Theresa Sostmann
Theresa.Sostmann@cor.europa.eu
Mar gheall ar chogadh foghach leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, mar aon le bagairtí hibrideacha atá ag dul i méid, tá athrú ó bhonn tagtha ar chur chuige an Aontais i leith na cosanta agus na slándála, rud a chuireann dlús leis an iarracht i dtreo beartas níos freagrúla. Sa chomhthéacs sin, sheol Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) a Mheitheal um Chosaint (WG Defence) go hoifigiúil inniu, chun peirspictíochtaí réigiúnacha agus áitiúla a leabú i gcosaint an Aontais agus chun athléimneacht na hEorpa a neartú trí rannchuidithe críochacha leis an ullmhacht cosanta, leis an gcosaint shibhialta, leis an bhfreagairt ar ghéarchéimeanna agus le tionscal cosanta iomaíoch a chur chun cinn.
Trí fhóram struchtúrtha le haghaidh comhair a chur ar fáil, tá sé d’aidhm ag an Meitheal um Chosaint, faoi chathaoirleacht Fernando López Miras (ES/PPE), Uachtarán Réigiún Murcia, údaráis áitiúla agus réigiúnacha a nascadh le hinstitiúidí an Aontais, malartú dea-chleachtas a chothú, agus tacú le hAontas Eorpach um Chosaint atá níos comhordaithe agus níos éifeachtaí.
Le linn an chruinnithe, bhí malartú tuairimí ag comhaltaí na Meithle maidir leis an staid slándála ina dtoghcheantair, agus chuir siad tionscadail, infheistíochtaí agus dea-chleachtais ábhartha i láthair i réimsí amhail an chosaint shibhialta, an athléimneacht, an chibearshlándáil agus cur i gcoinne na bréagaisnéise. Leagadh béim sa mhalartú ar éagsúlacht na ndúshlán áitiúil agus ar thiomantas coiteann na réigiún agus na gcathracha rannchuidiú le slándáil na hEorpa.
Bhí díospóireacht ag an Meitheal freisin le Klaus Welle, Comhairleoir Speisialta do Andrius Kubilius, an Coimisinéir Eorpach um Chosaint agus um an Spás, a chuir i láthair na tionscnaimh is déanaí ón gCoimisiún Eorpach chun ullmhacht agus tionscal cosanta na hEorpa a neartú. Ba dhíol sásaimh do na comhaltaí uaillmhian an Choimisiúin dlús a chur le comhtháthú cosanta na hEorpa agus leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé go mbeadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach i gcur chun feidhme an chomhtháthaithe cosanta threisithe sin.
Ghlac an Mheitheal um Chosaint a treochlár don tréimhse 2025-2027, lena ndírítear ar na réimsí tosaíochta seo a leanas:
Infheistíochtaí i gcumais chosanta: a chinntiú go neartaíonn cistí an Aontais éiceachórais tionscail réigiúnacha, FBManna, ionaid taighde agus tionscadail dé-úsáide.
Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2028-2034: tacaíocht láidir ar leibhéal an Aontais a áirithiú don chosaint, don tslándáil agus don spás, lena n-áirítear méadú faoi chúig ar leithdháiltí cosanta.
Sásra cosanta sibhialta: athléimneacht an phobail, oiliúint, feasacht na saoránach agus slógadh saorálaithe a neartú ar an leibhéal áitiúil.
Iompar: bonneagar dé-úsáide a uasghrádú, lena n-áirítear conairí iarnróid agus pointí trasnaithe teorann.
Bagairtí hibrideacha a chomhrac: feabhas a chur ar an gcomhar idir na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, na Ballstáit agus institiúidí an Aontais chun ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis a bhrath agus chun freagairt dóibh.
Phléigh na comhaltaí freisin trí thuairim straitéiseacha atá á n-ullmhú faoi láthair laistigh de CnaR:
Ullmhacht Eorpach um Chosaint 2030 – arna cur i láthair ag Ricardo Rio (PT/PPE), Méara Braga
Dearcthaí áitiúla agus réigiúnacha i gcur chun feidhme ProtectEU, an Straitéis nua Eorpach um an tSlándáil Inmheánach – arna cur i láthair ag Anne Rudisuhli (FR/Renew Europe), Comhairleoir Roinne Bouches-du-Rhône
Straitéis an Aontais Eorpaigh um Aontas na hUllmhachta – arna cur i láthair ag María Isabel Urrutia De Los Mozos (ES/PPE), Aire Réigiúnach na hUachtaránachta, Dlí agus Cirt, Slándála agus Simplithe Riaracháin, Rialtas Cantabria
Luaigh
Fernando López Miras (ES/PPE), Uachtarán réigiún Murcia: ‘Tagann seoladh Mheitheal Choiste Eorpach na Réigiún um Chosaint ag tráth cinniúnach. Tá ár gcuspóir soiléir: guth a thabhairt do na réigiúin agus do na cathracha sna díospóireachtaí Eorpacha maidir le cosaint, slándáil, ullmhacht agus athléimneacht. Cuirfimid leis an bpeirspictíocht chríochach, leis an bhfís agus leis an taithí a fhaightear ó rialachas agus ó bhainistiú ár gcathracha agus ár réigiún, ón nasc díreach atá againn leis an gcríoch, ó éiceachórais thionsclaíocha agus nuálaíochta, agus ó na saoránaigh féin. Tuigimid an luach a bhaineann lenár bhfreagracht straitéiseach agus glacaimid léi chun cabhrú le hEoraip níos láidre, níos iomaíche agus níos sláine a thógáil.’
Cúlra
Físeán agus grianghraif ón gcruinniú
Bhunaigh Biúró Choiste Eorpach na Réigiún an Mheitheal um Chosaint an 1 Aibreán 2025, chun machnamh a dhéanamh ar rannchuidiú na n-údarás áitiúil agus réigiúnach le hailtireacht athraitheach slándála agus cosanta an Aontais Eorpaigh agus chun an rannchuidiú sin a chur chun cinn.
Bunaíodh an Mheitheal um Chosaint tar éis don Chomhairle Eorpach a iarraidh ar an Eoraip freagracht níos mó a ghlacadh as a slándáil féin tar éis chogadh foghach leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus bagairtí hibrideacha atá ag dul i méid. Feidhmeoidh an Mheitheal mar ardán le haghaidh comhar idirinstitiúideach le Coiste Slándála agus Cosanta Pharlaimint na hEorpa (SEDE), le Grúpa Tionscadail an Choimisiúin Eorpaigh um Chosaint, agus le comhpháirtithe institiúideacha agus críochacha eile.
Teagmháil
Theresa Sostmann
Teil: +32475999415
Theresa.Sostmann@cor.europa.eu
Spain
Comhalta
President of the Region of Murcia
Portugal
Comhalta
Mayor of Braga
France
Comhalta
Departmental Councillor of Bouches-du-Rhône
Comhalta malartach
Regional Minister for the Presidency, Justice, Security and Administrative Simplification, Government of Cantabria