Poland
Piotr CAŁBECKI
Comhalta
Councillor of the Kujawsko-Pomorskie Voivodeship
Molann ceannairí áitiúla agus réigiúnacha cur chuige cuimsitheach chun glúnta nua a thabhairt isteach san fheirmeoireacht.
Le linn a Sheisiúin Iomlánaigh an 1 Iúil, ghlac Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) d’aon toil a sheasamh maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) don tréimhse 2028-2034, agus d’iarr sé go mbeadh ról níos láidre ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, go mbeadh córas tacaíochta ioncaim cothrom intuartha ann d’fheirmeoirí, agus go mbeadh cur chuige cothrom ann maidir le cuspóirí eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta chun athnuachan ó ghlúin go glúin a áirithiú.
Tá ról ríthábhachtach ag údaráis réigiúnacha agus áitiúla maidir le beartais talmhaíochta a phleanáil, a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu agus is iad is fearr atá in ann freagairt do riachtanais agus do dhúshláin chríochacha an-éagsúil. Dá bhrí sin, iarrtar sa tuairim, faoi stiúir chathaoirleach an choimisiúin um acmhainní nádúrtha (NAT) in CnaR, Piotr Całbecki (PL/PPE), Uachtarán Réigiún Kujawsko-Pomorskie, go mbeadh na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla rannpháirteach go foirmiúil agus go fóinteach i rialachas na bPleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnacha (NRPPanna). Tá na réigiúin agus na cathracha ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach socruithe comhpháirtíochta a neartú, feabhas a chur ar an gcomhairliúchán le páirtithe leasmhara réigiúnacha agus áitiúla, agus measúnuithe tionchair chríochaigh a fhorbairt.
Athdhearbhaítear sa tuairim freisin a thábhachtaí atá sé líontán sábhála láidir agus cothrom a choinneáil d’fheirmeoirí ar fud an Aontais. Is díol sásaimh di an tacaíocht ioncaim chéimlaghdaitheach limistéarbhunaithe atá beartaithe, lena laghdaítear íocaíochtaí díreacha in aghaidh an heicteáir de réir mar a mhéadaíonn méid na feirme. Tá CnaR ag iarraidh go ndéanfaí sainmhíniú níos soiléire ar an gcoincheap ‘feirmeoir gníomhach’ agus go gcuirfí íocaíochtaí athdháilte chun feidhme, i gcomhréir leis an dréacht-tuarascáil maidir le CBT Nobert Lins (DE/PPE), Feisire de Pharlaimint na hEorpa, tar éis 2027. Cuideoidh na héilimh sin le héagothromaíochtaí a laghdú agus tacóidh siad le feirmeoirí óga, feirmeacha beaga teaghlaigh agus feirmeacha atá ag feidhmiú i limistéir a bhfuil srianta nádúrtha ag bagairt orthu.
Leagann na ceannairí áitiúla agus réigiúnacha béim ar an ngá atá le héagothromaíochtaí iomarcacha sna leibhéil tacaíochta idir na Ballstáit agus na réigiúin a chosc, agus rabhadh á thabhairt acu go bhféadfadh difríochtaí den sórt sin an iomaíocht laistigh den mhargadh aonair a shaobhadh. Ba cheart níos mó solúbthachta a thabhairt isteach chun tacaíocht a chumasú chun freagairt níos fearr do riachtanais athraitheacha feirmeoirí a eascraíonn as an aimsir, as lotnaidí agus as dálaí an mhargaidh.
Tugann na réigiúin rabhadh breise i gcoinne ceanglais chómhaoinithe náisiúnta iomarcacha le haghaidh bearta agra-chomhshaoil a d’fhéadfadh infheistíocht a dhíspreagadh, go háirithe i mBallstáit a bhfuil srian airgeadais orthu, agus molann siad cur chuige cothrom i leith ghné chomhshaoil agus shóisialta CBT.
Cé gur díol sásaimh dóibh bearta chun folláine agus sábháilteacht cheirde feirmeoirí a fheabhsú, molann ionadaithe áitiúla agus réigiúnacha creat coinníollachta sóisialta níos uaillmhianaí agus cosaint níos láidre d’oibrithe talmhaíochta. Sa dara tuairim atá dírithe ar athnuachan ó ghlúin go glúin sa talmhaíocht, faoi stiúir Emiliano García-Page Sánchez (ES/PSE), Uachtarán Rialtas Phobal Féinrialaitheach Castile-La Mancha, iarrtar gealltanas airgeadais daingean ceangailteach d’fheirmeoirí óga, agus béim á leagan ar iontrálaithe nua, ar ghabháltais bheaga agus ar shamhlacha feirmeoireachta inbhuanaithe. Cuirtear i dtábhacht sa tuairim ó CnaR, áfach, nach féidir athnuachan ó ghlúin go glúin a bhaint amach trí thacaíocht airgeadais amháin. Éilíonn sé infheistíocht ní hamháin i seirbhísí poiblí, oideachas agus oiliúint ar ardchaighdeán, ach freisin i gcúram leanaí, cúram sláinte, tacaíocht mheabhairshláinte, tithíocht, nascacht dhigiteach agus soghluaisteacht. Dá bhrí sin, tá CnaR ag iarraidh go mbeadh cur chuige críochach ann lena dtabharfaí de chumhacht do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha réitigh shaincheaptha a fhorbairt, rochtain ar thalamh, ar mhaoiniú agus ar sheirbhísí comhairleacha a éascú, agus tacú le feirmeoirí óga, le mná agus le hiontrálaithe nua.
Sleachta
Rapóirtéir Piotr Całbecki (PL/PPE), Uachtarán Réigiún Kujawsko-Pomorskie: “Más mian linn go n-éireoidh le hathchóiriú CBT, ní mór dúinn é a thógáil in éineacht le feirmeoirí i ngach sráidbhaile Eorpach. Ina n-éagmais sin, ní chruthófar leis an athchóiriú ach níos mó maorlathais, rud a chuirfidh bac ar infheistíocht, ar nuálaíocht agus ar thodhchaí thalmhaíocht na hEorpa.’
Rapóirtéir: Emiliano García-Page Sánchez (ES/PSE), Uachtarán Rialtas Phobal Féinrialaitheach Castile-La Mancha: “Ní fhéadfaí a shamhlú go ndéanfadh an Eoraip, tar éis na mblianta fada d’infheistiú na billiúin euro ina hearnáil phríomhúil, a cúl a thabhairt anois maidir le biafhlaitheas a bhaint amach.”
Cúlra
Teagmháil:
Hélène Dressen
Teil: +32 471502795
Poland
Comhalta
Councillor of the Kujawsko-Pomorskie Voivodeship
Comhalta
President of the Government of the Autonomous Community of Castile-La Mancha