Germany
Heike RAAB
Comhalta
State Secretary, Rhineland Palatinate State Government
Tá CnaR ag iarraidh go mbeadh cur chuige ‘sábháilteachta trí dhearadh’ ann, go ndéanfaí measúnuithe tionchair éigeantacha ar chearta leanaí agus go mbeadh ról ceannasach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i litearthacht sna meáin.
Níl an spás digiteach sábháilte go leor do leanaí agus do dhaoine óga, agus ba cheart gur ar ardáin agus ar rialtóirí, seachas ar mhionaoisigh iad féin, a thitfeadh an fhreagracht as aghaidh a thabhairt ar an gcás sin. Is í seo an phríomhchonclúid a baineadh as an tuairim Cosaint na hÓige agus na Mionaoiseach sa tSféar Digiteach, arna dréachtú ag an rapóirtéir Heike Raab (DE/PSE), Státrúnaí Rialtas Dhúiche na Réine agus na Palaitíneachta, a glacadh d’aon toil ag seisiún iomlánach Choiste Eorpach na Réigiún an 6 Bealtaine 2026.
Cé go n-aithníonn CnaR go gcuireann an digitiú leis an rochtain ar fhaisnéis, go gcothaíonn sé an chruthaitheacht, agus go n-éascaíonn sé an rannpháirtíocht trasteorann, tá rabhadh á thabhairt ag CnaR go gcuireann sé leis an dochar agus leis na rioscaí ag an am céanna. Tá méadú tagtha ar an nochtadh don ghríosú chun fuatha le blianta beaga anuas, tá an chibearbhulaíocht ina cúis le leanaí tarraingt siar ón saol sóisialta, agus baineann an bhréagaisnéis an bonn de rannpháirtíocht mionaoiseach i bpróisis dhaonlathacha. Ina theannta sin, cuireann domhainbhrionnuithe agus botaí comhrá arna gcruthú ag IS giniúnach sraith bhreise riosca leis nach bhfuil aghaidh leordhóthanach tugtha go fóill ag na creataí rialála atá ann cheana.
Dearbhaíonn na cathracha agus na réigiúin gur cuid den fhadhb é dearadh na n-ardán féin. Déanann algartaim mholta theimhneacha agus sásraí idirghníomhaíochta andúile d’aon ghnó dochar díreach do mhionaoisigh. Iarrtar sa tuairim go mbeadh bearta rialála ann chun toirmeasc nó srian a chur ar chleachtais lena spreagtar andúil, amhail ‘boscaí fola’ i bhfíschluichí, agus éilítear inti go mbeadh sásraí deartha lena gcuirtear úsáid éigeantach chun cinn go hiomlán trédhearcach.
Ní mór na hardáin a bheith cuntasach go soiléir agus go héifeachtach
Dar le CnaR, tá líon beag soláthraithe idirnáisiúnta i gceannas ar an margadh, agus baineann siad tairbhe as córas dliteanais fabhrach nach bhfágann mórán freagracht dhlíthiúil dhíreach as ábhar. Éilíonn na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha go gceartófaí an éagothroime sin agus go ndiúltófaí go daingean d’aon aistriú freagrachta chuig mionaoisigh. Diúltaíonn siad freisin do thoirmisc ghinearálta ar líonraí sóisialta, rud a chuirfeadh srianta ar chearta daoine óga chun faisnéise, príobháideachais agus rannpháirtíochta. Ní féidir toirmeasc aoisbhunaithe a chur in ionad oibleagáidí bríocha d’ardáin nó ceanglais maidir le ‘sábháilteacht trí dhearadh’.
Mar sin féin, is léir ón tuairim nach bhfuil rialáil aoisbhunaithe agus cuntasacht ardáin comheisiach. Aithníonn Coiste na Réigiún, ar bhonn fíorú éigeantach aoise, go bhféadfaí aois íosta 14 bliana a bheartú chun rochtain a fháil ar sheirbhísí áirithe meán sóisialta, mar aon le caighdeáin deartha in-fhorfheidhmithe atá oiriúnach ó thaobh aoise de d’ardáin a fhreastalaíonn ar úsáideoirí suas le 16 bliana d’aois. Seachas ionstraim dhoiléir, cuireann CnaR an méid sin i láthair mar fhreagairt spriocdhírithe chomhréireach ar riachtanais shonracha chosanta na n-aoisghrúpaí éagsúla.
