Spain
Juanma MORENO
Comhalta
President of the Regional Government of Andalusia
Tabharfaidh Uachtarán agus comhrapóirtéir CnaR, Kata Tüttő, aitheasc ag an gCéad Fhóram Eorpach maidir le hAthléimneacht Uisce an 8 Nollaig.
Roimh chéad Fhóram Athléimneachta Uisce an Aontais a bheidh ar siúl Dé Luain an 8 Nollaig, mheabhraigh na réigiúin agus na cathracha nach amháin gur acmhainn nádúrtha é an t-uisce atá riachtanach d’fheidhmiú na n-éiceachóras, ach gur príomhthoisc é freisin don fhorbairt réigiúnach agus áitiúil, don athléimneacht agus don iomaíochas. Tugtar le fios sa dréacht-tuairim a ghlac Coimisiún ENVE Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) an 5 Nollaig go bhfuil comhghaol díreach idir infhaighteacht nádúrtha an uisce agus leibhéal na forbartha réigiúnaí, agus dá bhrí sin ní mór do bheartais an Aontais cosc a chur ar an uisce a bheith ina thoisc a chuireann bac ar chóineasú idir réigiúin.
Chuir Uachtarán agus comhrapóirtéir CnaR, Kata Tüttő (HU/PSE), an tuairim faoi bhráid Choimisiún ENVE.Chuir siad i bhfios go láidir nach mór do bhearta athléimneachta uisce a bheith cothrom agus inacmhainne go sóisialta, go háirithe do theaghlaigh leochaileacha, d’earnálacha eacnamaíocha atá ag brath go mór ar uisce, agus do réigiúin atá faoi strus maidir le huisce. Léirítear sa Mheasúnú Tionchair Chríochaigh (TIA) ó CnaR maidir leis an Straitéis Eorpach um Athléimneacht Uisce na himpleachtaí críochacha suntasacha ach míchothroma a bhaineann le bearta athléimneachta uisce ar fud réigiúin an Aontais, rud a chruthaíonn go bhfuil gá le spriocanna agus conairí cur chun feidhme difreáilte atá oiriúnaithe go réigiúnach bunaithe ar dhálaí áitiúla hidreolaíocha, aeráide, bonneagair, eacnamaíocha agus rialachais.
Tá ceannairí áitiúla agus réigiúnacha ag iarraidh go ndéanfaí bainistiú uisce a chomhtháthú go córasach ar fud réimsí beartais uile an Aontais trí ‘Tástáil Uisce’ a chur i bhfeidhm ar reachtaíocht an Aontais, mar a mhol Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE). Ba cheart ról fíoréifeachtach a bheith ag na réigiúin agus na cathracha sa chinnteoireacht maidir le pleanáil agus bainistiú uisce, agus an ról atá acu i mbainistiú trasteorann abhantraí á chur san áireamh freisin. Ós rud é go bhfuil gá le gealltanais bhuiséadacha straitéiseacha fhadtéarmacha chun athléimneacht uisce a mhaoiniú, ba cheart ceannteidil thiomnaithe agus tacaíocht láidir don bheartas comhtháthaithe arna gcur chun feidhme i gcomhpháirtíocht leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a áireamh sa chéad bhuiséad ilbhliantúil eile de chuid an Aontais.
Moltar sa dréacht-tuairim dul i ngleic leis an éilliú ag an bhfoinse agus ardteicneolaíochtaí cóireála uisce agus córais faireacháin a chur in úsáid feadh thimthriall iomlán an uisce chun an tsláinte phoiblí a chosaint, éiceachórais a athbhunú agus slándáil fhadtéarmach uisce a áirithiú. Le simpliú reachtaíocht uisce an Aontais tríd an ‘Omnibus Comhshaoil’,dá bhforáiltear don 10 Nollaig, ba cheart díriú ar nósanna imeachta riaracháin a fheabhsú agus ar an ualach oibríochtúil a mhaolú, agus an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as agus an scéim freagrachta leathnaithe táirgeora á gcoinneáil ag an am céanna agus gan caighdeáin fhíor-riachtanacha chomhshaoil, an tsláinte phoiblí ná rochtain ar shonraí a chur i mbaol.
Meabhraíonn na ceannairí áitiúla agus réigiúnacha gur príomhghné den athléimneacht uisce é an t-éileamh ar acmhainní uisce a laghdú trí choigilteas, éifeachtúlacht agus athúsáid uisce a chur chun cinn agus, dá bhrí sin, is díol sásaimh dóibh gur tugadh isteach bunphrionsabal na héifeachtúlachta uisce. Ós rud é gurb í an talmhaíocht an tomhaltóir acmhainní uisce is mó san Aontas, ba cheart do Phleananna Straitéiseacha an Chomhbheartais Talmhaíochta tacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil chun an earnáil a ghairmiúlú agus a nuachóiriú trí fheabhsuithe uiscithe, feirmeoireacht bheacht, athúsáid uisce, bainistiú ithreach agus cothaitheach níos fearr, dreasachtaí chun aistriú chuig barra nach bhfuil chomh dian céanna ar uisce, criosanna maolánacha, agus feachtais feasachta, agus aird ar leith á tabhairt ar fheirmeacha beaga.
