Ângela Machado
angela.machado@cor.europa.eu
D’iarr ceannairí áitiúla agus réigiúnacha go dtabharfaí cosaint níos fearr do dhaoine óga agus do na glúnta atá le teacht ar iarmhairtí na roghanna polaitiúla lena dtugtar tús áite do leasanna gearrthéarmacha seachas don inbhuanaitheacht fhadtéarmach, agus go dtabharfaí aird níos mó ar a áirithiú nach mbeidh gníomhaíochtaí an lae inniu ina n-ualach amárach. Is í seo an phríomhtheachtaireacht a thug na cathracha agus na réigiúin i dtuairim a glacadh an 2 Iúil ag seisiún iomlánach Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR).
Sa tuairim faoi stiúir Tine Radinja (SI/Na Glasaigh), Méara Škofja Loka, áitíonn ceannairí áitiúla agus réigiúnacha ar an Aontas Eorpach cothroime idirghlúine (IGF) agus dearcadh na hóige a chur i gcroílár a cheaptha beartais. D’iarr siad go mbeadh rath ar bheartais fhadtéarmacha a sheasfaidh an aimsir maidir le hairgeadas poiblí, cosaint an chomhshaoil agus cúram sóisialta do na glúnta atá ann faoi láthair agus do na glúnta atá le teacht, agus chuir siad i bhfios go láidir nár cheart go gcuirfeadh freagairtí ar dhúshláin shóisialta agus chomhshaoil an lae inniu isteach ar chearta, ar fholláine agus ar dheiseanna na nglúnta atá le teacht.
Dúirt na cathracha agus na réigiúin gur freagracht chomhroinnte é todhchaí chothrom inbhuanaithe a thógáil do gach glúin, freagracht nach mór gach leibhéal rialachais a áireamh inti. Leag siad béim ar an ról lárnach atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le pobail chuimsitheacha inbhuanaithe a chruthú trí leanaí agus daoine óga a rannpháirtiú sa chinnteoireacht áitiúil. I ndáil leis an méid sin, mheabhraigh CnaR an moladh uaidh sa tuairim ‘TodhchaíBheartas na hÓige san Aontas’, inar iarradh ar na Ballstáit machnamh dáiríre a dhéanamh ar an aois vótála a ísliú go 16 bliana d’aois le haghaidh toghcháin áitiúla agus réigiúnacha. D’iarr na Feisirí go rannchuideofaí go gníomhach leis an straitéis Eorpach atá ar na bacáin maidir le cothroime idirghlúine, d’áitigh siad go nglacfaí Dearbhú Idirinstitiúideach maidir le IGF, agus mhol siad creat dlíthiúil chun cearta na nglúnta atá le teacht a chosaint.
Chuir CnaR i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach dul i ngleic leis na neamhionannais shocheacnamaíocha struchtúracha a mbíonn tionchar díréireach acu ar phobail imeallaithe, lena n-áirítear mná, imircigh agus daoine atá ag maireachtáil faoi bhochtaineacht, chun IGF inbhuanaithe a bhaint amach agus chun deireadh a chur le timthriallta fadtéarmacha na bochtaineachta idirghlúine. Áirítear leis sin beartais chuimsitheacha don óige a dhearadh atá saincheaptha do réaltachtaí tuaithe agus do cheantair fhorimeallacha, gníomhaíochtaí spriocdhírithe do dhaoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEET), agus rochtain níos fearr ar chosaint shóisialta dóibh siúd atá i staideanna leochaileacha.
Chuir na comhaltaí i bhfios go láidir go bhfuil beartais atá fónta ó thaobh an gheilleagair de agus inbhuanaithe ríthábhachtach chun IGF a bhaint amach, agus d’iarr siad go ndéanfaí tosaíochtaí iomaíochais na hEorpa a atreorú chun rathúnas fadtéarmach a áirithiú. Áirítear ar na príomhbhearta samhail eacnamaíoch AE lena léirítear cothroime idirghlúine, úsáid táscairí malartacha ar OTI, amhail an tInnéacs um Dhul Chun Cinn Sóisialta, chun inbhuanaitheacht eacnamaíoch a thomhas, athchóiriú pinsean chun cothromaíocht chóir idirghlúine a áirithiú, agus córas cánach inbhuanaithe agus cothrom lena gcuirtear a thionchar ar an óige san áireamh.
Ar deireadh, mhol ceannairí áitiúla agus réigiúnacha go mbainfí úsáid chórasach as uirlisí fadbhreathnaitheachta ar gach leibhéal rialachais chun bonn eolais a chur faoin gceapadh beartas agus faoin bpleanáil straitéiseach, rud a d’áiritheodh go ndéanfaí riachtanais na nglún atá le teacht a mheas go córasach agus beartais á gceapadh. Thacaigh siad freisin le ‘tástáil beartais don óige’ a thabhairt isteach, chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag bearta ar dhaoine óga sa lá atá inniu ann agus amach anseo.
Luaigh:
Rapóirtéir Tine Radinja (SI/Na Glasaigh), Méara Bhardas Škofja Loka: “Cén cineál leagáide a fhágfaimid mura gcuirfimid guthanna na todhchaí san áireamh? Gealltanas don todhchaí is ea cothroime idirghlúine — tiomantas misniúil chun an óige a chumhachtú, cearta na nglúnta atá le teacht a chosaint, agus domhan cóir, inbhuanaithe a thógáil ina mbeidh rath ar chách, ní hamháin maireachtáil."
Cúlra:
Físeán agus grianghraif ón seisiún.
Teagmháil
Ainm: Ângela Machado
Teil: +32 475 41 31 58
angela.machado@cor.europa.eu
Slovenia
Comhalta
Mayor of the Municipality of Škofja Loka