidigh leis an tacaíocht a chuireann NetZeroCities ar fáil a mhúnlú tríd an suirbhé a líonadh isteach.

Beidh an suirbhé ar oscailt go dtí an 17 Bealtaine 2024

Gheobhaidh tú cur síos mionsonraithe anseo ar na cineálacha éagsúla tacaíochta atá ar fáil faoin gclár NetZeroCities do chathracha nach bhfuil mar chuid den Mhisean.

2.Fóram na gCathracha 2025 – Tá an glao ar iarratais le bheith ina chathair óstach ar oscailt anois

An bhfuil suim agat imeacht a bhaineann le beartas comhtháthaithe an Aontais a óstáil nó a chomheagrú i do chathair féin?

Is imeacht é Fóram na gCathracha a d’eagraigh Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh (AS REGIO) sa Choimisiún Eorpach agus é mar fhócas aige an ghné uirbeach de bheartas comhtháthaithe an Aontais. Tionólfar Fóram na gCathracha, an séú ceann, i mí an Mheithimh 2025, tráth a thabharfar le chéile grúpa éagsúil de pháirtithe leasmhara agus tairbhithe, lucht ceaptha beartas uirbeach agus cleachtóirí le haghaidh imeacht glas idirghníomhach a bheidh ar siúl ar feadh dhá lá nó trí maidir le forbairt uirbeach inbhuanaithe san Eoraip. Is é an Tionscnamh Uirbeach Eorpach a eagróidh agus a mhaoineoidh an t-imeacht seo ach táthar ag súil le ranníocaíocht ón gcathair óstach freisin.

Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoin imeacht ar ansuíomh gréasáin agus sa doiciméad cúlra le haghaidh iarratasóirí. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin nglao, déan teagmháil le communication@urban-initiative.eu.

Beidh na glaonna ar iarratais ar oscailt go dtí 14:00 (am samhraidh Lár na hEorpa) an 13 Bealtaine 2024.

3.Gníomhaíochtaí Nuálacha an Tionscnaimh Uirbigh Eorpaigh – An tríú glao ar thograí

Sa tríú glao ar thograí arna eagrú ag an Tionscnamh Uirbeach Eorpach – Gníomhaíochtaí Nuálacha, beifear ag lorg tionscadail nuálacha atá dírithe ar an aistriú fuinnimh agus ar an teicneolaíocht sna cathracha. Is féidir le gach tionscadal suas le EUR 5 mhilliún a fháil i gcómhaoiniú ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE). Ní mór an tionscadal a chur i gcrích laistigh de thrí bliana go leith.

Osclófar an glao ar thograí i mí na Bealtaine 2024.

Seolfar an glao sin anseo.

4.An chéad ghlao oscailte faoi chuimsiú an chláir Pathways2Resilience – síneadh ama curtha leis an spriocdháta

Féach go bhfuiltear fós ag glacadh le hiarratais ar an gcéad ghlao oscailte faoi chuimsiú Pathways2Resilience (P2R).

Tá sé mar aidhm ag P2R tacaíocht airgeadais suas le EUR 210 000 a chur ar fáil do 40 réigiún nó pobal trí mheán comhaontuithe fodheontais le haghaidh tionscadail chlaochlaitheacha a mhairfidh suas le 18 mí. Tabharfar cúnamh do réigiúin agus do phobail pleananna oiriúnaithe éifeachtacha claochlaitheacha a fhorbairt. Gheofar tuilleadh eolais ina thaobh anseo.

Cuireadh síneadh ama leis an spriocdháta go dtí 12:00 (am samhraidh Lár na hEorpa) an 6 Bealtaine 2024.

Ceist ar bith agat?

Déan teagmháil le foireann an Chomhaontaithe Ghlais aggreendeal@cor.europa.eu. Beidh siadsan sásta cabhrú leat.

Má chaill tú eagrán na míosa seo caite den Fholáireamh maidir le Cistiú, is féidir an nuacht is déanaí a fháil anseo.

Ní chaillfidh tú na heagráin den Fholáireamh maidir le Cistiú faoin gComhaontú Glas a bheidh ann sna míonna atá le teacht má chláraíonn tú le nuachtlitir an Chomhaontaithe Ghlais ar an Leibhéal Áitiúil.

Rúnaíocht fheachtas an Chomhaontaithe Ghlais ar an Leibhéal Áitiúil