Déanfaidh CnaR an chéad Fhóram Athléimneachta Uisce de chuid an Aontais a óstáil sa Bhruiséil Dé Luain, an 8 Nollaig. Eagraítear an t-imeacht i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach agus le CESE. Labhróidh an tUachtarán Tüttő ag an seisiún oscailte ardleibhéil le Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh Teresa Ribera agus leis an gCoimisinéir Comhshaoil Jessica Roswall.
Luaigh:
Uachtarán CnaR, Kata Tüttő,Comhalta de Chomhthionól Ginearálta Phríomhchathair Bhúdaipeist agus comhrapóirtéir na tuairime: “Tá scála na hathléimneachta uisce ollmhór: baineann sé le sláinte, talmhaíocht, tionscal, éiceachórais, agus an saol laethúil i ngach cathair agus réigiún. Agus tá tábhacht pholaitiúil ag baint le gach titim. Tá méadú ag teacht ar an mbrú atá ar cheannairí áitiúla agus réigiúnacha agus iad ag iarraidh a gcríocha a chosaint: triomaigh, tuilte, bonneagar a bhfuil ag teip air, truailliú, agus neamhionannas atá ag dul in olcas. Chun fíor-athléimneacht a chothú, tá cistiú leordhóthanach, cinnteoireacht chuimsitheach agus cuntasacht ag teastáil uainn ar gach leibhéal. Ní mór dúinn ualaí riaracháin agus oibríochtúla nach bhfuil gá leo a laghdú gan caighdeáin fhíor-riachtanacha chomhshaoil agus freagracht na dtruaillitheoirí a chur i mbaol. Ní mór don Straitéis Athléimneachta maidir le hUisce an ré ina mairimid a chomhlíonadh — aois an ghanntanais, an bhaoil agus an ionchais atá ag dul i méid — le córais atá sábháilte, cóir agus inbhuanaithe do gach pobal ar fud na hEorpa comhtháite.”
Tuilleadh eolais:
Is comhrapóirtéirí iad an tUachtarán Tüttő agus an Chéad Leas-Uachtarán Juanma Moreno (ES/PPE), Uachtarán na hAndalúise, don tuairim ó CnaRTurning the taide – A local and regional roadmap forwater resilience[An taoide a chasadh – Treochlár áitiúil agus réigiúnach le haghaidh athléimneacht uisce]. Tá sé beartaithe é a ghlacadh go críochnaitheach sa seisiún iomlánach an 4-5 Márta 2026. Is toradh í an tuairim ar chomhar fairsing le raon leathan páirtithe leasmhara. Leagtar amach ann na príomhdhúshláin agus na príomhréimsí dul chun cinn a bhaineann leis an mbeartas bainistithe uisce agus leagtar béim ann ar an ngá ríthábhachtach atá ann aitheantas a thabhairt d’éagsúlacht na gcásanna, agus do ról lárnach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach maidir leis an ábhar eiseach sin a bhaint amach.
D’fhoilsigh Coimisiún ENVE CnaR staidéar nua freisin maidir le rioscaí tuilte a bhainistiú: conas athléimneacht uisce a fhorbairt i bpobail áitiúla,ina ndéantar anailís ar chúig chás-staidéar ó gach cearn den Eoraip agus ina gcuirtear moltaí ar fáil d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha, do rialtais náisiúnta agus don Aontas.
Is é ENVE an Coimisiún um an gComhshaol, Athrú Aeráide agus Fuinneamh in CnaR. Tá Kostas Bakoyannis (EL/PPE), Comhalta de Chomhairle Cathrach na hAithne, ina chathaoirleach air faoi láthair. Le linn chruinniú an 5 Nollaig, bhí malartú tuairimí ag comhaltaí ENVE freisin maidir leis an gcéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais (Creat Airgeadais Ilbhliantúil, CAI) le rapóirtéir CnaR, Sari Rautio (FI/PPE), ar glacadh a dhréacht-tuairim maidir leis an togra ón gCoimisiún Eorpach an 2 Nollaig. Ullmhóidh Coimisiún ENVE tuairim maidir le tosaíochtaí aeráide, fuinnimh agus comhshaoil a phríomhshruthú sa chéad CAI eile. Is é an rapóirtéir Rafał Trzaskowski (PL/PPE), Méara Vársá, a bheidh i gceannas air.
Teagmháil:
Lauri Ouvinen
Teil. +32 473536887
lauri.ouvinen@cor.europa.eu
Spain
Comhalta
President of the Regional Government of Andalusia
Finland
Comhalta
Member of the Hämeenlinna City Council
Hungary
Comhalta
Member of the General Assembly of Budapest Capital