Ângela Machado
angela.machado@cor.europa.eu
Bhí neartú iomaíochas na hEorpa i gcroílár chruinniú an Choimisiúin um Beartas Sóisialta, Oideachas, Fostaíocht, Taighde agus Cultúr (SEDEC) an 30 Meán Fómhair. Phléigh na ceannairí áitiúla agus réigiúnacha Straitéis an Aontais um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus um Ghnólachtaí atá i mbun Fáis, an Treochlár um Poist Ardchaighdeáin atá ar na bacáin, an treoirthionscadal ‘Dífhostaíocht Fhadtéarmach Nialasach’, an Lipéad Oidhreachta Eorpach agus Pacáiste Earraigh Sheimeastar Eorpach 2025.
Straitéis AE um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus um Ghnólachtaí atá i mbun Fáis
Bhí malartú tuairimí ag na Feisirí maidir le doiciméad oibre i ndáil le Straitéis an Aontais maidir le Gnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá i mbun Fáis. Ba dhíol sásaimh dóibh an tionscnamh a sheol an Coimisiún Eorpach i mí na Bealtaine 2025 arb é is aidhm dó iomaíochas na hEorpa a neartú. Leag siad béim ar an ról lárnach atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i rath na straitéise, mar an leibhéal rialachais is gaire d’fhiontraithe, agus d’áitigh siad go mbeadh rochtain níos fearr ar chistiú, tallann, margaí, líonraí comhoibríocha agus bonneagar chun éiceachórais réigiúnacha a neartú, éagothromaíochtaí a laghdú agus fás cothrom atá dírithe ar an nuálaíocht a áirithiú ar fud na hEorpa.
Seo mar a labhair an Rapóirtéir Jozef Viskupič (SK/Renew Europe), Cathaoirleach Réigiún Féinrialaitheach Trnava: ‘Is díol sásaimh é an bhéim ar thacaíocht do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú mar uirlis le haghaidh iomaíochas tionsclaíoch ardteicneolaíochta, ach ba cheart aitheantas níos fearr a thabhairt do ról na n-éiceachóras nuálaíochta réigiúnach maidir le comhpháirtithe a thabhairt le chéile agus cistí a chomhcheangal. Tá sé d’aidhm ag CnaR rannchuidiú le tograí ón gCoimisiún amach anseo a fógraíodh sa Straitéis um Ghnólachtaí Nuathionscanta, go háirithe an Gníomh um Nuálaíocht, agus tá sé fós ar fáil d’uachtaránachtaí na Danmhairge agus na Cipire le haghaidh idirphlé cuiditheach.’
Treochlár um Poist ar Ardchaighdeán
Le linn an chruinnithe, chuir comhaltaí SEDEC fáilte roimh an Treochlár um Poist ar Ardchaighdeán, a bhfuiltear ag súil go seolfaidh an Coimisiún Eorpach é sa cheathrú ráithe de 2025, agus phléigh siad é. Ba dhíol sásaimh dóibh an tionscnamh, arb é is aidhm dó margaí saothair dea-fheidhmiúla a chothú, poist ardcháilíochta agus dálaí oibre cothroma a chur chun cinn, borradh a chur faoin táirgiúlacht agus faoin nuálaíocht, agus aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair chun iomaíochas an Aontais a fheabhsú. Mar sin féin, chuir siad i bhfios go láidir nach amháin gur cheart do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a bheith ina bhfeidhmeoirí ach ina bhfíor-ailtirí ar an gclaochlú sin agus chuir siad i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach infheistíocht a dhéanamh i scileanna. Chuir siad chun suntais gur cheart don tionscnamh seo fís shoiléir a chur i láthair do thodhchaí shaoránaigh na hEorpa, lena ráthófaí poist ardcháilíochta agus lena laghdófaí an éiginnteacht.