Is díol sásaimh do chomhaltaí CnaR go bhfuil an Eoraip ar thús cadhnaíochta sa rialáil le hionstraimí amhail Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc (AVMSD) agus an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA), ach molann siad forfheidhmiú rialála comhsheasmhach. I ndáil leis an méid sin, áitíonn siad go gcuirfear Airteagail 28 agus 34 den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha i bhfeidhm go dian ar ardáin mhóra agus iarrann siad go ndéanfaí soiléiriú ar thosaíocht AVMSD ar an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha maidir le hábhar na meán. Iarrtar freisin measúnuithe tionchair éigeantacha ar chearta leanaí le haghaidh na seirbhísí digiteacha uile.
Maidir le cosaint theicniúil, agus i gcomhréir leis an gcur chuige a ghlac an Coimisiún Eorpach, tacaíonn cathracha agus réigiúin le córais fíoraithe aoise mar réiteach éifeachtach, ar choinníoll go bhfuil siad comhréireach agus go n-urramaíonn siad an príobháideachas go hiomlán, agus nach n-eisiatar grúpaí leochaileacha leo. Iarrann siad freisin ar na Ballstáit rialacha AVMSD maidir le tionchairí a chur chun feidhme. Ní mór d’ardáin cur chuige ‘sábháilteacht trí dhearadh’ a ghlacadh a bheidh saincheaptha do mhionaoisigh, lena gcuirfear deireadh le patrúin dhorcha amhail uathsheinm gan teorainn, fógraí ionramhála, agus lúba luaíochta.
Údaráis áitiúla — comhpháirtithe chun litearthacht sna meáin a fheabhsú
Sainaithnítear sa tuairim na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha mar phríomhghníomhaithe agus mar phríomhiolraitheoirí chun litearthacht sna meáin a neartú agus a chur chun cinn. Is féidir le héagothromaíochtaí críochacha sa nascacht, sa litearthacht dhigiteach, agus sa rochtain ar sheirbhísí comhairleacha agus tacaíochta rioscaí a ghéarú i réigiúin uirbeacha agus thuaithe araon, chomh maith leo siúd a bhfuil laigí struchtúracha acu, rud a fhágann go bhfuil neamhionannais shóisialta ag dul in olcas. Ní mór na difríochtaí sin a chur san áireamh in aon bheart de chuid an Aontais.
Leagann CnaR béim ar an ngá atá le feasacht leanaí a mhúscailt maidir leis na deiseanna, ach freisin maidir leis na rioscaí sa réimse digiteach agus iarrann sé go ndéanfaí treoirlínte do mhúinteoirí maidir leis an mbréagaisnéis a athbhreithniú agus a neartú.
Chuir Glenn Micallef, an Coimisinéir um Chothroime Idirghlúine, um an Óige, um Chultúr agus um Spórt, a ghlac páirt sa díospóireacht le linn an tseisiúin iomlánaigh, i bhfios go láidir gur freagracht shochaíoch anois é daoine óga a chosaint sa timpeallacht dhigiteach, rud atá ríthábhachtach chun tacú le mionaoisigh agus, i gcásanna áirithe, chun beatha daoine a shábháil. Chuir sé i bhfios go láidir gur cheart an cuspóir sin a shaothrú trí thrí phríomhréimse: rialáil, cosc agus cumhachtú.
Luaigh
Rapóirtéir Heike Raab (DE/PSE), Státrúnaí Rialtas Dhúiche na Réine agus na Palaitíneachta agus Cathaoirleach Choimisiún SEDEC: “Tá ár saol á mhúnlú ag teicneolaíochtaí digiteacha, lena n-áirítear saol ár leanaí. Ba mhaith linn go mbainfeadh siad leas as na nuálaíochtaí seo, ach ní mór dúinn iad a chosaint ar chontúirtí an idirlín freisin. Tá úsáid seirbhísí digiteacha atá oiriúnach ó thaobh aoise de agus litearthacht fheabhsaithe sna meáin ríthábhachtach dár gcathracha agus dár réigiúin. Ní mór do na hardáin freagracht a ghlacadh.”
Glenn Micallef, an Coimisinéir um Chothroime Idirghlúine, an Óige, Cultúr agus Spórt: “Ní sheolfaimis leanaí isteach in uisce domhain riamh sula bhfoghlaimeoidís snámh. Mar sin, cén fáth ar cheart dúinn ligean dóibh an domhan digiteach a nascleanúint gan na huirlisí chun é sin a dhéanamh go sábháilte? Sin é an fáth nach mór dúinn infheistíocht a dhéanamh sa litearthacht dhigiteach do leanaí, do thuismitheoirí agus d’oideoirí.’
Cúlra
Teagmháil:
Víctor Moreno Morales de Setién
Teil: +32 475999662
victor.morenomoralesdesetien@cor.europa.eu
Germany
Comhalta
State Secretary, Rhineland Palatinate State Government