Spain
Juanma MORENO
Comhalta
President of the Regional Government of Andalusia
Chun comóradh 30 bliain Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) agus comóradh 40 bliain aontachas na Spáinne leis an Aontas Eorpach a chomóradh, tá seimineár á eagrú ag Rialtas Cantabria in Santander ón 3 go dtí an 5 Meán Fómhair maidir le todhchaí an bheartais chomhtháthaithe agus an ról claochlaitheach atá aige i réigiúin na Spáinne. Rinne Juanma Moreno, Céad Leas-Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún agus Uachtarán na hAndalúise, idirghabháil ag an seisiún oscailte chun a chur in iúl gur cúis imní dó an togra nua ón gCoimisiún Eorpach don chéad bhuiséad ilbhliantúil eile de chuid an Aontais ina ndéanfaí bainistiú na gcistí comhtháthaithe a lárú ar an leibhéal náisiúnta.
D’fhreastail roinnt comhaltaí de thoscaireacht na Spáinne chuig Coiste Eorpach na Réigiún ar an gcomhdháil, lena n-áirítear an Chéad Leas-Uachtarán ar CnaR Juanma Moreno agus uachtaráin Cantabria, María José Sáenz de Buruaga (PPE),an Ghailís, Alfonso Rueda Valenzuela (PPE), agus Castilla-La Mancha, Emiliano García-Page (PSE). Leag an ceathrar uachtarán réigiúnach béim ina n-idirghabhálacha tosaigh ar an méid a chuireann an beartas comhtháthaithe leis an dea-bhail agus leis an bhforbairt sa Spáinn agus ar ról Choiste Eorpach na Réigiún mar ghuth na n-údarás áitiúil agus réigiúnach san Eoraip: guth nach mór a chloisteáil anois agus an chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile de chuid an Aontais á phleanáil.
“Le cóineasú idir réigiúin shaibhre agus réigiúin bhochta, neartaítear an t-iomaíochas, laghdaítear éagothromaíochtaí réigiúnacha, agus cothaítear fás inbhuanaithe cuimsitheach. Tá sé aitheanta ag gach duine go bhfuil gá le beartas comhtháthaithe tromchúiseach, ach tá buiséad ilbhliantúil á mholadh ag an gCoimisiún Eorpach a chuirfidh cuid mhaith den mhéid atá bainte amach i mbaol. Mar thoradh ar na cistí go léir a chumasc in aon phlean náisiúnta amháin agus an dáileadh sna Ballstáit a lárú, d'fhéadfaí riachtanais na gcríoch a thréigean, "a dúirt an Chéad Leas-Uachtarán Moreno.
“Anois níos mó ná riamh, ní mór do na réigiúin oibriú chun aghaidh a thabhairt ar an dearadh nua sin ar bhuiséad an Aontais, ionas nach gcaillfear an guth atá againn inniu i mbainistiú chistí Eorpacha ár réigiún agus ionas nach nglacfar céimeanna siar sa chomhtháthú. Táim muiníneach go mbeidh toradh ar an obair a dhéanfaimid le chéile agus go n-éistfidh an Coimisiún agus an Chomhairle Eorpach, chomh maith le Parlaimint na hEorpa, leis na réigiúin," arsa Uachtarán na hAndalúise.
Spain
Comhalta
President of the Regional Government of Andalusia
Spain
Comhalta
President of the Regional Government of Galicia