Ângela Machado
angela.machado@cor.europa.eu
Tá Ráthaíocht do Leanaí arna cur chun feidhme go maith lena n-áirithítear rochtain ar sheirbhísí riachtanacha agus ar shochair linbh ríthábhachtach chun folláine leanaí a chur chun cinn.
Chun bochtaineacht leanaí a dhíothú, ní mór don Aontas €20 billiún ar a laghad a ghealladh do Ráthaíocht Eorpach láidir do Leanaí, agus bogadh níos faide ná sochair airgeadais scoite do leanaí i dtreo creat beartais lena ráthaítear rochtain do leanaí ar thithíocht, ar chúram sláinte, ar oideachas agus ar bhia, a dúirt Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) i sraith moltaí a glacadh ag an seisiún iomlánach a bhí aige an 5 Márta.
Sa tuairim faoi stiúir Fauzaya Talhaoui (BE/PSE), Uachtarán Chomhairle Chúige Antuairp, thug ceannairí áitiúla agus réigiúnacha rabhadh, in ainneoin na n-iarrachtaí leanúnacha, go bhfuil bochtaineacht leanaí san Aontas fós forleathan agus i gcásanna áirithe go bhfuil sí ag dul in olcas, agus go bhfuil beagnach leanbh amháin as gach ceathrar — 19.5 milliún leanbh in 2024 — i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta. Chuir siad i bhfios go láidir nach mbrisfidh tacaíocht airgeadais amháin timthriallta idirghlúine na bochtaineachta agus an neamhionannais.
Iarradh ar cheannairí áitiúla agus réigiúnacha a n-ionchur a fháil ó Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh, atá faoi chathaoirleacht na Cipire faoi láthair. Is gealltanas ó Bhallstáit an Aontais í an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí chun a chinntiú go mbeidh rochtain ag gach leanbh san Eoraip atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta ar na cearta is bunúsaí amhail cúram sláinte agus oideachas.
Chuir comhaltaí CnaR i bhfios go láidir nach mór caitheamh le beartais maidir le dea-bhail leanaí mar infheistíochtaí sóisialta fadtéarmacha atá ríthábhachtach d’athléimneacht agus do chomhtháthú sóisialta an Aontais. D’iarr siad go mbeadh cur chuige comhtháite beartais ann lena gcomhcheanglaítear tacaíocht leordhóthanach ioncaim le rochtain éifeachtach ar sheirbhísí bunriachtanacha amhail oideachas ardcháilíochta, cúram sláinte, tithíocht, cothú agus seirbhísí luath-óige, i gcomhréir leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí. Chuir siad i dtábhacht freisin gur cheart go bhfaigheadh leanaí atá i staideanna leochaileacha sochair uilíocha leanaí arna gcomhlánú le tacaíocht bhreise spriocdhírithe.
Chuir na réigiúin agus na cathracha in iúl go bhfuil an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí ríthábhachtach chun rochtain éifeachtach leanaí ar na seirbhísí riachtanacha a áirithiú agus thathantaigh siad ar an gCoimisiún Eorpach €20 billiún ar a laghad a leithdháileadh sa chéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais, le haghaidh 2028-34, chun tacú lena chur chun feidhme, agus chuir siad i bhfios go láidir nár cheart an dul chun cinn atá déanta aici a lagú trí acmhainní an Aontais a aistriú. D’iarr siad freisin go mbeadh Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) ann atá láidir agus dea-mhaoinithe, atá sainiúil agus inaitheanta laistigh den Bheartas Comhtháthaithe, príomhionstraim an Aontais chun infheistíocht a dhéanamh i ndaoine, chun an bhochtaineacht a chomhrac agus chun comhtháthú sóisialta agus críochach a chosaint.
Chuir CnaR i bhfios go láidir gur minic gurb iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha na chéad údaráis a shainaithníonn leochaileachtaí atá ag teacht chun cinn agus cineálacha bochtaineachta leanaí agus a sholáthraíonn réitigh ar an láthair, agus d’iarr sé go mbeidís rannpháirteach i gceapadh, i gcur chun feidhme agus i bhfaireachán na mbeart a bhaineann le leanaí, lena n-áirítear Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta maidir le Ráthaíocht do Leanaí agus an Straitéis Frithbhochtaineachta a bheidh ann amach anseo. Ina theannta sin, d’iarr na comhaltaí go mbeadh rialachas il-leibhéil níos láidre, faireachán críochach agus comhar níos dlúithe ann idir institiúidí an Aontais, na Ballstáit agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun a áirithiú go sroichfidh an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí na leanaí is leochailí go héifeachtach.
Chun an taithí áitiúil agus réigiúnach a nascadh ar bhealach níos fearr le ceapadh beartais an Aontais agus chun réitigh éifeachtacha áitbhunaithe a mhéadú ar fud an Aontais, d’iarr tionól na gceannairí áitiúla agus réigiúnacha ar an gCoimisiún Eorpach, i gcomhar le Parlaimint na hEorpa, comhordaitheoir tiomnaithe de chuid an Aontais a cheapadh don Ráthaíocht Eorpach do Leanaí agus feabhas a chur ar fhaireachán trédhearcachta agus ar chuntasacht an chaiteachais phoiblí do leanaí trí ‘mharcóir leanaí’ a thabhairt isteach chun buiséid an Aontais agus buiséid náisiúnta a rianú.
Luaigh:
Rapóirtéir Fauzaya Talhaoui (BE/PSE), Uachtarán Chomhairle Chúige Antuairp: “Tá beagnach 20 milliún leanbh san Eoraip i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta. Má táimid dáiríre faoi thimthriallta idirghlúine na bochtaineachta a bhriseadh, ní mór dúinn a ráthú go mbeidh rochtain éifeachtach ag gach leanbh ar thithíocht, ar chúram sláinte, ar oideachas ar ardchaighdeán agus ar chothú. Ní mór an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí a chistiú go hiomlán agus a chur chun feidhme i gceart, le €20 billiún ar a laghad sa chéad bhuiséad eile de chuid an Aontais agus CSE+ láidir infheicthe i gcroílár an bheartais chomhtháthaithe. Ní costas é infheistíocht a dhéanamh i leanaí — is í an infheistíocht is straitéisí is féidir leis an Eoraip a dhéanamh ina hathléimneacht, ina comhtháthú sóisialta agus ina todhchaí.”
Cúlra
Teagmháil:
Ângela Machado
Teil: +32 475 41 31 58
angela.machado@cor.europa.eu
Belgium
Comhalta
President of the Council of the Province of Antwerp