Díospóireacht maidir leis antreoirthionscadal ‘Dífhostaíocht fhadtéarmach nialasach’
Tar éis don Choimisiún Eorpach an treoirthionscadal maidir le dífhostaíocht fhadtéarmach nialasach a sheoladh go hoifigiúil i mí Aibreáin 2024, a tháinig mar fhreagairt ar ghlao a leagadh amach sa tuairim ó CnaR maidir le dífhostaíocht fhadtéarmach nialasach, phléigh ceannairí áitiúla agus réigiúnacha, ionadaithe ardleibhéil ón gCoimisiún Eorpach agus geallsealbhóirí tionscadail, le linn chruinniú SEDEC, na chéad chéimeanna agus na torthaí tosaigh, agus na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann le cur chun feidhme na naoi dtionscadal rathúla den treoirthionscadal, a raibh rannpháirtíocht ghníomhach na ngníomhaithe áitiúla i gceist leo. Leag na comhaltaí béim ar an ról lárnach atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le haghaidh a thabhairt ar riachtanais ar an láthair agus leag siad béim ar na dúshláin shonracha a bhaineann leis an dífhostaíocht i gceantair thuaithe. Chuir siad i bhfios go láidir freisin go bhfuil sé ríthábhachtach sásraí maoinithe inbhuanaithe a áirithiú ionas gur féidir leis na tionscadail sin, lena gcuirtear saoránaigh agus a riachtanais i lár an aonaigh, leanúint den dífhostaíocht fhadtéarmach a chomhrac.
Tionscnamh an Lipéid Oidhreachta Eorpaigh (EHL)
Bhí díospóireacht ag ceannairí áitiúla agus réigiúnacha maidir leis an Lipéad Oidhreachta Eorpach (EHL), a bronnadh cheana ar 67 láithreán, agus d’athdhearbhaigh siad go dtacaíonn CnaR go láidir leis an tionscnamh mar spreagadh don fhéiniúlacht agus don lánpháirtiú Eorpach. Chuir siad in iúl gur dúshlán fós é rannpháirtíocht na bpobal áitiúil agus chuir siad i bhfios go láidir go bhfuil na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha in ann tacú le cur chun feidhme EHL a bhuí leis an taithí atá acu ar imeachtaí cultúrtha agus ar a ngaireacht do na saoránaigh. Leag na Feisirí béim freisin ar a thábhachtaí atá an tionscnamh don fhéiniúlacht réigiúnach, don lánpháirtiú Eorpach agus don fhorbairt inbhuanaithe.
Pacáiste Earraigh an tSeimeastair Eorpaigh: Borradh a chur faoin taighde agus faoin nuálaíocht ar mhaithe leis an iomaíochas
Phléigh comhaltaí SEDEC freisin an measúnú ar Phacáiste Earraigh 2025 an tSeimeastair Eorpaigh, ina leagtar béim ar a thábhachtaí atá an taighde agus an nuálaíocht (R&I) mar spreagadh d’iomaíochas an Aontais agus ina gcuirtear i bhfios go láidir ról lárnach na réigiún agus na gcathracha maidir le héiceachórais nuálaíochta áitiúla láidre a chothú, rud atá ríthábhachtach d’fhás eacnamaíoch inbhuanaithe an Aontais, agus aistrithe rathúla glasa agus digiteacha. Leag siad béim ar an ngá atá le comhordú níos fearr ar fud an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach chun beartais agus ionstraimí cistiúcháin a ailíniú agus leag siad béim ar ról Choiste Eorpach na Réigiún maidir le comhtháthú críochach, rannpháirtíocht geallsealbhóirí agus dea-chleachtais a chur chun cinn.
Le linn an chruinnithe freisin, cheap comhaltaí SEDEC ceathrar rapóirtéirí nua:
angela.machado@cor.europa.eu
France
Comhalta
Vice-President of the Region of Centre-Val de Loire
Romania
Comhalta
Vice-president of the Harghita County Council
Italy
Comhalta
Mayor of Valdengo (BI)
Germany
Comhalta
State Secretary, Rhineland Palatinate State Government
Slovakia
Comhalta
Chairman of the Trnava self-governing Region