Coiste Eorpach na Réigiún
Is comhlacht comhairleach é CnaR a bunaíodh i 1994. Is é tionól an Aontais Eorpaigh (AE) d’ionadaithe áitiúla agus réigiúnacha é. Tá 329 gcomhalta ann faoi láthair ar ionadaithe iad ar chomhlachtaí réigiúnacha nó áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa. Maidir leis na comhaltaí sin:
- cónaíonn siad, oibríonn siad agus toghtar iad sna réigiúin nó sna cathracha as a dtagann siad;
- go bhfuil siad i dteagmháil le hábhair imní a saoránach;
- ina n-urlabhraithe dá bpobail áitiúla atá i gcroílár phróiseas cinnteoireachta agus reachtach an Aontais agus iad a choinneáil ar an eolas faoi fhorbairtí an Aontais.
Ní mór dul i gcomhairle le CnaR le linn an phróisis reachtaigh ina bhfuil Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh rannpháirteach sna réimsí seo a leanas: iompar, fostaíocht, beartas sóisialta, Ciste Sóisialta na hEorpa, oideachas, gairmoiliúint, an óige agus spórt, cultúr, sláinte phoiblí, gréasáin thras-Eorpacha, comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, cistí struchtúracha, comhshaol agus fuinneamh.
Is é CnaR caomhnóir phrionsabal na coimhdeachta freisin. Faoi Chonradh Liospóin, tá sé de cheart aige caingean a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh aon uair a mheasann sé nár urramaíodh an prionsabal.
Glacann CnaR ról dáiríre freisin maidir le nasc a chruthú idir an Eoraip agus a saoránaigh, feachtais faisnéise áitiúla agus réigiúnacha a mhéadú, imeachtaí áitiúla agus ardáin a bhunú le haghaidh líonrú idir réigiúin agus le haghaidh gnólachtaí freisin.
Ar deireadh, tá comhpháirtíocht ghníomhach forbartha aige leis na hinstitiúidí Eorpacha eile.
Dualgais an Ard-Rúnaí
Agus a dhualgais riaracháin á gcomhlíonadh aige bunaithe ar ráiteas misin CnaR agus ar an sainordú a thug ceannaireacht pholaitiúil CnaR, beidh sé de dhualgas ar an Ard-Rúnaí, go háirithe, an méid seo a leanas a dhéanamh:
- bainistíocht den scoth ar an bpearsanra a áirithiú ionas go mbeidh riarachán CnaR dírithe ar an méid seo a leanas: cuidiú leis na comhaltaí an tionchar beartais is mó is féidir a bhaint amach, líonra teagmhálacha agus infheictheachta CnaR a leathnú ar an leibhéal fonáisiúnta, agus cultúr na seirbhíse do na comhaltaí a fhorbairt go leanúnach, go háirithe de réir mar a fhorbraíonn an teicneolaíocht agus na modhanna oibre;
- cúnamh a thabhairt don Uachtarán maidir le cruinnithe an Bhiúró agus an Tionóil Iomlánaigh a ullmhú, nósanna imeachta a urramú agus a áirithiú go ndéanfar cinntí a dhéantar i gcomhréir le Rialacha Nós Imeachta CnaR a chur chun feidhme go cuí;
- cúnamh a thabhairt don Uachtarán ionadaíocht ar leasanna CnaR a ullmhú vis-à-vis na hinstitiúidí agus na comhlachtaí Eorpacha eile agus go hidirnáisiúnta, agus ionadaíocht a dhéanamh ar CnaR i gcás ina bhfuil na leasanna sin ar an leibhéal riaracháin;
- an comhar agus an comhordú is gá a áirithiú i measc ardstiúrthóireachtaí CnaR, agus idirchaidreamh a dhéanamh le hArd-Rúnaithe agus rúnaíochtaí Ghrúpaí Polaitiúla CnaR ag an am céanna;
- tograí a chur faoi bhráid an Bhiúró arb é is aidhm dóibh an ardrúnaíocht a reáchtáil ar bhealach a chuirfidh cúnamh éifeachtach ar fáil do CnaR agus dá chomhlachtaí agus dá chomhaltaí agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu;
- páirt a ghlacadh i gcruinnithe den Bhiúró a bhfuil ról comhairleach acu;
- ullmhú chlár bliantúil agus ilbhliantúil obair CnaR a eagrú;
- maoirseacht a dhéanamh ar obair chomhsheirbhísí CnaR/Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa i gcomhréir leis an gcomhaontú comhair idirinstitiúidigh arna thabhairt i gcrích idir an dá Choiste;
- an comhar a d’fhéadfadh a bheith ann le hinstitiúidí agus comhlachtaí eile an Aontais a uasmhéadú trí chreatchonarthaí idirinstitiúideacha agus comhaontuithe ar leibhéal na seirbhíse, go háirithe le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún Eorpach, i réimsí an leasa choitinn;
- feidhmeoidh sé na cumhachtaí a dhílsítear dó leis na Rialacháin Foirne agus le Rialacha Nós Imeachta CnaR mar Údarás Ceapacháin agus mar Údarás atá Cumhachtaithe chun Conarthaí Fostaíochta a Thabhairt i gCrích;
- dréachtmheastacháin CnaR ar chaiteachas agus ar ioncam a tharraingt suas agus an buiséad a chur chun feidhme i gcomhréir leis na cumhachtaí atá dílsithe dó/di;
- a áirithiú go mbainfear an úsáid is fearr is féidir as na hacmhainní daonna agus airgeadais arna leithdháileadh ar CnaR ag na húdaráis bhuiséadacha mar oifigeach údarúcháin trí tharmligean.